Gnóthaí Corparáide
Tá obair an Rannáin Ghnóthaí Corparáide comhdhéanta de na réimsí seo a leanas:
Pearsanra
An tAonad Airgeadais
An tAonad Teicneolaíochta Faisnéise
An tAonad Oiliúna agus Bainistíocht an Athraithe
Aonad na Seirbhísí Bainistíochta
Clárlann agus Cartlann
Féach freisin (thíos):
Príomhdhoiciméid a chuir an Rannán Gnóthaí Corparáide ar fáil
Reachtaíocht a bhaineann leis an Rannán Gnóthaí Corparáide
- Bainistiú Acmhainní Daonna (suíomh foirne, árdú céime, scor, soghluaisteacht etc.)
- Tuarastail (i gcomhar leis an Roinn Airgeadais)
- Bainistiú taifead pearsanra
- Leas Foirne, lena n-áirírtear nósanna imeachta gearáin, disciplín, sláinte & sábháilteacht, etc.
- Riarachán Fleisc-ama
- Cairt Eagraíochtúil
Ar ais go barr
- Bainistiú ar Chóras Bainistithe Airgeadais na Roinne lena n-áirítear orduithe ceannaigh a phróiseáil agus sonraisc a údarú le haghaidh íocaíochta
- Ullmhú na dTuarascálacha Airgeadais don Bhainistíocht agus le ceanglais sheachtracha a chomhlíonadh
- Monatóireacht a dhéanamh ar bhuiséid na Roinne agus bainistiú airgeadais a chur ar fáil don Roinn agus do Chomhlachtaí faoi choimirce na Roinne
- Ullmhú Mheastacháin bhliantúla na Roinne (i gcomhar leis an Roinn Airgeadais)
- Ullmhú Chuntas Leithreasa bliantúil na Roinne
- Cur i bhfeidhm an Chreata um Fhaisnéis Bhainistíochta (CFB)
Téigh i dteagmháil le finance.unit@taoiseach.gov.ie le tuilleadh eolais a fháil
Ar ais go barr
Fócas Straitéiseach
Is é príomhaidhm an Aonaid Teicneolaíochta Faisnéise cabhrú leis an Roinn ina ról ag tabhairt tacaíocht don Taoiseach agus don Rialtas. Déanann sé seo trí infrastruchtúir agus córais Teicneolaíochta Faisnéise slán, solúbtha agus éifeachtúla a chur ar fáil.
Tá an tAonad Teicneolaíochta Faisnéise dírithe ar:
- Fheidhmchláir a fhorbairt a thacóidh le seirbhís ar ardchaighdeán do chustaiméirí a sheachadadh;
- Fhaisnéis leictreonach a bhainistiú;
- Chórais a chur ar fáil chun tacú le próisis agus gnó tras-rannach;
- Thimpeallacht Teicneolaíochta Faisnéise shlán, sholúbtha a chur ar fáil chun tacú le riachtanais na Rann agus iad ag dul chun tosaigh;
Obair an Aonaid Teicneolaíochta Faisnéise
Tá dhá phríomhréimse freagrachta ar an Aonad Teicneolaíochta Faisnéise:
- Bainistiú an Líonra agus Riarachán;
- Forbairt Chóras agus Fheidhmchlár
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Teicneolaíochta Faisnéise ag: itu@taoiseach.gov.ie
Iarratais ar Thairiscintí
Is féidir sonraí na dtairiscintí reatha a fháil anseo
Ar ais go barr
An tAonad Oiliúna agus Bainistíochta an Athraithe
- Tacaíonn le Comhpháirtíocht sa Roinn agus déanann forbairt uirthi.
- Comhordaíonn ullmhú na dTuarascálacha Bliantúla agus na Ráiteas Straitéise
- Tacaíonn le feidhmiú Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF) sa Roinn
- Forbraíonn beartas Gaeilge na Roinne agus cuireann i bhfeidhm é
- Déanann forbairt agus oiliúint foirne á mbainistiú
- Déanann maoirsiú ar bhainistiú (neamhtheicniúil) láithreán gréasáin na Roinne
Ar ais go barr
Aonad na Seirbhísí Bainistíochta
- Bainistiú agus cothabháil a dhéanamh ar an infrastruchtúr fisiciúil
- Troscán, trealamh agus soláthairtí oifige a fháil agus a chothabháil
- Rialacháin Sláinte agus Sábháilteachta a riaradh
- Soláthar seirbhísí stáiseanóireachta agus poist
- Turais an tSathairn ar Thithe an Rialtais a eagrú
Ar ais go barr
Clárlann agus Cartlann
- An córas comhdúcháin lárnach a riaradh agus a chothabháil
- Déanann measúnú agus rialú ar na comhaid a eiseofar leis an gCartlann Náisiúnta faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986
Ar ais go barr
Na príomhdhoiciméid a chuir an Rannán Gnóthaí Corparáide ar fáil
Ar ais go barr
Reachtaíocht a bhaineann leis an Rannán Gnóthaí Corparáide
- An tAcht um Rúin Oifigiúla, 1924
- An tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924
- Acht Rialaithe na Stát Seirbhíse, 1956
- An tAcht um Shláinte agus Shábháilteacht san Obair, 2005
- An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997
- An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998
- An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998
- An tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986
- An tAcht um Chosaint Sonraí, 1986
- Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí,1997
- An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001
- An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003
- Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
- An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004
- An tAcht um Míchumas 2005
- An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003
- An tAcht um Stadás Comhionann 2000
Ar ais go barr