Clár Reachtach do Sheisiún Parlaiminte an Fhómhair
POIST A CHRUTHÚ AGUS AN GEILLEAGAR A CHUR AR A CHOSA ARÍS AR PHRÍOMH-THOSAÍOCHTAÍ AN RIALTAIS AN FÓMHAR SEO.
D’fhógair an Príomh-Aoire, an tAire Paul Kehoe T.D., an Clár Reachtach do Sheisiún Parlaiminte an Fhómhair inniu.
I ndiaidh an fhógra dúirt an tAire Kehoe:
“Poist a chruthú agus an geilleagar a chur ar a chosa arís príomhthosaíochtaí an Rialtais. Dírítear sa Chlár Reachtach an Fhómhair a fógraíodh inniu ar an reachtaíocht sin atá riachtanach le téarnamh eacnamaíochta a bhaint amach. Mar chuid den chlár seo tá sé i gceist ag an Rialtas 30 Bille a fhoilsiú roimh dheireadh 2011”
“Tá an Rialtas seo, i gcomórtas leis an Rialtas a bhí ann roimhe, diongbháilte aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíochta atá romhainn chomh maith leis na cinntí deacra a chaithfear a dhéanamh a dhéanamh agus a léiriú do mhuintir na hÉireann go bhfuilimid aontaithe ó thaobh cuspóra agus ceannaireachta.
“Le linn théarma na Dála seo foilseoimid reachtaíocht le rialú a dhéanamh ar ghairm an dlí, le dul i ngleic le hathbhreithnithe cíosa nach ndéantar ach cíos a ardú, le scéim barrántais creidmheasa do ghnónna a thabhairt isteach, le cur le dlí na hiomaíochta a fhorfheidhmiú, le scéim nua amháin pinsin a chur ar fáil d’iontrálaithe nua sa tseirbhís phoiblí, le creat rialaithe na gComhar Creidmheasa a láidriú agus le bun reachtach a chur faoi fhreagracht fioscach”.
“Chomh maith le clár eacnamaíochta beidh tosaíocht á thabhairt ag an Rialtas freisin do reachtaíocht le:
- Leanaí a chosaint,
- Coimisiún Comhionannais agus Cearta Daonna a bhunú,
- Reachtaíocht leasa ainmhnithe a thabhairt cothrom le dáta,
- Athchóiriú toghcháin a thabhairt isteach agus
- Cur le sábháilteacht ar bhóithre.”
“Sa Chlár Reachtach a foilsíodh inniu tá cothromaíocht idir riachtanais eacnamaíochta, gealltanais an Chláir Rialtais chomh maith le tiomantais AE/IMF. Cé gur téarnamh eacnamaíocha príomhfhócas an Rialtas chomh maith le poist a chruthú beidh aghaidh á thabhairt freisin ar shaincheisteanna ríthábhachtacha eile nach mbaineann leis an ngeilleagar ar nós cosaint leanaí.”