Foilseacháin 2006
Céim 1
Céim 2
Ceapadh an Clár Athchóirithe Náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair na bliana anuraidh. Tugann sé seo le chéile réimse leathan beartas agus tionscnamh a bhfuil sé d'aidhm acu fás borb eacnamaíoch agus forbairt fostaíochta na hÉireann a choinneáil ar siúl mar chuid d'athsheoladh Chlár Oibre Liospóin, agus é a dhíriú go speisialta ar fhás agus ar phoist sa tréimhse go dtí 2008.
Creideann an Rialtas go bhfuil sé oiriúnach anois a thiomantas don tionscal a athdheimhniú, agus cur leis an obair atá déanta ó 1999 i leith agus clár oibre comhaontaithe a chur I bhfeidhm lena chinntiú go bhféachfaimid go honnghníomhach le tabhairt faoi ghníomhartha cuí chun forbairt bhreise a dhéanamh ar an tionscal. Tá an ról lárnach céanna i gcónaí ag mo Roinnse féin agus ag Grúpa Tí Imréitigh an IFSC, ó cuireadh tús leis an IFSC i 1987; agus tá sé i gceist againn páirt ghníomhach a bheith againn ó thaobh na tuarascála seo a chur i bhfeidhm.
Tá soláthar seirbhís ar ardchaighdeán do chustaiméirí (QCS) lárnach ó thaobh forbairt na Seirbhíse Poiblí nua-aimseartha. D’fhéach an Roinn seo riamh le seirbhís den scoth a sholáthar dá custaiméirí. Deimhníonn suirbhéanna le déanaí go bhfuil ár gcuid custaiméirí an-sásta leis an leibhéal seirbhíse a fhaigheann siad agus molann siad go mór éifeachtúlacht agus cairdiúlacht na foirne.
Ráiteas Misin
An chomhairle beartais, an fhaisnéis agus an tacaíocht atá de dhíth chun an Rialtas a sheoladh go héifeachtach, agus chun treoir straitéiseach a thabhairt do bheartais an Rialtais ar bhealach comhordaithe agus sainstiúrtha, a chur ar fáil.
Tá tiomantas i bPáipéar Bán an Rialtais, Rialáil Níos Fearr, cur chuige feabhsaithe a fhorbairt maidir leis an gcaoi a fhéadfar cinntí na rialtóirí a achomharc. Toisc chomh casta is a bhíonn na saincheisteanna a bhaineann le meicníochtaí achomhairc a dhearadh, chinn an Rialtas tús a chur le próiseas comhairliúcháin ar an ábhar, sula bhforbrófaí aon mholadh maidir le hathrú polasaí.
Soláthraíonn I dTreo 2016 an tslí is fearr ar aghaidh trí chreatlach tábhachtach agus straitéiseach a sholáthar chun na dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta atá amach romhainn a chomhlíonadh. Bhí fócas sainiúil ag gach ceann de na comhaontuithe comhpháirtíochta shóisialta a chuaigh roimhe agus bhí nualaíochtaí suntasacha iontu. Maidir le seo forbraíonn I dTreo 2016 creatlach nua chun aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin shóisialta, a bhíonn in aghaidh an duine ag gach céim den shaol. Ciallaíonn sé seo go mbeifear ag díriú ar riachtanais leanaí, daoine fásta óga, daoine ag aois oibre, daoine níos sine agus daoine faoi mhíchumas.