Beathaisnéis an Rúnaí Cúnta John Callinan
Ceannaire Rannán Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta, Freagrach as Roinn Beartais Eorpaigh agus Idirnáisiúnta an Taoisigh.
Ceapadh an tUasal Callinan chuig an phost seo i mí Iúil 2007. Bhí roinnt post sinsearach ag an Uasal Callinan i Roinn an Taoisigh roimhe sin, agus ba é an post is deireanaí a bhí aige ná mar Phríomhoifigeach i gceannas ar an Aonad Polasaí Eacnamaíoch, áit ar áiríodh Clár Athchóirithe Náisiúnta na hÉireann faoi Chlár Oibre Liospóin, an próiseas comhpháirtíochta sóisialta agus tacú le Coiste Comh-Aireachta ar infrastruchtúir ar a fhreagrachtaí.
Chaith sé ceithre bliana ag obair ar shaincheisteanna cánachais sa Choimisiún Eorpach chomh maith, agus bhí roinnt post aige leis na Coimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Oifigeach Preas Sinsearach.