Tuaisceart Éireann
Spriocpholasaí
Treoraítear an polasaí maidir le Tuaisceart Éireann ar bhonn sprioc lárnach a bhaineann le síocháin bhuan a chomhdhlúthú agus a choimeád ar oileán na hÉireann, tré gach gnéith de Chomhaontú Aoine an Chéasta a chur i ngníomh i gcomhthéacs na comhurraime, an chomhionannais agus cearta daonna agus i ndeilbh na socruithe institiúideacha agus comhcharadra go léir laistigh de Thuaisceart Éireann, idir an Tuaisceart agus an Deisceart, idir Éire agus an Bhreatain, agus na córais rialtais ar leith san áireamh.
An Próiséas Síochána
B’é Comhaontú na gCaibdlí Ilpháirtí, Comhaontú Aoine an Chéasta nó Comhaontú Bhéal Feirste a cuireadh i gcrích ar an 10ú Aibreán 1998, buaicphointe dianchainteanna a lean ar feadh tréimhse cúpla bliain. Leagann an Comhaontú structúr i dtrí shraith amach, ina measc caidrimh laistigh de Thuaisceart Éireann, idir an Tuaisceart agus an Deisceart, agus idir Éire agus an Bhreatain.
Tá athruithe bunreachtúla, atá riachtanach chun prionsabal an toilithe a thacú, i gceartlár an chomhréitithe. Déanann an Comhaontú foráil ar bhunú Tionóil Thuaisceart na hEireann agus ar Údarás Feidhmiúcháin, Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus comhlachtaí gaolmhara forfheidhmithe, Comhairle na Breataine-na hÉireann agus Comhdháil Idir-rialtasach na Breataine-na hÉireann. Maraon leis na forálacha bunreachtúla agus institiúdeacha, tá forálacha eile sa Chomhaontú i dtaobh cearta daonna, díchoimisiúnú, slándáil, póilíniú agus ceartas agus príosúnaigh.
Fiosrúcháin
Táthar taréis líon fiosrúcháin maidir le heachtraí a tharla san am atá caite a bhunú. Seo leanas roinnt ceangail úsáideacha ina dtaobh sin.
Téarmaí tagartha: Buamaí Bhaile Átha Cliath/Mhuineacháin
Coimisiún fiosruithe: Buamaí Bhaile Átha Cliath/Mhuineacháin 1974
Buamaí Bhaile Átha Cliath, Mhuineacháin agus Dún Dealgan
A Thuille Eolais
Cuidíonn Roinn an Taoisigh leis an Taoiseach a chuid cúramaí mar Cheann an Rialtais sa limistéar rí-thábhachtach seo a chomhlíonadh agus déanann an Roinn comhordú leis na Ranna Rialtais cuí, go háirithe leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
Déileáileann Rannóg Thuaisceart Éireann le foirmliú pholasaithe straitéiseacha, le comhordú agus le cumarsáid. Tugann an Rannóg tacaíocht don tasc chun Comhaontú Aoine an Chéasta a aontaíodh i mBéal Feirste ar an 10ú Aibreán 1998 a chur i ngníomh.
Tá cóipeanna d’óráidí an Taoisigh agus ráitis preas ar Thuaisceart Éireann ar fáil mar chuid de bhunachar níos forleithne d’ábhar dá shórt, i Rannóg an Phreas ar shuíomh idirlíon Roinn an Taoisigh.
Seo leanas roinnt cáipéisí ina gcuirtear suim go forleathan:
Tuarascáil Dhomhnach na Fola
Domhnach na Fola agus Binse Fiosruithe Widgery: Athbhreithniú Rialtas na hÉireann ar Ábhar Nua, a cuireadh faoi bhráid Rialtas na Breataine i Meitheamh 1997.
Forfhógra Sráid Downing
Forfhógra comhpháirteach a rinne an Taoiseach Albert Reynolds T.D. agus Príomh Aire na Breataine, An tOir. John Major M.P. ar an 15ú Nollaig 1993.
An Deilbhcháipéis Comhpháirteach
Deilbhcháipéis nua i leith comhaontú a d’fhoilsigh Rialtaisí na hÉireann agus na Breataine ar an 22ú Feabhra 1995
Tuarascáil Mitchell
Tuarascáil an Chomhlachta Idirnáisiúnta inar ghlac an Seanadóir George Mitchell (Cathaoirleach), an Ginearál John de Chastelain agus an tUas. Harri Holkeri páirt, an 22ú Eanáir 1996.
Tuarascáil Patten
Tús Nua: Póilíneacht i dTuaisceart Éireann. Tuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách ar Phóilíneacht i dTuaisceart Éireann, Meán Fómhair 1999.
An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999
An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 a leagann amach cur i ngníomh Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Moltaí Rialtaisí na Breataine agus na hÉireann i leith Comhaontú Cuimsitheach (8ú Nollaig, 2004)
Freagraíonn an Taoiseach ceisteanna i nDáil Éireann go minic ar ábhair maidir le Tuaisceart Éireann, ar féidir iad a rochtain tré cliceáil ar an nasc seo leanas:
Díospóireachtaí Dála
| Teagbháil: | Rannóg Thuaisceart Éireann agus Cúrsaí Idirnáisiúnta |
| | Tithe an Rialtais |
| | Sráid Muirfean Uachtarach |
| | Baile Átha Cliath 2. |
Tuaisceart Éireann