Athbhreithniú Lárthéarma de Chuid a Dó de Ag Coinneáil an Dul chun Cinn - Pá agus an tIonad Oibre

Réamhrá leis an Taoiseach

Tá an timpeallacht eacnamaíoch reatha i bhfad níos dearfaí anois ná nuair a rinneadh an chéad bhabhta pá de Ag Coinneáil an Dul chun Cinn a idirphlé.  Mar sin féin, léiríonn an t-ardú le gairid ar phraghas an ola arís go bhfuil éiginnteacht i gcónaí i ngeilleagar domhanda an lae inniu.  In éineacht leis an dúshlán a bhaineann le hiomaíocht a bhíonn ann i gcónaí, cuireann sé seo béim ar an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíocht shóisialta agus an cur chuig rialaithe a théann leis - chun folláine eacnamaíoch agus shóisialta a bhaint amach dúinn.

Bhí páirt nach beag ag Ag Coinneáil an Dul chun Cinn sa mhoilliú ar an ngeilleagar domhanda a thosaigh in 2001.  Ó thaobh an fháis gheilleagrach, cruthúpost nua, dífhostaíocht agus ioncam an duine, tá ár bhfeidhmíocht thar an tréimhse go dtí seo i gcomparáid leis an gcuid eile den Aontas Eorpach. Ní shinle rá nach bhfuil dochar déanta dúinn, mar a fheictear go háirithe sa mhéadú atá ag teachtar iomarcaíochtaí.  Mar sin féin, tá cuma níos fearr anois orainn le Ag Coinneáil an Dul chun Cinn ná dá gcinnfim is gan a leithéid a bheith againn.

Sa chaoi ar tháinig siad le chéile leis an Rialtas chun teacht ar an gcomhaontú seo maidir le pá agus nithe gaolmhara, bhí an tasc deireanach ag na fostóirí agus na ceard chumainn a chlúdaíonn na hearnálacha príobháideacha agus poiblí riachtanais ár ngeilleagar agus ár sochaí a réiteach le riachtanais a gcomhaltaí, i gcoinne cúlra ina bhfuil éiginnteacht leanúnach eacnamaíoch.  Creidimse go bhfuil an chothromaíocht cheart bainte amach againn.

Tagann an t-athbhreithniú seo ar phá agus ar nithe gaolmhara le hathbhreithniú lárthéarma Ag Coinneáil an Dul chun Cinn ar bhealach níos ginearálta.  Agus cinneadh á dhéanamh faoi, níos chóir dúinn dearmad a dhéanamh gur páirt atá ann de phlean trí bliana níos leithne, atá le fáil in Ag Coinneáil an Dul chun Cinn, chun dul chun cinn leanúnach a chinntiú i dtreofís na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta de shochaí rathúil, a chur i gcrích,bunaithe ar:

  • eacnamaíocht dhinimiciúil,

  • sochaí rannpháirteach,

  • tiomantas do cheartas sóisialta a chorprú,

  • bunaithe ar fhorbairt leanúnach eacnamaíochta atá inmharthana go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil,agus

  • a thugann freagra ar cheanglais iomaíochta idirnáisiúnta a athraíonn de shíor go speisialta, a thuigtear mar choinníoll riachtanach de dhul chun cinn leanúnach sóisialta agus geilleagrach.

Cosúil le gach comhaontú comhpháirtíochta sóisialta, tá an comhaontú seo mar thoradh ar mhargaíocht chrua ar gach taobh agus tharla sé mar gheall go raibh toilteanas ar gach taobh comhréiteach a dhéanamh ar mhaithe le comhaontú agus a sochair ghaolmhara.  Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh, ar son an Rialtais, le gach duine páirteach as a dtiomantas an Comhaontú seo a bhaint amach.

Bertie Ahern, T.D.,
Taoiseach.

Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin Adobe Website