Inrochtaineacht
Aithníonn Roinn an Taoisigh an tábhacht atá lena chinntiú go mbeidh ár láithreán inrochtaine ag gach duine agus táthar tiomanta íosleibhéal comhlíonta Dúbailt –A le Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin (WAI) a bhaint amach, Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair Gréasáin agus Treoirlínte Inrochtaineachta IT an Údaráis Náisiúnta Míchumais a chomhlíonadh.
Cuir in iúl dúinn
Cuir in iúl dúinn le do thoil má bhíonn aon deacrachtaí agat ag úsáid an láithreáin seo.Seol ríomhphost chuig an stiúrthóir gréasáin
Áirítear ar roinnt den fheidhmiúlacht ar an láithreán chun cuidiú le húsáideoirí:
AICEARRAÍ AR AN MÉARCHLÁR:
Tá liosta de na heochracha rochtana ar fáil le húsáid ar an láithreán seo:
| 0 | Inrochtaineacht (An Leathanach seo) |
| S | Scipeáil Nascleanúint |
| 1 | Leathanach Baile |
| 2 | Preasráitis |
| 3 | Mapa den láithreán |
| 4 | Barra Cuardaigh |
| 5 | Leagan don Phrintéir |
Chun na heochracha rochtana sin a úsáid, coinnigh ‘ALT’, ‘CTRL’ nó ‘CMD’, ag brath ar cibé brabhsálaí a úsáideann tú, agus ansin brúigh an eochair chuí.Éileoidh Internet explorer ort Iontráil a bhrú tar éis díríú ar aon naisc.
Formáidí Doiciméad:
Tá formhór na bhfoilseachán/na dtuarascálacha ar an láithreán gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF chun go mbeidh siad níos éasca le léamh agus le priontáil as líne. Ní bhíonn an fhormáid sin inrochtaine go héasca ag úsáideoirí a bhfuil míchumais ag dó dóibh.Dá bharr sin tá formhór na ndoiciméad curtha ar fáil i bhFormáid Mhéith-Théacs (RTF) freisin. Teastóidh Adobe Acrobat Reader uait ionas go mbeidh tú in ann rochtain a dhéanamh ar dhoiciméid PDF agus is féidir leat sin a íoslódáil anseo saor in aisce.
Áiseanna Loingseoireachta
- Tá nasc bruscair aráin ar fáil ar barr gach leathanach chun cuidiú le loingseoireacht.
- Tá lipéid ghaolmhara ag gach foirm le rialuithe foirme
- Tá bosca cuardaigh (eochair rochtana 4) ag an leathanach baile agus ag gach leathanach inmheánach.
- Tá ardroghanna cuardaigh ar fáil freisin.
- Scipeáil nasc Loingseoireachta sa cheanntásc láithreáin chun ligeann d’úsáideoirí scipeáil thar loingseoireacht agus chun dul go díreach chuig an bpríomhábhar ar gach leathanach.
Íomhánna
Áirítear tréithe ALT tuairisciúla sna híomhánna ábhair go léir a úsáidtear ar an láithreán seo.Áirítear tréithe ALT neamhnitheacha sna graificí maisitheacha amháin.
Athraigh do roghanna taispeána
Is féidir an tslí a thaispeántar láithreán gréasáin Roinn an Taoisigh a athrú anseo.
Browsealoud
Is ríomhchlár é Browsealoud a léann ábhar an láithreáin gréasáin go léir os ard, doiciméid PDF agus MS Word san áireamh. Deirtear na focail os ard de réir mar a bhogtar an cúrsóir tharstu. Tá Browsealoud saor in aisce don chríoch-úsáideoir agus déanann sé an tIdirlíon i bhfad níos éasca dóibh seo a leanas:
- Daoine a bhfuil scileanna laga litearthachta agus léitheoireachta ag baint leo
- Daoine arb é an Béarla a ndara teanga acu
- Daoine a bhfuil disléicse ag dul dóibh
- Daoine a bhfuil lagamharc éadrom ag dul dóibh
Is brabhsálaí breiseáin Windows é Browsealoud atá deartha le húsáid le Internet Explorer 4 (nó le leagain níos déanaí) nó le Netscape Navigator. Má shuiteáltar an breiseán Browealoud ar do ríomhaire, is féidir na leathanaigh gréasáin ar an láithreán gréasáin seo a léamh ar ais chugat. Chun leas a bhaint as an tseirbhís seo, is féidir an breiseán Browsealoud a íoslódáil chuig do bhrabhsálaí ó http://www.browsealoud.com/. Is féidir leat breathnú ar thuras físeáin chomh maith a chuirfidh ar an eolas tú maidir le conas Browsealoud a úsáid, teacht ar na roghanna agus an bealach a léann Browsealoud an t-ábhar amach duit a athrú.
