Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí
Is é an Clár ‘Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí’ an téarma a thugtar ar fheidhmiú Ráitis an Rialtais faoi Ag Cur Athrú ar na Seirbhísí Poiblí agus Tuarascála an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí. Bhunaigh an Taoiseach, an tUasal Brian Cowen, T.D., an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí i mBealtaine 2008 chun plean gnímh a fhorbairt mar fhreagairt ar Athbhreithniú an OECD ar an tSeirbhís Phoiblí in Éirinn, ina raibh moltaí a bhí dírithe ar mhóiminteam a thabhairt do thuilleadh athchóirithe ar an tSeirbhís Phoiblí, ar threo nua agus ar phráinn nua.
Bunaíodh an Oifig Cláir d'fhonn bonn á chur faoin obair chun an clár 'Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí' a chur i bhfeidhm. Tá an Oifig lonnaithe i Roinn an Taoisigh. Tugann an Oifig Cláir cúnamh taca don Rialtas maidir leis an gcur i bhfeidhm a thiomáint chun cinn, comhordú a dhéanamh air agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an gclár 'Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí' (ASP) a chur i bhfeidhm. Tugann an Oifig Cláir cúnamh taca freisin d'eagraíochtaí ar fud na Státseirbhíse agus ar fud na Seirbhíse Poiblí ar fad maidir leis an mbeartaíocht athchóiriúcháin. Tá láithreán gréasáin tiomanta ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe ar gach gné den chlár ASP le fáil ag www.rialamhain.ie.
Comhfreagras:
Ainm: Bernadette O'Boyle
Oifig an Chláir
Roinn an Taoisigh
Tithe an Rialtais
Baile Átha Cliath 2
Teil: 00 353 (0) 1 6194234 Nó 00 353 (0) 1 6194462
Ríomhphost:onegov@taoiseach.gov.ie
Tá baill foirne i Ranna eile a chuireann le hobair ghinearálta na hOifige Cláir, go háirithe sa Roinn Airgeadais, agus sna Lárionaid Earnála.
Lárionaid Earnála
Cuireadh Lárionaid Earnála ar bun taobh istigh de réimsí níos forleithne den tSeirbhís Phoiblí - in Earnáil an Rialtais Áitiúil, Earnáil na Sláinte, Earnáil an Oideachais agus san Earnáil Dlí an Chirt. Is é cuspóir atá leo treisiú leis an gclár oibre athrúcháin ag leibhéal na hearnála. Bíonn na Lárionaid gníomhach i mbun cinntiú go gcraobhscaoiltear príomhtheachtaireachtaí ASP ar fud na n-earnálacha ar fad, agus beidh baint mhór acu freisin le beartaíocht phíolótach ar thionscnaimh in éineacht leis an Oifig Cláir Lárnach.
Comhfreagras don Lárionaid Earnála
Comhaid Ceangailte: