Beathaisnéis an Aire Stáit, Paul Kehoe, T.D.

Is as Inis Córthaidh, Co. Loch Garman é Paul Kehoe. A toghadh chuig Dáil Éireann in 2011 é tar éis dó ionadaíocht a dhéanamh ar dháilcheantar Loch Garman ó 2002. Ceapadh mar Phríomh-Aoire an Rialtais é an 9 Márta 2011.

Toghadh é chuig an Dáil don chéad uair i mí na Bealtaine 2002 agus ceapadh mar Phríomh-Aoire Fhine Gael é i mí Dheireadh Fómhair 2004.

Bhí sé mar leas-urlabhraí ar Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha ó Mheitheamh 2002 go dtí Deireadh Fómhair 2004. D'fhóin sé chomh maith mar Phríomh-Aoire Cúnta Fhine Gael.

Is iar-Oifigeach don Aos Óg le CLG Loch Garman é agus iar-Chathaoirleach ar Mhacra na Feirme (bhain sé Gradam Ceannaireachta Náisiúnta Mhacra na Feirme amach) agus bhí sé ina chathaoirleach ar Fhleadh Cheoil na hÉireann Inis Córthaidh.

Tá sé ina chomhalta de chumann tacadóirí CLG Loch Garman agus d'Iontaobhas Oilithreachta na Leanaí.

Tá sé ina chomhalta d'Fhine Gael ó bhí sé óg agus bhí sé ina oifigeach ar roinnt bhrainsí, lena n-áirítear Cathaoirleach Dúiche agus Oifigeach Óige an Chontae.