Polasaí Sóisialta
Tá freagracht maidir le polasaí sóisialta agus le cuimsiú sóisialta roinnte idir raon leathan de Ranna agus de ghníomhaireachtaí Rialtais, lena n-áirítear An Roinn Sláinte agus Leanaí; An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh; An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Tá sé d’aidhm ag an Aonad don Pholasaí Sóisialta sa Roinn:
- Tacaíocht a chur ar fáil don Taoiseach chun na tiomantais shóisialta atá sa Chlár don Rialtas a chur i gcrích,
- Comhtháthú idir polasaithe agus straitéisí éagsúla sóisialta a chur chun cinn,
- Cur ar chumas an Rialtais agus páirtithe leasmhara eile, go háirithe comhpháirtithe sóisialta, borradh a chur faoin obair anailíse i bpáirt agus faoin ngníomhú i gcomhar, agus
- Treochtaí agus saincheisteanna polasaí a aithint agus tionscnaimh agus freagraí nua a mholadh.
Oibríonn an Roinn seo go dlúth le Ranna agus le gníomhaireachtaí eile chun raon cuspóirí a bhaineann le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Ina measc siúd áirítear An Plean Náisiúnta Gnímh in aghaidh Bochtaineachta agus Eisiamh Sóisialta (Plean Náisiúnta Gnímh san áireamh), An Straitéis Náisiúnta ar Dhrugaí agus an Straitéis Náisiúnta Míchumais.
Is as an Roinn a thagann Rúnaíocht na dtrí Choiste Chomh-Aireachta a leanas, a dhéileálann le raon saincheisteanna a bhaineann leis an bpolasaí sóisialta:
· An Coiste Comh-Aireachta ar Chuimsiú Sóisialta,
· An Coiste Comh-Aireachta ar Leanaí, agus
· An Coiste Comh-Aireachta ar Shláinte.
Tugann Grúpaí Oifigeach Sinsearach, atá faoi chathaoirleacht na Roinne seo, tacaíocht do na Coistí.
Gné amháin a raibh tábhacht ar leith ag baint léi maidir le clár oibre an pholasaí shóisialta ab ea an Tuarascáil ón gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialach “The Developmental Welfare State”, a foilsíodh le déanaí, a thugann cuntas leasaithe ar faoi mar a tháinig stát leasa na hÉireann in inmhe, a aithníonn na heasnaimh shóisialta atá fós in Éirinn d'ainneoin an dul chun cinn suntasach eacnamaíoch atá déanta ag an tír agus a chuireann tús an athuair leis an díospóireacht shóisialta ionas gur féidir comhaontú a fháil ar cé mar ab fhearr a d’fheabhsófaí an chosaint shóisialta in Éirinn. Príomhghné den Chomhaontú reatha Comhpháirtíochta Sóisialta I dTreo 2016 is ea glacadh leis an gcreat saolré mar atá leagtha amach ag an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialach sa tuarascáil sin. Tugtar a thuilleadh sonraí thíos.
An Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta - I dTreo 2016
An Creat Saolré
Is é I dTreo 2016 an comhaontú reatha maidir le comhpháirtíocht shóisialta a ndearna comhpháirtithe sóisialta idirbheartaíocht air sa bhliain 2006. Forbraítear creat nua saolré in I dTreo 2016 chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin shóisialta a bhíonn amach roimh an duine aonair ag gach céim dá shaol nó dá saol. Aithnítear príomhchéimeanna na saolré mar seo a leanas: Leanaí, Daoine in Aois Oibre, Daoine Breac-aosta agus Daoine faoi Mhíchumas.
Aithnítear fís chomhaontaithe agus príomhspriocanna fadtéarmacha i gcomhair gach uile chéim den saolré i gCuid III de I dTreo 2016. Aithnítear gníomhartha tosaíochta comhaontaithe i gcomhair chéim bhunaidh an Chomhaontaithe inti chomh maith.
Áirítear iad seo a leanas ar na príomhréimsí a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu i ndáil le leanaí: forbairt agus cúram luath-óige, torthaí oideachais a fheabhsú, torthaí sláinte a fheabhsú, caitheamh aimsire, spórt, na healaíona agus an cultúr a chur chun cinn, tacaíocht ioncaim, agus leanaí agus a dteaghlaigh.
Leagfar an bhéim is mó i ndáil le daoine in aois oibre ar infhostaitheacht, ar rochtain ar fhostaíocht agus ar ioncam, ar thorthaí sláinte a fheabhsú, ar fhreagrachtaí cúraim, agus ar thithíocht. Tugtar na riachtanais ar leith a bhíonn ag daoine óga i ndáil le hoideachas, le hoiliúint agus fostaíocht, le seirbhísí sláinte agus sóisialta, le hárachas tithíochta agus mótair san áireamh chomh maith.
San áireamh sna réimsí tosaíochta a aithníodh do dhaoine breac-aosta bhí, tacaí pinsin/ioncaim, seirbhísí fadtéarmacha cúraim, tithíocht agus cóiríocht, gluaisteacht a chinntiú, seirbhísí sláinte d’ardchaighdeán a chinntiú, agus deiseanna oideachais agus fostaíochta a chur chun cinn.
Ó thaobh daoine faoi mhíchumas de d’aontaigh an Rialtas agus na Comhpháirtithe Sóisialta go leagann an Straitéis Náisiúnta Míchumais amach straitéis chuimsitheach do chohórt na saolré seo agus tá siad ar chomhfhocal gur chóir an polasaí a bheith dírithe ar fhorfheidhmiú na Straitéise i rith thréimhse an Chomhaontaithe. Ar na saincheisteanna ba thábhachtaí a ardaíodh bhí na seirbhísí sláinte agus oideachais, ioncam, bearta chun deiseanna fostaíochta a chur chun cinn, seirbhísí eolais agus tathanta agus tithíocht agus seirbhísí iompair phoiblí a bheadh curtha in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá raon tograí san áireamh sa Chomhaontú chomh maith atá deartha chun tacaíocht a thabhairt don ról atá ag an earnáil Pobail agus Dheonach agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin faoi leith a bhaineann leis an gcur chuige saolré a chur i bhfeidhm.Áirítear orthu sin maoiniú níos fearr a chur ar fáil don Earnáil agus tiomantais a thabhairt chun airgeadas sóisialta agus chun gníomhaíocht dhaonnachtúil a chur chun cinn.
Lena thuilleadh eolais a fháil faoi I dTreo 2016 féach Rannóga Polasaí, Foilseacháin Comhpháirtíochta Sóisialta ar an suíomh gréasáin seo.
Tuarascálacha nó foilseacháin
Áirítear iad seo a leanas ar na tuarascálacha eile a bhfuil baint ar leith acu le Polasaí Sóisialta:
1. An Straitéis Náisiúnta ar Dhrugaí
2. Athbhreithniú Lár téarma ar an Straitéis Náisiúnta ar Dhrugaí
3. An Straitéis Náisiúnta in aghaidh na Bochtaineachta
4. Athbhreithniú ar an Straitéis Náisiúnta in aghaidh na Bochtaineachta
5. An Straitéis um Easpa Dídine / An Straitéis um Chosc Easpa Dídine
6. An Straitéis um Easpa Dídine Ógánach
7. An Straitéis Náisiúnta Leanaí
8. An Straitéis Náisiúnta Míchumais
Áirítear iad seo a leanas ar na príomhchomhlachtaí náisiúnta a mbíonn baint acu le Polasaí Sóisialta:
- An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach (NESDO)
- An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialach (NESC)
- An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach (NESF)
- Pobail
- An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine
- Oifig an Aire Do Leanaí
- An Oifig um Chuimsiú Sóisialta
- An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
- Foireann na Straitéise Náisiúnta ar Dhrugaí (NDST)
- An Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (NACD)
Áirítear iad seo a leanas ar na Príomhchomhlachtaí Réigiúnacha:
- Comhpháirtíochtaí Limistéir
- Tascfhórsaí Áitiúla ar Dhrugaí / Tascfhórsaí Réigiúnacha ar Dhrugaí
- Boird Forbartha Cathrach/Contae
- Boird Fiontar Cathrach/Contae
- Údaráis Áitiúla
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte