Tithe an Rialtais - Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.

Cuireadh tús le Tithe an Rialtais a thógáil i 1904 agus tugadh chun críche iad i 1922.

Oifig An TaoiseachAr feadh tamaill fhada baineadh úsáid as an gcuid tosaigh den fhoirgneamh mar oifigí rialtais agus ba é a bhí i gcúl an fhoirgnimh ná an Coláiste Eolaíochta. Ó 1990 i leith tá an foirgneamh ar fad in úsáid mar oifigí rialtais.Baintear úsáid as cuid den fhoirgneamh le haghaidh Roinn an Taoisigh, cuid de le haghaidh na Roinne Airgeadais agus cuid de le haghaidh Oifigí an Ard-Aighne [dlíodóir oifigiúil an rialtais].Tá oifig an Taoisigh ar an gcéad urlár. Tá seomraí comhdhála agus oifigí ann chomh maith d'oifigigh an Taoisigh.Tithe an Rialtais

 

 

Ba é an dealbhóir cáiliúil Éireannach, Albert Power, a dhealbhaigh na dealbha atá os comhair an bhealaigh isteach. Is éard atá sna dealbha atá le hais an phríomhdhorais ná dealbha de bheirt de na heolaithe is cáiliúla de chuid na hÉireann, Sir Robert Boyle agus Sir Wiliam Rowan Hamilton.

 

An Staighre SearmanachTá staighre searmanach sa halla álainn geal agus ón staighre sin is féidir an fhuinneog ghloine dhaite le Evie Hone ar a dtugtar 'My Four Green Fields' a fheiceáil.

Rinneadh an fhuinneog sin le haghaidh phailliún rialtas Éireann ag Aonach Ceardaíochta Domhanda i Nua-Eabhrac i 1939. Léirítear inti ceithre chúige na hÉireann ar bhealach an-ealaíonta agus an-spéisiúil.

Is in Éirinn a rinneadh formhór an ábhair a úsáidtear ar fud an fhoirgnimh. Tá saothair nua-ealaíne crochta ar na ballaí sna seomraí agus sna dorchlaí.

San íoslach tá ionad preas atá feistithe ina iomláine le saoráidí taifeadta, saoráidí craolta teilifíse, saoráidí aistriúcháin chomhuainigh, saoráidí autocue agus saoráidí teilgthe sleamhnán.