• Tuarascálacha Dhul Chun Cinn ar an bPlean Gníomhaíochta Nuachóirithe

    Céim 3

  • Roinn an Taoisigh - Tuarascáil Bhliantúil 2006

    Seo an t-ochtú Tuarascáil Bhliantúil a d’fhoilsigh an Roinn faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 agus is í an dara tuarascáil í ar dhul chun cinn faoin Ráiteas Straitéise 2005-2007. Leagann an Ráiteas Straitéise seo amach ár bpríomhchuspóirí agus an treo ginearálta in bhfuilimid ag dul. Is ann do phlean gnó gach Rannóige chun cuidiú le seachadadh na gcuspóirí sin, cuspóirí a léirítear i gcuspóirí pearsanta oibre gach oifigigh trí an gCóras Forbartha agus Bainistíochta Feidhmíochta. Déanann an Coiste Comhairleach Bainistíochta monatóireacht ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na bpleananna gnó.

  • Clár don Rialtas

    Leagann an Clár Rialtais seo amach go soiléir agus go h-uaillmhianach ár gcomhfhís d'fhorbairt na hÉireann ins na cúig bliana atá romhainn. Do chuidigh dianobair muintir na hÉireann le sochaí fhuinniúil agus geilleagar láidir a chruthú. Oibreoidh an Rialtas seo in éineacht le muintir na hÉireann leis an sochar seo a chumhdach agus le náisiún láidir inbhuanaithe a thógáil do na glúinte atá le teacht. Creidimid go bhfeidhmeoidh ábhar an Chláir seo mar threoirphlean do na cúig bliana atá romhainn. Dírionn sé ar na mórdhúshláin atá romhainn, agus leagann sé amach conus is féidir tabhairt faoi na dúshláin sin agus iad a shárú. Ag obair dúinn le fuinneamh agus le tiomantas, creidimid go mbeidh ar chumas na hÉireann na dúshláin atá romhainn a thionntú ina ndeiseanna.

  • Clár Comhaontaithe Rialtais Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn - Aibreán 2007

  • AN LÁMHLEABHAR COMH-AIREACHTA

    Is éard atá sa Lámhleabhar seo ná treoir inmheánach Rialtais (Comh-Aireacht) d’Airí. Is é an cuspóir atá aige ná cabhair a thabhairt d’Airí agus d’oifigigh in ullmhú nithe a mbeidh faoi chaibidil ag cruinnithe Rialtais, de réir phrionsabail na comhfhreagrachta. Tugann sé treoir freisin ar roinnt nithe teagmhasacha. Is féidir leis an Rialtas na treoirlínte atá sa Lámhleabhar a athrú de réir mar a mheasann sé a bheith cuí agus, sa chás gur cuí is féidir leis an Rialtas cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag na treoirlínte (go hiomlán nó i bpáirt) i gcúinsí áirithe.