Cóipcheart agus Séanadh

Cóipcheart

Tá an t-ábhar atá á léiriú ar an láithreán seo faoi réir cóipchirt Rialtais, de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Féadfar an t-ábhar a íoschóipeáil  chuig comhad nó chuig printéir le haghaidh úsáide pearsanta amháin. I gcás ina mbítear ag eisiúint an ábhair seo do dhaoine eile, ní mór an foinse (lena n-áirítear URL) agus an stádas cóipchirt a lua agus a aithint.

Maidir leis an gcead le hábhar cóipchirt Rialtais a atáirgeadh, ní chlúdaíonn sé aon ábhar ar an láithreán seo arbh fhéidir gur maoin í de chuid tríú páirtí. Ní mór an t-údarú chun an t-ábhar sin a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann.

Séanadh

Tá a bhfuil sna leathanaigh seo á soláthar mar threoir faisnéise amháin. Tá siad ceaptha cur le rochtain an phobail ar eolas nó faisnéis faoin Rialtas agus faoina chuid Ranna. Ainneoinn go ndéantar gach dícheall le linn ábhar a ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlacann an Stát aon fhreagracht air féin ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar ceann an Stáit as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon láithreán a bhfhuil ceangal ag na leathanaigh seo leo.

Ainneoin go ndéantar gach dícheall d'fhonn iontaofacht na láithreán liostaithe a chinntiú, ní fhéadfar glacadh leis sin mar dhearbhú i leith na láithreán sin.

Príobháideacht

Tugann an Roinn urraim do chearta a cuid úsáideoirí agus, tríd is tríd, ní bhailíonn sí eolas nó faisnéis phearsanta de chineál ar bith. Nuair a chuireann úsáideoir eolas pearsanta ar fáil ar bhonn saorálach mar fhreagairt ar cheistneoir nó ar shuirbhé, is chun críocha taighde nó anailíse amháin a bhainfear úsáid as.

I gcás gnáthbhrabhsála gréasáin ní dhéantar aon eolas pearsanta a nochtadh dúinn, cé go mbíonn eolas staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. Féadfaidh sé go mbeidh na nithe seo a leanas ar áireamh san eolas sin:

  • Seoladh loighciúil an tseirbheálaí atá tú a úsáid
  • An t-ainm domhnais uasleibhéil óna mbíonn teacht agat ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.)
  • An cineál brabhsálaí atá tú a úsáid
  • An dáta agus an t-am a dtagann tú ar ár láithreán
  • An seoladh idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár láithreán

Baintear úsáid as cuid den eolas sin thuas chun staitisticí achoimre a chruthú lena bhfágtar an deis againn teacht ar an líon cuairteoirí ar ár láithreán, na leathanaigh sin is minice a dhírítear orthu a aithint agus, tríd is tríd, le cuidiú linn ár láithreán a dhéanamh níos furasta a úsáid.