I dTreo 2016 - Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta Deich mBliana 2006-2015
Brollach
Admhaím an méid ama agus iarrachta atá curtha isteach i gcruthú an chomhaontaithe seo. Léiríonn sé seo tábhacht na saincheisteanna atá á phlé agus an tábhacht lárnach atá curtha air ó gach thaobh chun ár gcóras comhpháirtíochta shóisialta a chothabháil.
Chabhraigh Comhpháirtíocht Shóisialta chun fócas straitéiseach a chothabháil ar phríomhthosaíochtaí náisiúnta, agus chruthaigh agus chothaigh sé na coinníollacha le haghaidh fás fostaíochta suntasach, cobhsaíocht fioscach, athstruchtúrú an gheilleagair chun freagra a thabhairt ar dhúshláin agus deiseanna nua, feabhsú drámata i gcaighdeáin maireachtála, trí cánachas agus bolscaireacht níos ísle, agus cultúr chainteanna, a d’fhreastal ar na comhpháirtithe shóisialta, ach níos tábhachtaí fós, ar mhuintir na tíre seo, go han-mhaith.
Ar ndóigh is difriúil iad dúshláin an lae inniu ná iad siúd de na laethanta dorcha sa bhliain 1987, ach ní lúide sin a gcastacht, agus ní lúide an tábhacht iad a sroicheadh le chéile. Anois, mar a bhí sé ansin, táirgeann comhpháirtíocht, mar mheicníocht fuascailte faidhbe, an tslí ar aghaidh is fearr.
Soláthraíonn I dTreo 2016 an tslí is fearr ar aghaidh trí chreatlach tábhachtach agus straitéiseach a sholáthar chun na dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta atá amach romhainn a chomhlíonadh. Bhí fócas sainiúil ag gach ceann de na comhaontuithe comhpháirtíochta shóisialta a chuaigh roimhe agus bhí nualaíochtaí suntasacha iontu. Maidir le seo forbraíonn I dTreo 2016 creatlach nua chun aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin shóisialta, a bhíonn in aghaidh an duine ag gach céim den shaol. Ciallaíonn sé seo go mbeifear ag díriú ar riachtanais leanaí, daoine fásta óga, daoine ag aois oibre, daoine níos sine agus daoine faoi mhíchumas.
Is mór an dúshlán é an cur chuige uaillmhianach seo – beidh ar sheirbhísí poiblí a bheith deartha timpeall ar dhaoine agus ar a gcuid riachtanas, in ionad a bheith bunaithe ar theorannacha riarthacha difriúla. Tógfaidh an cur chuige seo am chun seachadta agus tá moladh déanta sa chomhaontú maidir le conas mar a mholfaimid dul chun cinn a thomhais agus a athbhreithniú thar creatlach comhaontaithe deich mbliana.
Molaim na comhpháirtithe ar gach taobh as an dtiomantas marthanach agus as an gceannaireacht atá léirithe acu le linn an phróisis idirbheartaíochta fada agus fadálach. Táimid, sa Rialtas ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le na Comhpháirtithe Shóisialta chun na huaillmhianacha a bhaint amach, na cinn a roinnimid trí an dáta stairiúil ard-shuntais atá aibhsithe sa teideal, I dTreo 2016.
Parthalán Ó hEachthairn, T.D.,
An Taoiseach
Comhaid Ceangailte:
Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin
Adobe Website