Sochaí an Eolais agus Polasaí Ríomhrialtais

Tá obair ag leanúint ar aghaidh ar phlean gnímh náisiúnta nua ar shochaí an eolais a fhorbairt agus foilseofar é sin sna míonna amach romhainn. Tiocfaidh an tríú plean gnímh náisiúnta seo i gcomharbacht ar Sochaí na Faisnéise a Fheidhmiú in Éirinn (1999) agus Naisc Nua (2002).

Is é Aonad Polasaí Shochaí na Faisnéise (ISPU) i Roinn an Taoisigh atá freagrach as clár oibre Shochaí na Faisnéise a fhorbairt, a chomhordú agus feidhmiú an chláir oibre sin a stiúradh. Is é an aidhm atá againn a chinntiú go bhforbróidh Éire mar Shochaí Faisnéise eolasbhunaithe a bheidh iomaíoch agus rannpháirteach go hiomlán agus go mbeidh na sochair go léir ag Éirinn a thagann leis sin.

Tá sainfhreagracht fheidhmiúil ar an ISPU freisin as na réimsí seo a leanas:

  • poitéinseal an ríomhrialtais a fhorbairt tuilleadh;
  • Sochaí an Eolais uileghabhálach a fhorbairt;
  • an Tionscnamh Rochtana, Scileanna agus Ábhar (ASC) a bhainistiú;
  • an Clár Feidhmithe Ríomhíocaíochtaí Náisiúnta;
  • freagra a thabhairt ar iarratais thuairiscithe ón AE agus ar iarratais thuairiscithe idirnáisiúnta maidir le Sochaí na Faisnéise in Éirinn.

 Liostáil ar nuacht Shochaí an Eolais an ISPU - Tabhair ar aird le do thoil go n-osclóidh an nasc seo i bhfuinneog brabhsálaí nua