Comhlachtaí poiblí agus an saoránach - treoir ón Ombudsman i leith dea-chleachtas do sheirbhísigh phoiblí
(A foilsíodh 1997)
Is é atá i gceist le déileáil le daoine ar bhealach cuí ná déileáil leo
- go tapa, gan an iomarca moille;
- mar is cóir de réir dlí agus rialacha eile a chuimsíonn a gcuid teidlíochtaí;
- go tuisceanach, agus aird a thabhairt ar aois an duine, ar a c(h)umas chun rialachaa thuiscint a dfhéadfadh a bheith casta, ar aon mhíchumas dá mbeadh air/uirthi, arphríobháideachas agus ar áisiúlacht;
- go cabhrach, trí chleachtais, foirmeacha agus eolas ar theidlíochtaí agus seirbhísía shimpliú, trí thaifid ar fónamh a choimeád, trí eolas soiléir beacht a sholáthari dtaobh theorainneacha ama nó coinníollacha eile a dfhéadfadh teidlíochtaí daoinea chur ó mhaith;
- go freagrach, agus gan doicheall ná colg a léiriú fiú i gcás go bhfuiltear imníochi dtaobh chaingean dlí.
Is é atá i gceist le déileáil go cothrom le daoine ná déileáil leo
- mar a dhéileáilfeá le haon duine eile sna tosca céanna;
- trína thuiscint go bhfuil a dtábhacht féin le rialacha agus rialúcháin ó thaobh
cothrom na Féinne a chinntiú ach nár chóir iad a chur i bhfeidhm chomh dochtdo-athraithe sin agus go mbeadh éagothroime mar thoradh orthu;
- pionós a ghearradh de réir mar is gá chun a chinntiú go gcloífear leis na rialacha,agus gan pionós iomarcach a ghearradh;
- a bheith toilteanach chun rialacha agus cleachtais a athbhreithniú agus iad a athrú más gá;
- dóthain foláirimh a thabhairt sula n-athraítear rialacha ar shlí a mbeadh tionchardiúltach aige ar theidlíochtaí daoine;
- córas inmheánach athbhreithnithe a bheith ann sa chaoi is gur féidir athmhachnamh a dhéanamh ar aon chinneadh a mbeadh tionchar diúltach aige ar dhuine agus sa chaoi gur duine éigin nach raibh bainteach leis an gcéad chinneadh a dhéanfas an scéal a athbhreithniú;
- daoine a chur ar an eolas faoi conas is féidir leo achomharc a dhéanamh, comhoibriú go fonnmhar lena leithéid dachomharc agus cluas a thabhairt diarratais ar shásamh a fháil.
Agus, go deireanach, is é atá i gceist le déileáil le daoine go neamhchlaonta" ná déileáil leo
- trí gach cinneadh a dhéanamh de réir riachtanais na rialacha agus an dlí agus neamhaird a dhéanamh daon rud nach mbaineann le hábhar;
- gan leithcheal a dhéanamh mar gheall ar dhath craicinn daoine, inscne, stádas pósta, cúlra eitneach, claonadh gnéasach, dearcadh agus iompar, clú, cé iad féin nó cé hiad na daoine a bhfuil aithne acu orthu;
- trína chinntiú, i gcás go bhfuil an tseirbhís bunaithe ar ord tosaíochtaí, go bhfuil an scéim oscailte agus trédhearcach;
- féachaint chuige nach n-imríonn do chlaontaí féin tionchar ar bith ar an bpróiseas cinnteoireachta.