| Na hAchtanna Leasúcháin |
| Gearrtheideal | DátaSínithe |
| An tAcht um an gCéad Leasú ar an mBunreacht, 1939 [ Rinneadh an socrú maidir le staid phráinne chun slándáil an phobail a chur in áirithe agus chun an Stát a chaomhnú in aimsir chogaidh nó ceannairce faoi arm a leathnú chuig coinbhleachtaí nach mbeidh an Stát páirteach iontu.] | 2 Meán Fómhair,1939 |
| An tAcht um an Dara Leasúar an mBunreacht, 1941 [Olltogra inar cuimsíodh réimse Airteagal éagsúil agus arbh é bachuspóir leis slacht a chur ar an mBunreacht i bhfianaise nataithí ó achtaíodh é. ] | 30 Bealtaine, 1941 |
| An tAcht um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1972 [ Ceadaíodh don Státa bheith ina chomhalta de na Comhphobail Eorpacha. ] | 8 Meitheamh, 1972 |
| An tAcht um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972 [ Laghdaíodh an aoisíosta vótála i dtoghcháin Dála agus Uachtaráin agus i reifrinn ó 21 bhliain go 18 mbliana.] | 5 Eanáir, 1973 |
| An tAcht um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972 [ Baineadh den Bhunreacht ionad speisialta na hEaglaise Caitlicí agus an t-aitheantas d'aicmí ainmnithe eile creidimh. ] | 5 Eanáir, 1973 |
| An tAcht um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil), 1979 [Áirithíodh nach bhféadfaí a dhearbhú gur orduithe neamhbhailí iad orduithe uchtála arnandéanamh ag an mBord Uchtála ar an ábhar na chcúirt a rinne iad. ] | 3 Lúnasa, 1979 |
| An tAcht um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais Árdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979 [ Rinneadh socrú maidir le toghadh comhaltaí de Sheanad Éireann ag ollscoileanna agus ag forais eile ardoideachais.] | 3 Lúnasa, 1979 |
| An tAcht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983 [ Admhaíodh ceart na mbeogan breith chun a mbeatha, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha.] | 7 Deireadh Fómhair,1983 |
| An tAcht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984 [Leathnaíodh an ceart vótála i dtoghcháin Dála chuig náisiúnaigh áirithe neamh-Éireannacha.] | 2 Lúnasa, 1984 |
| An tAcht um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1987 [ Ceadaíodh don Státan Ionstraim Eorpach Aonair a dhaingniú. ] | 22 Meitheamh, 1987 |
| An tAcht um an Aonú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992 [ Ceadaíodh don Stát an Conradh ar an Aontas Eorpach (Maastricht) adhaingniú agus a bheith ina chomhalta den aontas sin.] | 16 Iúil, 1992 |
| Níl aon Dóú Leasú Déag ann. Ar an 25 Samhain, 1992, cuireadh trí thogra chun an phobail, an Dóú Leasú Déag, an Tríú Leasú Déag agus an Ceathrú Leasú Déag. Dhiúltaigh an pobal don Dóú LeasúDéag (a bhain le ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) agus thoiligh siad leis an Tríú Leasú Déag agus leis an gCeathrú Leasú Déag (thíos). |
| An tAcht um an Tríú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992 [ Rinneadhs ocrú nach dteorannódh Airteagal 40.3.3° (ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) saoirse chun taisteal idir Éire agus stát eile. ] | 23 Nollaig, 1992 |
| An tAcht um an gCeathrú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992 [ Rinneadh socrú nach dteorannódh Airteagal 40.3.3° (ceart nambeo gan breith chun a mbeatha) saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar fáil maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i stát eile. ] | 23 Nollaig, 1992 |
| An tAcht um an gCúigiú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1995 [ Rinneadh socrú maidir le pósadh a scaoileadh in im thosca sonraithe áirithe. ] | 17 Meitheamh, 1996 |
| An tAcht um an Séú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1996 [ Rinneadh socrú chun go bhféadfadh cúirt bannaí adhiúltú do dhuine atá cúisithe i gciontromaí sa chás go measfar le réasún é a bheith riachtanach chun an duine sin a chosc ar chion tromaí a dhéanamh. ] | 12 Nollaig, 1996 |
| An tAcht um an Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1997 [ Rinneadh socrú go ndéanfaí rúndacht na bpléitíag cruinnithe den Rialtas a urramú ach amháin i gcásina gcinnfeadh an Ard-Chúirt, in imthosca sonraithe áirithe, gur ceart nochtadh a dhéanamh .] | 14 Samhain, 1997 |
| An tAcht um an Ochtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998 [ Ceadaíodh don Stát Conradh Amstardam a dhaingniú.] | 3 Meitheamh, 1998 |
| An tAcht um an Naoú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998 [ Ceadaíodh don Stát a thoiliú a bheith faoi cheangal ag Comhaontúna Breataine-na hÉireann, arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10 Aibreán, 1998, agus rinneadh socrú gombeadh éifeacht ag leasuithe breise ar an mBunreacht, go háirithe ar Airteagail 2 agus 3, nuair a bheadh feidhm ag an gcomhaontú sin. ] | 3 Meitheamh, 1998 |
| An tAcht um an bhFichiúLeasú ar an mBunreacht, 1999 [ Rinneadh socrú maidir le haitheantas bunreachta don ról atá ag rialtas áitiúil agus go ndéanfar toghcháin áitiúla gach cúig bliana ar a laghad.] | 23 Meitheamh,1999 |
| An tAcht um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 [Toirmeasc ar phionós an bháis agus tagairtí a bhaineann le pionós an bháis a scriosadh]. | 27 Márta, 2002 |
| Níl aon Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Níor rith Tithe an Oireachtais an Bille um an Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht,2001 [a bhain le breitheamh a chur as oifig agus ina raibh socrú maidir le comhlacht a bhunú le dlí chun imscrúdú a dhéanamh, nó chun a chur faoi dearaim scrúdú a dhéanamh, ar iompar is mí-iompar ag breitheamh nó ar iompar dá ndéanann éagumas ar thaobh breithimh difear dó]. | |
| An tAcht um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 [Lena gceadaítear don Stát Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta adhaingniú]. | 27 Márta,2002 |
| Níl aon Cheathrú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Ar an 7 Meitheamh, 2001, cuireadh trí thogra faoi bhráid an phobail, is é sin lerá, an tAonú Leasú is Fiche, an Tríú Leasú is Fiche agus an Ceathrú Leasú is Fiche. Dhiúltaigh an pobal don Ceathrú Leasú is Fiche (a dhéileáil le Conradh Nice) agus thoiligh an pobal leis an Aonú Leasú is Fiche agus leis an Tríú Leasú is Fiche (thuas). | |
| Níl aon Chúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Ar an 6 Márta, 2002, cuireadh togra maidir leis an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint]. | |
| An tAcht um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2002. [Lenar ceadaíodh don Stát Conradh Nice a dhaingniú]. | 7 Samhain, 2002 |
| An tAcht um an Seachtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2004.[Saoránacht leanaí a bhfuil tuismitheoiri acu nach náisiúnaigh iad] | 24 Meitheamh, 2004 |
| An tAcht um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2009 [Lenar ceadaíodh don Stát Conradh Liospóin a dhaingniú]. | 15 DeireadhFómhair, 2009 |
| An tAcht um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Luach Saothair Breithiúna), 2011 [alt 5 d'Airteagal 35 den Bhunreacht] | 17 Samhain, 2011 |
| An tAcht um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta), 2012 [Lenarceadaíodh don Stát Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhaingniú] | 27 Meitheamh, 2012 |