Léim Thar an Nascleanúint
|
Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
|
Léarscáil Láithreáin
|
Teagmháil
|
English
Tá tú anseo:
Baile
>>
Crios na hÓige
>>
Arbh eol duit?
Baile
An Taoiseach agus an Rialtas
An Preas-Oifig
Foilseacháin
Roinn an Taoisigh
Tascfhórsa Nuálaíochta
Anailís Tionchair Rialála & Reachtaíocht Ghaolmhar
Scéim na dTeangacha Oifigiúla
Do Thuairimí
Crios na hÓige
Tráth na gCeist
Ról an Taoisigh agus an Rialtais
Maidir leis an mBunreacht, an Bhratach, an tAmhrán Náisiúnta agus an Chruit
Maidir le Tithe an Rialtais
Ceisteanna Coitianta
Arbh eol duit?
Cairt do Chustaiméirí
Athúsáid Eolais Seirbhíse Poiblí
Boird Stáit
EUjobs
Mearnaisc...
Clár Athbhreithnithe Eagraíochtúil
Foilseacháin na Roinne
Rialáil Níos Fearr - Láithreán Gréasáin
Rialtas Níos Fearr - Láithreán Gréasáin
Comhpháirtíocht na hÉireann - Talamh an Éisc
Páipéar Uaine um Phinsin
Leagan furasta le priontáil
An raibh a fhios agat ...
Go raibh deichniúr Éireannach ann a bhuaigh duaiseanna Nobel:
William Butler Yeats (Litríocht)
George Bernard Shaw (Litríocht)
Ernest Thomas Sinton Walton (comhbhuaiteoir) (Fisic)
Samuel Beckett (Litríocht)
Seán Mac Giolla Bríde (Síocháin)
Mairéad Corrigan agus Betty Williams (Síocháin)
Séamus Heaney (Litríocht)
John Hume & David Trimble (Síocháin)
Scríobh Samuel Beckett an dráma is giorra ar domhan, Breath. Ní mhaireann sé ach 30 soicind.
Is é Corrán Tuathail i gCo. Chiarraí an sliabh is airde is Éirinn
Is í an tSionainn an abhainn is faide in Éirinn
Is é Loch nEathach an loch is faide in Éirinn
Is é eas Chúirt an Phaoraigh an t-eas is airde in Éirinn.
Is é Achadh Céide i dtuaisceart Cho. Mhaigh Eo an séadchomhartha clochaoise is fairsinge ar domhan.
Is iad Eanáir agus Feabhra na míonna is fuaire in Éirinn, is iad Iúil agus Lúnasa is teo, agus is iad Bealtaine agus Meitheamh is grianmhaire.
Is í Éire an t-oileán is faide siar san Eoraip.
Is é 302 míle (486 km) an fad is mó aduaidh ó dheas in Éirinn agus is é 171 míle (275 km) an fad is mó aniar soir.
Is é 1,970 míle (3,169 km) fad iomlán líne an chósta in Éirinn.
Rinne pobal na hÉireann Bunreacht na hÉireann a achtú an 1 Iúil 1937.
Chuaigh Éire isteach i gCEE an 1 Eanáir 1973.
Ocht litir déag atá - go traidisiúnta - in aibítir na Gaeilge (abcdefghilmnoprstu)
Tá 70 milliún duine ar fud an domhain a mhaíonn gur de shliocht Éireannach iad.
Bhaist Julius Caesar an t-ainm hibernia ar Éirinn sa chéad aois R.Ch.
Deirtear gur tháinig Bréanainn Naofa, manach as Éirinn, ar Mheiriceá roimh aimsir Chríostóir Colambas.
Deirtear gur as James Fitzstephen Lynch a ainmníodh an rud ar a dtugtar lynch-law. Bhí an Loingseach ina mhéara agus ina bhardach ar chathair na Gaillimhe agus chuir sé triail ar a mhac féin agus chuir sé chun báis é in 1493.
Ba é Mike Quill as Contae Chiarraí bunaitheoir agus céad uachtarán idirnáisiúnta Aontas Oibrithe Iompair Mheiriceá (1934).
I mBaile Átha Cliath i 1769 a saolaíodh Arthur Wellesley, céad diúc Wellington, arbh é a bhua i gCath Waterloo buaic a réime míleata.
Ba é James Hoban as Contae Chill Chainnigh an t-ailtire a dhear an Teach Bán in 1762.
Tugtar athair chabhlach na Stát Aontaithe ar an gComadóir John Barry as Loch Garman.
Ba é John Philip Holland as Contae an Chláir a dhear an fomhuireán, a bhí in úsáid ar ball ag Rialtas na Stát Aontaithe.
Eolaí ba ea John Tyndall as Contae Cheatharlach, agus is é a mhínigh an fáth a mbíonn dath gorm ar an spéir.
Ar an 21 Eanáir 1919 a shuigh an chéad Dáil; ar an 11 Nollaig 1922 a shuigh an chéad Seanad.
Ba í Máire Mhic Róibín céad bhan-Uachtarán na hÉireann (3/12/1990 12/10/1997).
Is í Máire Mhic Giolla Íosa céad Uachtarán na hÉireann as taobh ó thuaidh den teorainn.
Is é Leabhar Ard Mhacha an sampla is sine dá bhfuil againn de phrós leanúnach Gaeilge. Is sampla é de Ghaeilge dheireadh an seachtú céad nó tús an ochtú céad.
As na ceithre Gharraí Lus a bunaíodh in Éirinn idir 1795 1827, tá Garraí na Lus i mBaile Átha Cliath ann i gcónaí. Páirc Phoiblí é Garraí Bhéal Feirste anois, dúnadh Garraí Dhroichead na Dothra agus Garraí Chorcaí.
Ba sa Star of Erin Theatre of Varieties ar an 17 Aibreán 1896 a céadtaispeánadh scannán in Éirinn go poiblí.
Ba é James Brendan Connolly a rugadh i ndeisceart Bostún, agus arb as Inis Mór Árann dá thuismitheoirí, an chéad Churadh Oilimpeach nua-aimseartha. Ghnóthaígh sé an Bonn Óir sa Phreab, Coiscéim agus Léim (Léim Thriarach) in 1896.
Ba é James Joyce a doscail an chéad chineama in Éirinn, an Volta, i Sráid Mháire, Baile Átha Cliath ar an 20 Nollaig, 1909.
Bunaíodh Coláiste na Tríonóide in 1592.
I mBarra an Teampaill a bhí an chéad teampall Giúdach in Éirinn suite.
Rinne Radio Telefís Éireann a chéad chraoladh poiblí ar an 31 Nollaig 1961.
In Eanáir 1926 a chraol Raidió 1 a chéaduair.
Tá Teampall Bheanáin in Inis Mór Árann ar na teampaill is lú ar domhan, gan é ach 10 dtroigh x 7 dtroigh.
In 1834 a tógadh an chéad iarnród in Éirinn, ó Bhaile Átha Cliath go Dún Laoghaire (Kingstown) agus ba í an chéad líne chomaitéirí ar domhan í.
Bhí Liam Mac Coscair i gceannas ar an gcéad toscaireacht Éireannach go dtí Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 1956.
I mBéal Feirste, i 1918, a rugadh Chaim Herzog, séú hUachtarán Stát Iosrael.
Is iad The Taking of Christ le Caravaggio (1571-1610) agus Lady Writing a Letter with her Maid le Vermeer (1632-1675) na péinteálacha is mó a gcuirtear spéis iontu sa Dánlann Násiiúnta, Baile Átha Cliath.
Ba é Stephen Roche an chéad Éireannach a ghnóthaigh an Tour de France agus Craobh Bhóthair Ggairmiúil an Domhain, agus is é an dara rothaí riamh a ghnóthaigh an Giro dItalia, an Tour de France agus Craobh Ghairmiúil an Domhain uile sa bhliain chéanna.
Ba é Bill King an chéad Éireannach a sheol ina aonar timpeall an domhain (1970/1973)
Ba é Pat Falvey as Corcaigh an chéad Éireannach a dhreap sléibhte móra an domhain uile, ina measc Everest, Kilimanjaro, Mont Vinson agus Aconcagua.
Ba é Alan Humphries an chéad Éireannach ar éirigh leis dul fad leis an bPol Thuaidh (26 Aibreán 1999) agus é páirteach in Eachtra Sciála agus Réileán Madraí Aspirations 99.
Ba é Michael Collins an chéad Éireannach sa spás. Dfhan sé féin i bhfithis na gealaí fad a bhí Edwin Aldrin agus Neil Armstrong, a chomhghleacaithe in Apollo 11, ag siúl ar an ngealach (21 Iúil 1969)
Ba é John Robert Gregg as Contae Mhuineacháin a cheap Córas Luathscríbhneoireachta Ghregg, córas a úsáidtear go hidirnáisiúnta.
Ba í Catherine Elizabeth McAuley as Baile Átha Cliath a bhunaigh complacht Siúracha na Trócaire in 1831.