Ceisteanna Coitianta
Roinn an Taoisigh
Nuair a tháinig Bunreacht na hÉireann 1937 i bhfeidhm (29 Nollaig 1937), rinneadh Roinn an Taoisigh de Roinn Uachtaráin na hArdchomhairle.
Cé hé an Taoiseach?
Is é an Taoiseach ceannaire Rialtas na hÉireann, Cathaoirleach an Rialtais agus Príomhdhéantóir Polasaí. Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach. Is é Éanna Ó Coinnigh, T.D., ceannaire pháirtí Fhine Gael, an Taoiseach faoi láthair.
Cad a dhéanann an Taoiseach?
Agus é ina cheannaire ar an Rialtas, déanann an Taoiseach comhordú ar obair na Ranna Rialtais uile (tá cúig roinn déag ar fad). Is é Cathaoirleach Chruinnithe an Rialtais, agus stiúrann sé a gClár Oibre agus a gcuid gnó. Bíonn an Taoiseach freagrach as Polasaí Rialtais mar is é Príomhdhéantóir Polasaí an Stáit é. Tíolacann sé Billí atá rite ag an Dáil agus ag an Seanad don Uachtarán lena síniú le go ndéanfar dlí díobh. Coinníonn an Taoiseach an tUachtarán ar an eolas faoi chúrsaí polasaí idirnáisiúnta agus baile. Is é a ainmníonn an tArd-Aighne, agus ceapann an tUachtarán an duine sin.
Déanann sé Airí Rialtais (nó an Chomh-Aireacht) a ainmniú, agus ainmníonn sé an Tánaiste (an Leas-Phríomh-Aire) ón Rialtas. Is é Éamon Mac Giollamóir T.D., ceannaire pháirtí an Lucht Oibre, an Tánaiste faoi láthair. Féadann sé a iarraidh ar Airí éirí as a bpost. Ainmníonn an Taoiseach na hAirí Stáit (Airí Sóisearacha) agus faomhann an Rialtas iad. Ceapann an Taoiseach aon chomhalta déag don Seanad mar aon le Cléirigh agus Leas-Chléirigh na Dála agus an tSeanaid, agus an Ceannfort agus Captaen an Gharda do Thithe an Oireachtais. Caitheann an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais a bheith ina dTeachtaí Dála.
Cad is bhrí leis an bhfocal Taoiseach?
Seanteideal Gaelach é Taoiseach a chiallaíonn tiarna nó ceannaire. Is é Taoisigh an Uimhir Iolra.
Cén tslí a bhfuaimnítear an focal Taoiseach?
De réir na foghraíochta fuaimnítear an focal Taoiseach mar "teeshock". Fuaimnítear Taoisigh mar "teeshe".
Cá mhéad Taoiseach a bhí in Éirinn?
Is é an Taoiseach Ceannaire Rialtas na hÉireann. Bhíodh teidil éagsúla ag Ceannaire Rialtas na hÉireann san am a chuaigh thart. Seo thíos liosta Cheannairí Rialtas na hÉireann ó tháinig ann dó in 1919.
· Cathal Brugha: Eanáir 1919 - Aibreán 1919
· Éamon de Valera: Aibreán 1919 - Lúnasa 1921
· Art Ó Gríofa: Eanáir 1921 - Meán Fómhair 1922
· Micheál Ó Coileáin: Eanáir 1922 - Lúnasa 1922
· L.T. Mac Cosgair: Lúnasa 1922 - Márta 1932
· Éamon de Valera: Márta 1932 - Feabhra 1948
· Seán A Mac Coisdealbha:Feabhra 1948 - Meitheamh 1951
· Éamonn de Valera: Meitheamh 1951 - Meitheamh 1954
· Seán A Mac Coisdealbha:Meitheamh 1954 - Márta 1957
· Éamon de Valera: Márta 1957 - Meitheamh 1959
· Seán F. Lemass: Meitheamh 1959 - Samhain 1966
· Seán Ó Loingsigh: Samhain 1966 - Márta 1973
· Liam Mac Cosgair: Márta 1973 - Meitheamh 1977
· Seán Ó Loingsigh: Iúil 1977 - Nollaig 1979
· Cathal ó hEochaidh: Nollaig 1979 - Meitheamh 1981
· Gearóid Mac Gearailt: Meitheamh 1981 - Eanáir 1982
· Cathal ó hEochaidh: Márta 1982 - Nollaig 1982
· Gearóid Mac Gearailt: Nollaig 1982 - Márta 1987
· Cathal ó hEochaidh: Márta 1987 - Feabhra 1992
· Ailbhe Mac Raghnaill: Feabhra 1992 - Nollaig 1994
· John Bruton: Nollaig 1994 - Meitheamh 1997
· Parthalán Ó hEachthairn:Meitheamh 1997 - Bealtaine 2008
· Brian Ó Comhain: Bealtaine 2008 go dáta
Ar lánscor na Dála fanann an Taoiseach in oifig go dtí go dtagann Dáil nua le chéile agus go n-ainmnítear Rialtas nua.
Ní raibh aon bhan-Taoiseach in Éirinn fós.
Dá dtarlódh rud ar bith don Taoiseach cé a rithfeadh an tír?
D’fheidhmeodh an Tánaiste (an Leas-Phríomh-Aire) thar ceann an Taoisigh dá bhfaigheadh sé bás nó dá gcuirfí ó chumas é go dtí go gceapfaí Taoiseach nua.
Cad iad Ceisteanna Parlaiminte?
Dearbhaíonn Alt 28.4.1 den Bhunreacht go bhfuil an Rialtas freagrach do Dháil Éireann. Ceann de nósanna imeachta na Dála is ea go dtugann comhaltaí an Rialtais tuairisc ar bhainistíocht a gcuid Ranna i bhfoirm freagraí ar Cheisteanna Parlaiminte (PQs). Féadann Teachta Dála ar bith ceist a chur ar Aire ar bith. Caitear na ceisteanna a chur ar an Aire a bhfuil freagracht fheidhmeach air/uirthi as an ngnó atá faoi chaibidil.
Liostaítear na ceisteanna sin i dtús pháipéar Ord Gnó na Dála. Féadann Ceisteanna Parlaiminte a bheith ina gCeisteanna ó Bhéal agus/nó Scríofa. Freagraíonn an Taoiseach Ceisteanna Parlaiminte ó bhéal sa Dáil ón 2.30 i.n. go dtí 3.15 i.n. faoi dhó sa tseachtain (i.e. Dé Máirt agus Dé Céadaoin). Freagraíonn na hAirí eile uile Ceisteanna Parlaiminte ó bhéal uair gach sé seachtaine. Féachtar le freagraí ar Cheisteanna Parlaiminte scríofa a chur ar fáil do na Teachtaí trí Oifig Ghinearálta Theach Laighean.
Freagraíonn an Taoiseach Ceisteanna Parlaiminte faoi imeachtaí a Roinne féin agus faoina sceideal agus a chuid imeachtaí féin (m.sh. cruinnithe le Ceannairí Stáit, saincheisteanna faoi Thuaisceart Éireann, faoin AE agus faoin Uachtarán.) Nuair is d’Aire Rialtais eile a oireann ceist ar leith seachadaítear go dtí a (h)oifig siúd iad agus tugtar freagra orthu ansin.
Cad é an Chomh-aireacht?
An Chomh-aireacht a thugtar ar an Rialtas. Caithfidh ar a laghad seachtar a bheith ann agus gan níos mó ná cúigear déag. Ábhar ar bith a phléitear ag cruinnithe Comh-aireachta is ábhar faoi rún é mura rialaíonn an Ard-Chúirt ar shlí eile.
Cad é an tOireachtas?
Parlaimint Náisiúnta na hÉireann is ea an tOireachtas. Tá sí comhdhéanta den Uachtarán agus dhá Theach, Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Ní cead d'aon duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den dá Theach ag an am céanna. Suíonna poiblí iad suíonna an dá Theach ach amháin i gcásanna ina ngairtear suíonna éigeandála agus sin le toiliú móraimh. Suíonna príobháideacha is ea na suíonna sin.
Cad í an Dáil?
Máirteanna, Céadaoineacha agus Déardaoineacha na laethanta den tseachtain go hiondúil a gcruinníonn Dáil Éireann (Teach na dTeachtaí) le chéile. Féadann laethanta suí speisialta a bheith ann freisin. Baineann obair na Dála le díospóireacht a dhéanamh ar ábhair shóisialta, eacnamaíochta, airgeadais agus bhuiséid. Déanann a cuid comhaltaí moltaí le haghaidh reachtaíochta nua a dhréachtadh, a leasú, déanann siad vótáil ar na moltaí sin agus iad a scrúdú. Déanann siad díospóireacht ar Bhillí agus ar cheisteanna atá tábhachtach don tír. Teachtaí Dála (iolra) agus Teachta Dála (uathu) a thugtar ar na comhaltaí nó TDanna mar leagan gairid. 166 chomhalta sa Dáil i láthair na huaire. Tá a córas Coistí féin ag Dáil Éireann, córas lena gcuirtear comhairle ar fáil maidir le reachtaíocht agus maidir le gnó eacnamaíoch agus airgeadais. An Ceann Comhairle a thugtar ar Chathaoirleach na Dála, agus An Leas-Cheann Comhairle ar an Leas-Chathaoirleach.
Cad é an Seanad?
Céadaoineacha agus Déardaoineacha na laethanta go hiondúil a gcruinníonn Seanad Éireann le chéile. Féadann an Seanad reachtaíocht a thionscnamh, seachas reachtaíocht airgeadais, cé go bhféadtar moltaí a dhéanamh maidir le Billí Airgid. Déanann an Seanad díospóireacht ar cheisteanna a bhfuil tábhacht shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais leo i leith na tíre. Tá seasca comhalta sa Seanad; An Taoiseach a ainmníonn 11 acu; painéil a thoghann 43 acu, ar painéil iad a dhéanann ionadaíocht do Chultúr agus Oideachas, don Talmhaíocht, do Lucht Saothair, do Thionscal agus Tráchtáil agus don Riarachán Poiblí; céimithe d'Ollscoil na hÉireann agus d'Ollscoil Bhaile Átha Cliath, toghann siad sé chomhalta. Seanadóirí (iolra) agus Seanadóir (uatha) a thugtar ar na comhaltaí. An Cathaoirleach a thugtar ar Chathaoirleach an tSeanaid, An Leas-Chathaoirleach a thugtar ar an Leas-Chathaoirleach. Ní ceadmhach ach do bheirt chomhaltaí den Rialtas a bheith ina Seanadóirí.
Cad é an Bunreacht?
Is é atá in Bunreacht na hÉireann an dlí is airde de chuid na tíre. Ní féidir an Bunreacht a athrú ach le vóta ó Shaoránaigh na hÉireann (in aois ocht mbliana déag agus os a cionn) i rud a dtugtar Reifreann air. Leasuithe a thugtar ar athruithe ar an mBunreacht. An Bunreacht atá ann i láthair na huaire, rith na daoine é i Reifreann an 1 Iúil 1937. Sna caoga Airteagal atá ann a chlúdaítear raon leathan ábhar, lena n-áirítear bunú an Stáit, dathanna na Brataí, na rialacha lena rialaítear Oifig an Uachtaráin, conas a oibríonn an Rialtas agus na cumhachtaí atá ag an Rialtas.
Cad a dhéanann na hAirí?
Tugtar punann do gach aon Aire lena dtugtar freagracht dó/di as Roinn ar leith. Chomh maith le freagracht a bheith aige nó aici as a Ranna féin, bíonn Airí Rialtais freagrach i gcomhair as gach aon Roinn. I gcás Aire a bheith as láthair nó a bheith tinn ar feadh tréimhse áirithe, tugtar a chuid freagrachtaí nó a cuid freagrachtaí d'Aire eile. Sanntar an Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Airgeadais don Taoiseach in a leithéid de chás. Gníomhaíonn an Tánaiste in ionad an Taoisigh le linn dó a bheith as láthair.
Féadann an Taoiseach punanna a bhabhtáil timpeall le linn théarma oifige an Rialtais. Is féidir teidil agus feidhmeanna Ranna a athrú freisin. Féadann Aire freastal ar an Dáil agus ar an Seanad agus aithisc a thabhairt iontu ar aon. I gcás ina n-éiríonn an Taoiseach as oifig, meastar na hAirí a bheith éirithe as freisin. Leanann siad orthu, áfach, lena gcuid dualgas a chomhlíonadh go dtí go gceaptar a gcomharbaí. Cabhraíonn Aire Stáit le hAirí Rialtais in obair na Parlaiminte agus in obair na Ranna. An Rialtas a cheapann iad ar ainmniúchán an Taoisigh.
An dtig liom Síniú an Taoisigh a fháil?
An dtig liom grianghraf an Taoisigh a fháil?
An dtig liom grianghraf sínithe an Taoisigh a fháil?