Rialáil Níos Fearr

Soláthraíonn Páipéar Bán Rialtais, ‘Rialáil Níos Fearr’, a foilsíodh in Eanáir 2004, an bunús d’obair ar chlár oibre Rialála Níos Fearr. Leagann an Páipéar Bán amach sé phríomhphrionsabal a chaithfear a léiriú agus reachtaíocht agus rialúchán á dhearadh, á chur i bhfeidhm agus á athbhreithniú againn. Is iad na prionsabail sin ná riachtanas, éifeachtacht, comhréireacht, trédhearcacht, freagracht agus comhsheasmhacht. Táimid muiníneach má chloítear leis na pionsabail thuas go gcinnteofar go bhfanfaidh  creat rialála na hÉireann solúbtha agus freagrúil do riachtanais gnó agus saoránaigh araon.

Tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo ar chur i bhfeidhm an Pháipéir Bháin, go háirithe i limistéir maidir le hAnailís ar Thionchar Rialála (RIA), nuachóiriú an Leabhair Reachtanna,  Mapáil Rialála agus feabhas a chur ar an eacnamaíocht rialála do ghnó. Is féidir eolas mionsonraithe breise ar an gclár Rialáil Níos Fearr a fháil ar an láithreán gréasáin tiomnaithe www.Rialáil Níos Fearr.ie.