Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh Na hÉireann

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann ag Droichead na hInse tíoclachta i gcuimhne ar na 49,400 saighdiúir as Éirinn a bhásaigh idir 1914-1918 sa Chéad Chogadh Domhanda


Na Gairdíní

Ba é Sir Edwin Lutyens a leag amach na gairdíní agus is léir a stíl dínite shimplí.  Clúdaíonn siad thart ar ocht heicteár ar an taobh ó dheas den Life, trasna beagnach ón Daingean Airm i bPáirc an Fhionnuisce agus thart ar thrí chiliméadar ó lár Bhaile Átha Cliath.

Tar éis cruinnithe de thart ar chéad ionadaí ó gach pháirt d’Éirinn a tionóladh i mBaile Átha Cliath an 17 Iúil 1919 aontaíodh gur chóir Cuimhneachán buan a thógáil i gcuimhne ar na fir agus na mná sin as Éirinn a maraíodh sa Chéad Chogadh Domhanda  agus ceapadh Coiste Cuimhneacháin le ciste a chur le chéile agus leis an aidhm a bhaint amach. Moladh roinnt scéimeanna lena n-áirítear lárChuimhneachán i gCearnóg Muirfean ach frítheadh amach nárbh fhéidir iad a dhéanamh nó go raibh fadhbanna dlí ag baint leo. Ní dhearnadh aon dul chun cinn go dtí in 1929 nuair a mhol Rialtas na hÉireann gur chóir Páirc chuimhneacháin a dhéanamh ar shuíomh ar a dtugtaí Longmeadows ar bhruacha na Life. Mar chuid den scéim bheadh páirc phoiblí a dhéanfaí ar chostas an Rialtais agus ina mbeadh Gairdín Cuimhneachán agus Cuimhneachán Cogaidh a d’íocfaí as cistí an Choiste Cuimhneacháin.  Tosaíodh ar thógáil líne-shlí na páirce a bhí thart ar 60 heicteár ó Dhroichead na hInse go Séipéal  Iosóid in 1931 agus thóg thart ar dhá bhliain le déanamh.

Leagadh amach na Gairdíní Cuimhneacháin idir 1933 agus 1939.  Bhí leath den fhórsa oibre comhdhéanta d’iar shaighdiúirí de chuid Arm na Breataine agus an leath eile d’iar-shaighdiúirí as Arm na hÉireann.

An Dearthóir Tírdhreacha

Rinneadh Sir Edwin Lutyens (1869-1944), an t-ailtire agus tírdhearthóir mór le rá as an mBreatain a choimisiúnú chun an dearadh a ullmhú.  Bhí eolas ag Lutyens ar Éirinn, d’oibrigh sé roimhe sin ar Reachrainn i gCo. Bhaile Átha Cliath do Lord Revelstoke, ag Caisleán Bhinn Éadair do T.J. Gainsford-St Lawrence agus ag

Heywood, Co. Laoise, don Choirnéal agus Bean Hutcheson Poe.  Is iad Oifig na nOibreacha Poiblí atá anois ag reáchtáil Heywood. Is sampla an-mhaith iad na gairdíní de shiméadracht chlasaiceach agus d’fhoirmiúlacht  agus aithnítear go forleathan  go bhfuil an coincheap do Dhroichead na hInse  ar cheann de na cinn is fearr i measc na n-iliomad cuimhneachán cogaí a chruthaigh sé ar fud an domhain. Is léiriú é an gean a bhí aige ar ábhar áitiúil agus an mothú éagsúil i ‘bpáirteanna’ éagsúla  de na gairdíní ar an mbarrfeabhas a bhain leis mar ealaíontóir.