BaileEolas StairiúilStair Thithe an Rialtais

Stair Thithe an Rialtais: 1904-1922 agus 1990

 

Sketch of Government BuildingsCoimpléasc maorga Thithe an Rialtais ar Shráid Mhuirfean Uachtair, b'í an mhórscéim dheireanach í ar thug an Riarachán Briotanach fúithi in Éirinn. Ceapadh é le haghaidh dhá roinn rialtais nua, an Bord Rialtais Áitiúil agus an Roinn Talmhaíochta agus Teagaisc Theicniúil,chomh maith leis an gColáiste Ríoga Eolaíochta, a bhí an tráth sin lonnaithe i 51 Faiche Stiabhna. Ar an dea-uair, is amhlaidh a bhí bailchríoch curtha ar an gcoimpléasc i Márta, 1922 agus bhí fáil air láithreach lena áitiú ag rialtas nua Shaorstát Éireann. Tamall beag de bhlianta ó shin, rinneadh an foirgneamh a choinbhéartú agus a athchóiriú go hiomlán le bheith ina chóiríocht nua-aimseartha do roinnt ranna, lena n-áirítear Roinn an Taoisigh, an Roinn Airgeadais agus Oifig an Ard-Aighne.  

Stair an Fhoirgnimh  

Anall go dtí na 1880dí, is beag deiseanna taighde agus fostaíochta a bhí ar fáil in Éirinn. Bhí líon na mac léinn an-íseal ar fad. D'fhan sé mar sin - íseal - nó gur tháinig fás ar an líon de thairbhe baint níos dlúithe leis an scéal ag an gColáiste Ríoga Eolaíochta agus agan Ollscoil Ríoga. Na ranna Innealtóireachta, Fisice agus Ceimice, go háirithe, a tháinig faoi bhláth. Faoin mbliain 1897, níorbh fhéidir fónamh a thuilleadh don líon mac léinn in aitreabh Fhaiche Stiabhna. Tugadh ar na húdaráis athshuíomh oiriúnach a lorg. 

Cinneadh ar láithreán Shráid Mhuirfean Uachtairtar éis iliomad díospóireachta. B'é an t-aon suíomh é lena bhféadfaí fónamh don iliomad éileamh éagsúil a chuirfí ar an gcoimpléasc foirgníochta a bhí á bheartú. Ar an éileamh ba mhó acu sin a bhí an mhian le bloc foirgneamh cultúrtha agus oideachais cáiliúil a chruthú i mBaile Átha Cliath a bhí ar aon dul le forais chultúrtha agus eolaíochta Kensington Theas.Ós rud é go raibh sé lonnaithe láimh leis an Músaem Staire Dúlra agus le Músaem na hEolaíochta agus na nEalaíon (an Músaem Náisiúnta mar atá anois), togha láithreáin ba ea láithreán Shráid Mhuirfean Uachtair maidir leis an ngné sin de.

D'fhonn an caiteachas a chosaint, níor mhór go mbeadh cóiríocht sna foirgnimh do roinnt Ranna Rialtais Briotanacha. Bhí sé socraithe cheana féin an Roinn nuachruthaithe Talmhaíochta agus Teagaisc Theicniúil a lonnú in uimhreacha 1-4 Sráid Mhuirfean Uachtair. Chonacthas do dhaoine gur luígh sé le réasún an roinn seo a bheith suite i bhfogas don Choláiste Eolaíochta. I gcás láithreán Shráid Mhuirfean, d'fhágfaí an deis le forbairt a dhéanamh de réir a chéile in imeacht roinnt blianta. Chuige sin is amhlaidh a réamhbheartaíodh socrú ceathairuilleogach. Is amhlaidh a bheadh an coláiste, agus an phríomhchuid de na foirgnimh suite chun deiridh mar a mbeadh na gléasanna íogaire saotharlainne píosa maith ar shiúl ó éifeachtaí corracha an torainn agus an tráchta. Ghlacfadh ranna Rialtais le hoifigí sna heití. Níos déanaí a thógfaí iad siúd agus shínfidís amach fad le Sráid Mhuirfean.

I 1903 rith Parlaimint na Breataine Acht lenar ceadaíodh an tionscadal. Leag an Rí Éadbhaird VII an fotha in Aibreán 1904 go gairid tar éis d’ailtire cáiliúil Londan, Aston Webb, a bheith ceaptha ina ailtire tionscadail. Ceapadh Thomas Manly Deane, a raibh obair curtha i gcrích aige go gairid roimhe sin ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, ina ailtire feidhmeannach.

Ní róshásta a bhí lucht ailtireachta na hÉireann leis an nuacht gurb é Webb a bhí ceaptha. £225,000 an costas a bhí beartaithe don scéim agus bhí comhaltaí tar éis a bheith i mbun dianstocaireachta, ó 1901 i leith, le go dtabharfaí an coimisiún d'ailtire Éireannach. Maolaíodh ar an míshásamh roinnt, áfach, nuair a ceapadh Thomas Manly Deane as Baile Átha Cliath ina chomh-ailtire. Níor bheag ionchur Deane sa scéim. Ós rud é gur i Londain a bhí oifig Aston Webb, fuarthas amach gurbh fhusa i bhfad fadhbanna i leith dearadh agus eile a réiteach in oifig Deane i Sráid Theach Laighean in aice láimhe. An bhaint a bhí aige leis, bhí sé chomh mór sin gurbh amhlaidh a rinne an Rí Seoirse V ridire de ar an láithreán tráth ar osclaíodh an phríomhchuid den fhoirgneamh i 1911. Ba é an coincheap deartha a bhí ag Webb ná foirgneamh a mbeadh aghaidh nuachlasaiceach aige agus a mbeadh an chuid istigh folaithe go maisiúil araíonach agus urláir choincréite cothrom le dáta ann, mar aon le cumhacht leictreach, ardaitheoirí, téamh lárnach agus gaothrain aerála. Cloíonn foirgneamh athmhaisithe an lae inniu go dílis leis an gcoincheap sin.

I 1904 a leagadh an bhunchloch agus, fad a lean Aston Webb, ailtire, le gnó an choimpléasc a dhearadh, cuireadh in iúl go rabhthas buartha faoi cé na hábhair Éireannacha ba cheart a úsáid ann agus é á thógáil. Nuair a bhí fáil den chéad uair ar na réamhdhearthaí i 1905, ba léir go mbainfí úsáid as teaglaim de chloch eibhir agus cloch Portland, a bhí in úsáid cheana féin ar aghaidheanna Admiralty Arch.Mhéadaigh ar an mbuairt go dtí gur cuireadh faoi deara do na hailtirí gealltanas a thabhairt gur ábhair Éireannacha a bheadh i gceithre chúigiú de na hábhair san fhoirgneamh. Ní bhainfí úsáid as cloch Portland ach amháin in a ghaidheanna maisiúla na bhfoirgneamh. As coiréil Bhaile Cnocáin i gContae Chill Mhantáin a roghnófaí cloch eibhir don chuid eile.

I 1906 a foilsíodh pleananna bunaidh Webb do choimpléasc an Choláiste Eolaíochta. Is é a bhí iontu pleananna do bhloc singil oifigí go háirse lárnach ar leibhél na talún mar aon le lárphíosa galánta a mbeadh túir ina thimpeall. Rinneadh athruithe, lenar áiríodh socruithe do dhá bhloc oifigí, de réir mar a chuathas ar aghaidh leis an bhfoirgneamh. Is é a bhí i gcoimpléasc comhlánaithe 1922 malgam de mholtaí bunaidh Webb mar aon le breisithe lenar áiríodh fíoracha snoite seachas cruinneacháin os cionn an fhorbhalla. Cé gur sa traidisiún clasaiceach a bhí sé, is amhlaidh a chomhtharlaigh tógáil na bhfoirgneamh le forbairt na gluaiseachta nua-aimseartha san ailtireacht.

Ba iad na conraitheoirí tógála Messers. McLoughlin and Harvey. B'in í an chuideachta a thóg Halla Cathrach Bhéal Feirste i 1902. Faoi Eanáir 1908, bhí an obair dulta ar aghaidh go dtí an pointe marar cuireadh amach forthairiscintí do na córais théimh agus aerála. An coláiste, arna oirniú ag an Rí Seoirse V i 1911, sa leath thiar den fhoirgneamh a bhí sé mar a raibh a chuid léachtlanna agus saotharlanna san áit is faide amach ó thionchair chorracha thrácht na sráide. Faoi Iúil 1911 is amhlaidh a bhí an foirgneamh coláiste críochnaithe agus oscailte, cés moite de roinnt dealbhra a bhí fós le suiteáil.

Ghlacfadh sé cúig bliana eile áfach, sula gcrochfaí an ceann deireannach d'fhíoracha baineannacha Albert Power anuas ar fhorbhallaí na colúnáide. Cuireadh an obair thógála ar fionraí ar feadh bliana i 1911. I mí Iúil 1912 tugadh an conradh do McLoughlin and Harvey don dara céim den fhorbairt. Ní dheachaigh an obair ar aghaidh chomh réidh céanna de réir an phlean an babhta seo is a chuaigh roimhe. An mhoill a cuireadh ar leagan na dtithe ar aghaidh an láithreáin amach, bhí sí ina bac ar an dul chun cinn. Bac eile ba ea an díospóireacht ar shuíomh an phríomhstaighre agus ar na comhshocraíochtaí i dtaobh na seomraí do na ranna a bhí le lonnú sna hoifigí ar iad a bheith críochnaithe.

Críochnaíodh na heití cothromaitheacha - a bhí beartaithe mar chóiríocht do ranna an riaracháin Bhriotanaigh - i Márta 1922. D'fhonn an bealach a réiteach do thógáil na n-eití sin i ndeireadh thiar, glacadh ar láimh le hordú ceannaigh éigeantach na tithe baile a bhíodh roimhe sin mar fhronta ar an láithreán. Chuaigh an Roinn Talmhaíochta agus Teagaisc Theicniúil, chomh maith le hOifig na nOibreacha Poiblí, i mbun na dtithe baile a áitiú go dtí 1913, tráth ar leagadh iad agus an tógáil dulta ar aghaidh ar deireadh thiar fad leis an bhforimeall seo. Ocht dtithe déag ceithre stór os cionn íoslaigh ar fad a baineadh anuas d'fhonn an bealach a fhágáil do na bloic bhreise. Go híorónta, is amhlaidh a bhí oifigí ag Thomas Manly Deane i gceann de na tithe nár mhór a leagan.

Áititheoirí an Fhoirgnimh  

Ghlac na chéad mhic léinn eolaíochta a n-ionaid sna saotharlanna agus sna léachtlanna ar an 3 Deireadh Fómhair 1911.

Faoin am ar cuireadh bailchríoch ar an gcoimpléasc i 1922, bhí ganntanas spáis oifige sa chathair de bharr na neamhshocrachta sibhialta agus scriosadh foirgneamh. Bhog Comhairle Fheidhmeannach Shaorstát nua Éireann, mar aon le hiliomad dá chuid Ranna Rialtais, isteach san eite thuaidh a luaithe a bhí sé ullamh.

Cumascadh an Coláiste Ríoga Eolaíochta leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sna 1920dí agus críochnaíodh an   t-aistriú aige go dtí na saoráidí campais nua i mBelfield i 1989..

Cur Síos ar na Foirgnimh  

Tá na foirgnimh bharocacha Éadbhardacha dhrámata eagraithe timpeall ar cheathairuilleog chearnach. Ó thaobh na hailtireachta de, lárphíosa na ceapadóireachta is ea é, agus a phórtacó iónach ollmhór agus a chruinneachán sofheicthe tríd an scáileán colúnach ar ardú na sráide.

Chuir tuairim an phobail faoi deara do na hailtirí gealltanas a thabhairt gur de bhunadh na hÉireann a bheadh ceithre chúigiú de na hábhair thógála uile, agus tá leas bainte as cloch eibhir Chill Mhantáin ar an taobh amuigh, mar aon le mionsonraíocht  uaschloiche Portland. Albert Power a rinne na fíoracha dealbhóireachta fáthchiallacha atá os cionn an fhorbhalla agus an scáileáin ursanaigh. Tá léiriú ina bhfuil istigh ar an úsáid a baineadh as an dul chun cinn ba dhéanaí sa teicneolaíocht tógála. Baineadh úsáid as cruach agus coincréit athneartaithe sa tógáil agus suiteáladh cumhacht leictreach ar fud na bhfoirgneamh, chomh maith le hardaitheoirí, gaothráin aerála agus téamh lárnach móinadhainte.

Dearadh comhlánaithe Aston Webb, bhí sé an tráth sin, mar atá anois, drámata agus réimiúil ó thaobh na hailtireachta de. Thosaigh an modh agus an t-atmaisféar leis an Ord Ollmhór Iónach feadh na slí isteach chun tosaigh agus lean sé trasna na ceathairuilleoige scóipiúla atá chun tosaigh ar aghaidh an fhoirgnimh mar a rinne pailliúin aonbhá ceardúla an cholúnáid a chliathánú. Bhí dealbha de na heolaithe Éireannacha William Rowan Hamilton agus Robert Boyle ina seasamh ar gach aon taobh den tslí isteach. Lastuas díobh, agus é suite isteach i bpeidiméid, a bhí fíor lenar léiríodh an eolaíocht, arna dhearadh ag Oliver Sheppard agus arna snoí ag Albert Power. Bhí de theist air sin gur ar Smaointeoir Rodin a múnlaíodh é. Ar gach aon taobh is amhlaidh a bhí na pailliúin áirse mionsonraithe, agus stiallacha cúnga fuinneogúcháin dhianoibrithe curtha i bhfeidhm ar chúlra saothair chloiche clasaithe. Os cionn na n-áirsí is amhlaidh a bhí feistí snoíodóireachta dea-snoite chomh maith leis na monagraif ríoga, ceann Éadbhaird ar an áirse ó thuaidh agus ceann Sheoirse ar an áirse ó dheas.

Ar an taobh istigh, bhain Webb úsáid as an dul chun cinn ba dhéanaí i dteicneolaíocht tógála a linne. Baineadh úsáid as cruach agus coincréit athneartaithe san fhoirgniú agus suiteáladh cumhacht leictreach ar fud an fhoirgnimh ar fad, chomh maith le hardaitheoir leictreach agus córas téimh lárnaigh móinadhainte. Pábháladh na dorchlaí uile le tíleanna marmair. Aerálaíodh na seomraí trí mhodh córais gaothrán a bhí beartaithe go cúramach. Díol suntais ba ea na foirgnimh i dtaca lena sláine struchtúrtha maorga. Ceardaíocht den scoth a bhí ann, idir snoíodóireacht na bhfíoracha ag Power agus an saothar cloiche a rinne na saoir thrádála.

An Foirgneamh Nua-Aimseartha  

Taobh istigh, tá an forhalla fionnuar agus geal. Dath bán agus liathbhán atá ar na ballaí, marmar atá sna hurláir. Leanann céimeanna suas go dtí foireann doirse gléasta agus tríothu isteach go dtí an halla istigh.

Fhuinneog ghloine daite%20Tá athrú drámata ar an atmaisféar anseo.Teolaí agus soilseach atá na dathanna, idir fheá fhaon an staighre dheasghnách, tonnchreathacht an chairpéid agus an fhuinneog ghloine daite lonrach Evie Hone. Tá athchasadh dubailte ar an staighre leathan agus tá trí ghearrthóg chearnógacha i ngach balastar adhmaid. Leanann sé as sin go dtí na príomhoifigí céadurláir. Mary Fitzgerald, ealaíontóir, a dhear an cairpéad a chlúdaíonn an príomhstaighre seo. Cumascann na dathanna, ag an mbun, leis an urlár feá ach athraíonn siad chun comhdhlúthú le hilghnéitheacht shaibhir fhuinneog Evie Hone. Ar gach aon léibheann agus feadh fhad an urláir uachtair, is amhlaidh a doimhníodh na dathanna d'fhonn cúlra saibhir a chruthú do dhearadh teibí lena léirmhínítear fuinneog Hone. Munster Carpets Ltd., i nDúglas, Corcaigh, a d'fhigh cairpéid eile.  

My Four Green Fields (Mo cheithre ghort ghlasa) an teideal atá ar fhuinneog ghlórmhar Hone. Is ón mbliain 1939 í, arna coimisiúnú ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála do Phailliún Rialtas na hÉireann ag Aonach Trádála Domhanda Nua Eabhrac.Bhí sé mar mhaisiú i gCeann-Oifig CIE i Sráid Uí Chonaill ó 1960 go dtí timpeall 1983 tráth ar stóráil Abbey Glass i gCill Mhaighneann íar iarraidh ó Oifig na nOibreacha Poiblí. Rinne Abbey Glass í a athnuachan ó bhonn sular suiteáladh í san ionad nua atá aici. Is é a bhí i gceist leis sin, í a dhíchóimeáil, gach aon phíosa gloine a ghlanadh ina gceann is ina gceann agus í a athluaidheáil. Léiríonn sí ceithre chúige na hÉireann agus cé go bhfuil an comhdhéanamh casta, féadtar suathantais agus siombailí a aithint go soiléir. 

Ar an gcéad urlár atá príomhoifigí an Taoisigh (Príomh-Aire), a chuid comhairleoirí, seomraí comhdhála agus Rúnaíocht an Rialtais. Is é an rún a bhí ann anseo ó thaobh na hailtireachta de ná mothú na n-aghaidheanna láidre seachtracha a léirmhíniú. Tá usáid bainte ó cheann ceann an urláir as ballaí painéalaithe plástráilte agus síleálacha cófraithe, doirse painéalaithe agus  imchasálacha troma agus ráillí cathaoireach.Tá pictiúir phéinteáilte ó Thiomsú Oifig na nOibreacha Poiblí ar crochadh ar bhallaí na seomraí agus na ndorchlaí.

Rinneadh an bunurlár agus an dara hurlár a fhoroinnt ina n-oifigí aonair. Ar na gnéithe díobh sin tá doirse painéalaithe agus coirnisí síleála plástráilte. Tá sraithradhairc an-bhreá ó na dorchlaí ar gach aon urlár agus cuireann soilse agus colúin mionsonraí amhairc breise ar fáil. Díol suntais ar leith is ea an cruinnteach beag agus gan aon chruinneachán air lasmuigh d'oifig an Taoisigh. Príomhghné den íoslach is ea na saoráidí atá ann do na hiriseoirí. Rinneadh seanléachtlann a choinbhéartú anseo ina Lárionad lántrealmhaithe d'iriseoirí agus rinneadh ionad oibre do lucht na meán atá ar cuairt as bialann mac léinn mar a bhí.. 

De bhunadh agus de dhéantús na hÉireann iad na troscáin agus na hábhair a úsáidtear ar fud an fhoirgnimh. Roghnaigh na hailtirí troscáin d'adhmad darach do bhunáite na seomraí ach baineadh úsáid freisin as amhmaid dhúchasacha eile amhail an seiceamar, an fhuinseog agus an fheá. Gem Manufacturing Company Ltd., An Longfort, a rinne an obair shiúinéireachta. Rinne Eric Pearse as Baile Átha Cliath sraith bord den scoth a dhearadh do na foirgnimh. Maidir leis an gcur chuige a bhí aige, bhí sé neamhthrangláilte agus gan é a bheith dalba agus maitseálann sé an cur chuige i leith an taoibh istigh ina iomláine. Is é a bhí freagrach as na boird ubhchrothacha in dhá cheann de na seomraí coinfearaidh. An chéad cheann acu, rinneadh é as adhmad ó Dhún ar Aill i gContae Chorcaí - as seiceamar agus é bléitseáilte agus inleagtha le hadmhad iúir oileán Fota. Bléitseáladh an líonra uaithní freisin ar an dóigh chéanna, chomh maith le dhá chornchlár chomhlántacha agus boird bheaga a rinneadh as na hadhmaid chéanna.

Tá an cruth céanna ar an dara bord seomra coinfearaidh ach go ndearnadh é as fuinseog chruánach Iarthar Chorcaí. Is é an ghnéSeomra Fuinseoigeuathúil mhaisiúil atá aige ná láríomhá inleagtha dean Stáit i bprás fóta-eitseáilte.Sa seomra seo freisin is amhlaidh atá cornchláirchomhoiriúnacha atá simplí éifeachtach. In Oifig an Taoisigh is amhlaidh atá na ballaí paineálta le hadhmad darach ó fhoraoisí ársa Chúil Aitinn i gContae Chill Mhantáin. Rinneadh ionad tine Bossi, a bhí san eite thuaidh ó thús, a athsuíomh anseo. Rinne Eric Pearce bord de darach chruánaigh a dhearadh do thaobhsheomra de chuid na hoifige seomar aon le dhá thaobhbhord choimhdeacha den adhmad céanna. Rinne Eric Pearse bord proinne ciorclachornáideach a dhearadh ina bhfuil lárphíosa inleagtha ciorclach d'órdhuileog, pallaidiam agus aicrileach leis an ealaíontóir, Patrick Scott. 

Seomra na DálaRobert Eadic and Sons, ó Chontae Fhear Manach ó thús,a d'fhigh na fabraicí atá in Oifig an Taoisigh sa mhuileann atá acu i Lios an Phúca, Contae Chiarraí. Botany Weaving Mills óna mbunláithreán i lár na Saoirsí i mBaile Átha Cliatha sholáthair na fabraicí breátha cumhdaitheoireachta mustairte. John England, fear as Contae Laoise,a sholáthair na bhoga cheocha óna mhuileann i mBéal Feirste. Rinneadh an Seomra Comh-Aireachta Bunaidh (ar a dtugtar an Seomra Comhairle ó laethana Chomhairle Fheidhmeannach Shaorstát Éireann) a athmhaisiú le fónamh do riachtanais an lae inniu. Coimisiúnaíodh sraith líníochtaí portráide de dhaoine cáiliúla as stair na hÉireann. Athmhaisiú sin an tSeomra Chomh-Aireachta, fágann sé an scóip do leanúnachas Rialtais laistigh dá chuid ballaí. 

An Seomra IodáileachSa chéim dheireanach den fhorbairt is amhlaidh a soláthraíodh seomra coinfearaidh/proinne sa stíl Iodálach. Anseo sa seomra féin agus sa dorchla as a leanann sé, tá an chontrárthacht leis an maisiú sachuid eile den fhoirgneamh bíogach agus éifeachtach. Dathanna beoga atá i réim anseo de mhalairt ar na toin mhúideacha atá sa chuid eile den fhoirgneamh. Bord ornáideach tílithe, Tileworks i mBaile Átha Cliath a rinne é, gnólacht beag Baile Átha Cliathach ar speisialaithe iad i dtíleanna dealbhóireachta agus tíleanna a phéinteáiltear de láimh. 

 

 

Athmhaisiú

Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí tús i 1989 leis na saotharlanna agus na léachtlanna mar a bhí a choinbhéartú ina n-oifigí a d'fheilfeadh do reáchtáil gnó rialtais ag an leibhéal is airde, agus sin le híogaireacht ó thabh dearaidh de agus le hurraim d'oidhreacht stairiúil an fhoirgnimh. Rinne siad amhlaidh leis an oiriúnú timpeallachta, an leictreonaic, an teicneolaíocht faisnéise agus an chumarsáid ba chothroime le dáta. I 1990 a cuireadh bailchríoch ar an tionscadal agus a rinne Roinn an Taoiseach an foirgneamh a áitiú.

Rinneadh an obair chloiche ar an taobh amuigh a ghlanadh go mionchúiseach agus leas á bhaint as teicnící ar cuireadh barr feabhais orthu i dtionscadal Theach an Chustaim. Leis sin is amhlaidh a nochtadh bandaí taitneamhacha cloiche níos dorcha faoin bhforbhalla. Cuireadh cóireáil shimplí ar an gclós cúirte le tramfhoirne a úsáideadh d'fhonn an bealach imeallach agus na bánna loctha gluaisteán a chruthú agus roinneadh an chuid sa lár ina ceithre phlásóg fhéaracha. Tá gné uisce íseal-leibhéil atá de réir scála leis an timpeallacht suite ag trasphointe na gcosán eibhir, agus cuireadh crainn teile d'fhonn an tírdhreach a mhaolú. Cuireadh athchruth ar na céimeanna iontrála agus tugadh ar aghaidh iad d'fhonn bealach isteach níos maorga a chruthú mar aon le póidiam chun fáiltiú roimh aíonna.

An ForhallaCuireadh fad radharcach leis an bhforhalla fionnuar geal trí bhriseadh trí bhalla na hiar-phíomhléachtlainne thall agus tríd an urlár a neartú le fóirithint do staighre deasghnách. Is é fócas an halla seo istigh ná fuinneog ghloine daite Evie Hone dar teideal 'My Four Green Fields' /Mo Cheithre Ghort Ghlasa. An Roinn Tionscail agus Tráchtála a choimisiúnaigh í an chéad lá riamh do phailliún Rialtas na hÉireann ag Aonach Trádála Domhanda Nua Eachrac 1939. Léirítear inti ceithre chúige na hÉireann agus, cé gur ceapadh teibí is ea é go príomha, is féidir suaitheantais agus siombailí a aithint go soiléir. Tá frithchaitheamh ar a cuid dathanna lonracha sa bhalastráidiú agus painéalú feá-adhmaid teolaí agus sa chairpéad lonrach a coimisiúnaíodh ó Mary Fitzgerald, ealaíontóir.

Ar an gcéad urlár atá oifigí an Taoisigh agus a chuid comhairleoirí, seomraí coinfearaidh agus rúnaíocht an rialtais. Is é a bhí mar rún anseo ó thaobh na hailtireachta de ná léirmhíniú a thabhairt ar na haghaidheanna láidre amuigh, braistint an tnútháin a choinneáil ón taobh amuigh go dtí an taobh istigh agus spásanna agus clúideacha maorgachta a sholáthar a bheadh ag teacht le stádas na n-áititheoirí agus a n-aíonna. Ballaí painéalta plástráilte agus síleálacha cófraithe, doirse painéalta agus imchasálacha agus cathaoir-ráillí troma (ar a seoltar nithe leictreacha agus cumarsáide), comhshnaidhmeann siad  chun léiriú a thabhairt ar scála agus ar uigeacht sna seomraí. Maidir leis na hábhair a úsáidtear ar fud an fhoirgnimh, is de dhéantús na hÉireann iad den chuid is mó, agus coimisiúnaíodh troscáin saindeartha agus sainmhonaraithe agus leas á bhaint as admhad dúchasach. Mar mhaisiú ar bhallaí na seomraí agus na ndorchlaí uile tá saothair ealaíne nua-aimseartha arna soláthar ag Oifig na nOibreacha Poiblí.

Oifigí ceallacha ar an dá urlár eile. Príomhghné den íoslach is ea an lárionad do na hiriseoirí a cruthaíodh go speisialta agus é trealmhaithe go hiomlán le córas feabhsaithe fuaime, saoráidí taifeadta, craoltóireacht teilifíse, ateangaireacht chomhuaineach, uathleid agus teilgeoireacht sleamhnán.

Tá roinnt duaiseanna gnóthaithe ag Tithe an Rialtais lenar moladh an tionscadal athmhaisiúcháin agus an rochtain fheabhsaithe do dhaoine míchumasaithe. Ar na duaiseanna sin bhí an Bonn Airgid RIAI ar chaomhnú don tréimhse 1987-92. Dúradh sa lua maidir leis an bhfoirgneamh seo de cháilíocht aitheanta a bhí ann cheana go ndearnadh a athúsáid chun críche nua iomchuí céannacht speisialta Rialtais a chruthú agus gur chuir sé ar mhodh nach beag le stádas Bhaile Átha Cliath mar phríomhchathair Eorpach.

Bhí ceann de mhórfhoirgnimh Bhaile Átha Cliath le hathnuachan agus, san am céanna, bhí a chuid saotharlann agus léachtlann le nuachóiriú mar oifigí a d'fheilfeadh do reáchtáil gnó Rialtais.

Is é a bheadh i gceist leis sin seomraí coinfearaidh agus oifigí a shuiteáil le hoiriúnú timpeallachta, leictreonaic, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáid. Bhí ábhair agus ceardaíocht na hÉireann le húsáid cibé áit ab fhéidir.

Cuireadh tús leis an obair le measúnú tosaigh lenar léiríodh fadhbanna sofheicthe. As an anailís dhéanmhasach a cinneadh gur leor an foirgneamh chun déileáil leis an athrú úsáide a bhí beartaithe agus na coinníollacha lódála athbhreithnithe a lean as sin. Bhí fadhbanna ag gabháil fiú le cineál iarbhír an struchtúir féin agus na hurláir ghiarsa filéir a bhí ann, sin agus leis na díonta a shínigh chuig na ballaí a raibh taca brící fúthu. Bhí ar na hinnealtóirí a bheith go mór san airdeall toisc go raibh éagsúlacht sna príomheilimintí lódiompracha idir cruach lom, cruach folaithe i mbrící nó saothar brící. Níor mhór píopaí téimh lárnaigh a bhí fálaithe le haispeist a dhiúscairt  ar chúinsí timpeallachta agus ar chúinsí sláinte.

Ba é a bhí i gceist leis na príomhathruithe struchtúracha an staighre deasghnách agus an phardóg héileacaptair ar an díon. D'fhonn fónamh don chéad cheann is amhlaidh a leagadh an phríomhléachtlann d’fhonn spás a fhágáil don staighre nua. Suiteáladh an phardóg héileacaptair ar ardán a tógadh ar leibhéal an fhorbhalla.

Ar áireamh sna réimsí eile de mhórobair struchtúrach bhí feistiú dhá fhearsaid ardaitheora chomh maith le hoscailtí móra sna hurláir agus sna ballaí d'fhonn uasghrádú na seirbhísí a éascú. Suiteáladh córas bainistíochta tógála le scóip a fhágáil do chianfhaireachán, rialú agus cothabháil na gcóras meicniúil ar fud na bhfoirgneamh.

 

Thithe an RialtaisAr an taobh amuigh, baineadh usáid as ceimiceáin chaolaithe agus céiríniú chun an obairchloiche a ghlanadh, teaglaim a chruthaigh go maith cheana féin i dtaca le Teach Custaim na cathrach a ghlanadh. Dá bharr sin is amhlaidh a nochtadh bandaí taitneamhacha cloiche daite níos dorcha faoin bhforbhalla. Baineadh úsáid as tramfhoirne, a tarrtháladh ó sheansráideanna Bhaile Átha Cliath chun an bealach imill agus an bhá loctha gluaisteán a dhéanamh sa chlós cúirte. Suiteálach fuarán íseal ciorclach síorshíothlaithe ag crosaire na gcosán eibhir. Na crainn teile a cuireadh timpeall na ciumhaise, is amhlaidh a mhaolaíonn siad tionchar na cloiche. Cuireadh athchruth ar na céimeanna ar an mbealach isteach agus tugadh ar aghaidh iad d'fhonn bealach isteach maorga a chruthú mar aon le póidiam chun fáiltiú roimh aíonna.

 

Pierse Contracting Limited an príomhchonraitheoir tógála a bhí ann don obair athmhaisiúcháin agus bhí líon ab ionann agus 350 duine ag obair ar an tionscadal.

Cuireadh bailchríoch laistigh den bhuiséad ar an obair i mí na Nollag 1990. £17.4 milliún ar fad a chosain sé. Cathal Ó hEachaidh, a bhí ina Thaoiseach ag an am, a rinne an oscailt fhoirmiúil ar an 24 Eanáir, 1991.