Rannóga Polasaí

Ceann de phríomhfheidhm na Roinne ná tacú le treo bheartas an Rialtais maidir le mhórthosaíochtaí náisiúnta. Déanaimid é seo tré:

  • Comhairle a chur ar fáil don Taoiseach
  • Tacú le peirspictíocht pleanála níos fadtréimhsí agus comhoibriú idirghníomhaireachta
  • Cinntiú go mbíonn leanúnachas agus comhsheasmhacht i gceist idir beartais, agus go ndéantar iad a sheachadadh go héifeachtach.

Éilítear dlúth-chomhoibriú laistigh den Roinn, le Ranna eile, agus le heagraíochtaí seachtracha, chun é seo a dhéanamh do héifeachtach.

Is iad seo a leanas ár dtosaíochtaí beartais reatha:

Aistríodh freagracht as Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí go dtí an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe i 2011.  Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.per.gov.ie agus www.rialailniosfearr.ie

De réir ár Ráiteas Straitéise 2005-2007, bhí tosaíocht eile ann, Sochaí an Eolais agus Polasaí Ríomhrialtais, ach aistríodh freagracht di go dtí Ranna eile i 2008. Tá an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrthafreagrach as Sochaí an Eolais, agus tá an Roinn Airgeadais freagrach as Polaisí Ríomhrialtais.

Tá na leathanaigh a bhain le Sochaí an Eolais agus ríomhRialtas ar an suíomh gréasáin seo roimh 2008 le fáil anseo.