I dTreo 2016 Athbhreithniú agus Comhaontú Idirthréimhseach 2008-2009
Réamhfhocal
Creidimse gur fhreastail Comhpháirtíocht Shóisialta go hiontach maith ar Éirinn ón mbliain 1987. Bhí ról ríthábhachtach aici inár bhforbairt le linn na tréimhse sin, idir fhorbairt eacnamaíochta agus fhorbairt shóisialta, ina raibh forás eacnamaíochta suntasach le feiceáil chomh maith le caighdeáin mhaireachtála agus seirbhísí poiblí níos fearr.
Is creat straitéiseach deich mbliana d'fhorbairt eacnamaíochta agus shóisialta atá in I dTreo 2016, an Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta atá ann faoi láthair. Leis an Athbhreithniú seo, tarraingítear ar aird an dul chun cinn mór a rinneadh le linn chéad chéim I dTreo 2016, agus tá an Rialtas agus na Comhpháirtithe Sóisialta fós tiomanta comh-aidhmeanna fadtéarmacha an chomhaontaithe a bhaint amach.
Tá dúshláin mhóra amach romhainn sa tír seo anois áfach, dúshláin eacnamaíochta agus fhioscacha, dúshláin nach mba léir iad ag tús I dTreo 2016. San Athbhreithniú agus Comhaontú Idirthréimhseach 2008-2009 seo, athdhearbhaíonn an Rialtas agus na Comhpháirtithe Sóisialta a dtoilteanas obair a dhéanamh i gcomhar chun seasmhacht agus cinnteacht a chur ar fáil d'Éirinnn le linn na hidirthréimhse deacra seo
Is féidir le geilleagar na hÉireann a bheith láidir agus dinimiciúil arís, fad is a ghlacaimid na cinntí cearta le linn na tréimhse deacra seo atá romhainn. Dá bhrí sin, tá Comhaontú Idirthréimhseach tugtha i gcrích againn maidir le saincheisteanna ó thaobh pá agus an ionaid oibre, comhaontú a fhreagraíonn do na dúshláin láithreacha atá roimh an ngeilleagar.
Táimid ar aon intinn freisin maidir leis an ngá atá le hathbheartú tosaíochta a dhéanamh ar chaiteachas poiblí le go bhféadfar cloí leis na príomhphrionsabail mhaicreacnamaíochta atá mar bhonn taca le I dTreo 2016 agus an tús áite atá le tabhairt do chosaint na ndaoine is leochailí a aithint ag an am céanna.
Bhí an idirbheartaíocht sin ar siúl i dtimpeallacht eacnamaíochta atá casta agus atá ag athrú go tapa. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Comhpháirtithe Sóisialta as a dtiomantas agus a ndiongbháilteacht, mar nach bhféadfaí teacht ar réiteach murach an tiomantas agus an diongbháilteacht sin.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a dheimhniú gurb é rún an Rialtais obair dhearfach a dhéanamh leis na Comhpháirtithe Sóisialta i rith na tréimhse dúshlánaí seo ó thaobh an gheilleagair de. Is é an tslí is fearr leis an ceann is fearr a fháil ar na deacrachtaí atá roimh Éirinn anois ná ár n-am agus ár bhfuinneamh a dhíriú ar na dúshláin mhóra seo laistigh de chreat cruthaithe na Comhpháirtíochta Sóisialta.
Brian Ó Comhain, T.D., an Taoiseach
Brian Cowen T.D.,
Taoiseach
Comhaid Ceangailte:
Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin
Adobe Website