CAIRT DO CHUSTAIMÉIRÍ
Cairt Chustaiméirí Roinn an Taoisigh
Tá Roinn an Taoisigh tiomanta seirbhís ghairmiúil éifeachtúil chúirtéiseach a chur ar fáil dár gcustaiméirí go léir.
Is é an sainordú atá againn tacú leis an Taoiseach ina ról bunreachtúil agus deasghnách mar Cheann an Rialtais agus cuidiú leis ceannaireacht, comhordú agus treoir éifeachtach a thabhairt thar réimsí beartais príomha.Freastalaíonn foireann na Roinne go coinsiasach agus go neamhchlaonta ar Thaoiseach agus ar Rialtas an lae, ar na hAirí Stáit, ar fhorais eile de chuid an Stáit agus ar an bpobal i gcoitinne agus iad ag gníomhú go dúthrachtach, go héifeachtúil agus le cúirtéis i gcónaí.
Gealltanais dár gcustaiméirí
Tá sé mar aidhm againn seirbhís den scoth a chur ar fáil a léiríonn do chuid riachtanas agus ionchas.Chun é sin a bhaint amach, tugaimid na gealltanais seo a leanas:
Forbairt agus Cur i bhFeidhm Beartas
Beidh sé mar aidhm againn a chinntiú go gcuirfidh an méid a chuirfimid le forbairt agus cur i bhfeidhm beartas Rialtais luach lenár spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach.
Teagmháil a Dhéanamh leis an Roinn
Cuirfimid mionsonraí maidir le ról/feidhm na foirne ar fáil i bhfoilseacháin iomchuí agus ar na láithreáin ghréasáin agus cuirfimid faisnéis teagmhála shonrach ar fáil i ngach comhfhreagras.
Freagraí a Thabhairt Duit
Gheobhaidh tú freagraí soiléire, tráthúla agus beachta ar gach comhfhreagras, lena n-áirítear ríomhphoist. Má bhaineann do chomhfhreagras le hábhar a thagann faoi réimse freagrachta chomhlacht poiblí eile, cuirfimid an comhfhreagras ar aghaidh chuig an gcomhlacht sin agus cuirfimid tusa ar an eolas dá réir sin. Má dhéanann tú teagmháil linn ar an teileafón, déileálfaidh ball foirne cuiditheach le do cheist gan mhoill nó, mura mbeidh ar a gcumas freagra a thabhairt ar do cheist, déanfaidh siad socrú go dtabharfaidh duine eile freagra ort.
Cruinnithe
Eagrófar agus tionólfar cruinnithe go héifeachtúil agus go héifeachtach. Is féidir leat a bheith ag súil le saoráidí cruinnithe den scoth, le fógra in am agus le doiciméid shoiléire agus bheachta a bheith dáilte roimh gach cruinniú.
Cuairteoirí chun na Roinne
Caithfear go cúirtéiseach le gach cuairteoir chun na Roinne agus déanfar iad a threorú chuig an gceann scríbe a bheidh uathu go tapa. Cuirfear saoráidí fáiltithe den scoth ar fáil, lena n-áirítear cúram cuí a dhéanamh do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Seirbhísí Meán
Cuirfimid mionteagaisc chuimsitheacha agus thráthúla ar fáil do bhaill na meán cumarsáide maidir le beartais agus gníomhaíochtaí an Rialtais. Beidh baill foirne chuí ar fáil freisin lena chinntiú go bhfaighidh tú freagra sásúil go tapa ar do chuid ceisteanna.
An Ghaeilge
Cinnteoimid go mbeidh custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge in ann é sin a dhéanamh.
Láithreáin ghréasáin agus foilseacháin
Cuirfimid láithreáin ghréasáin ar fáil a mbeidh teacht éasca orthu, a chuirfidh faisnéis ar fáil agus a bheidh inúsáidte. Cinnteoimid go mbeidh ár gcuid foilseachán soiléir agus beacht, go dtabharfaidh siad aghaidh ar riachtanais úsáideoirí agus go mbeidh siad ar fáil ar ár láithreáin ghréasáin.
Turais ar Thithe an Rialtais
Cuirfimid turais eolasacha ar Thithe an Rialtais ar fáil arna reáchtáil ag treoraithe cáilithe chun eispéireas dearfach a thabhairt duit agus tú ar chuairt chugainn.
Éagsúlacht agus Comhionannas
Beidh meas againn ar phrionsabail chomhionannais agus éagsúlachta ár gcustaiméirí agus ár seirbhísí go léir á seachadadh.
Soláthróirí
Oibreoimid nósanna imeachta tairisceana/ceannacháin soiléire, neamhchlaonta agus trédhearcacha.
Meastóireacht agus tuairisciú
Forbraíodh an Chairt seo tar éis comhchomhairle le raon leathan dár gcustaiméirí.Tá critéir shainithe againn a ndéanfaimid ár bhfeidhmíocht a mheas ina n-aghaidh maidir le gach gealltanas dár gcuid agus déanfaimid suirbhéanna rialta ar ár gcustaiméirí maidir le caighdeán na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Tabharfaimid tuairisc maidir lenár bhfeidhmíocht in aghaidh gach ceann de na critéir sin inár dTuarascáil Bhliantúil.
Fáilteoimid roimh do chuid tuairimí agus moltaí maidir leis an gCairt seo, nó maidir le haon cheann de na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Tá nós imeachta againn freisin maidir le freagra a thabhairt ar aon ghearán a d’fhéadfadh a bheith agat, agus is féidir é seo a fheiceáil trín nasc Gearáin a Phróiseáil.
Ar an láimh eile, bímid ag súil go gcaitear len ár bhfoireann go cúirtéiseach agus le meas
FEIDHMIÚ A THOMAS AGUS A MHEAS
Cuirfimid na meicníochtaí cuí i bhfeidhm chun feidhmiú a thomhas agus a mheas le hais na gceangaltas atá in ár gCairt, agus coinneoimid é faoi athbhreithniú dfhonn ár seirbhís a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Déanfaimid tuairisc ar ár bhfeidhmiú inár dTuarascáil Bhliantúil.
Is iad na táscairí a mbainfimid úsáid astu chun feidhmiú a thomhas ná:
- Forbairt agus Cur i bhFeidhm Beartas:
- Déanfar dul chun cinn a thuairisciú le hais na gcuspóirí/tosaíochta in ár Ráiteas Straitéise
- Aiseolas ó chustaiméirí maidir lena gcuirimid le forbairt bheartas
- Teagmháil linn:
- Tá eolas ar ról/fhoireann na Rannóg éagsúil le fáil sa Treoir um Shaoráil Faisnéise, ar ár láithreáin ghréasáin agus sna foilseacháin chuí
- Bíonn ainm teagmhálaí, uimhir ghutháin agus seoladh ríomhphoist an té a bhíonn ag plé leis an gcás le fáil i ngach comhfhreagras scríofa agus in gach comhfhreagras a dhéantar tríd an ríomhphost
- Comhfhreagras:
Scríofa:- Tugtar freagra ar gach comhfhreagras taobh istigh de thrí lá oibre ón lá a fhaightear é
- Tugtar freagra iomlán ar gach comhfhreagras taobh istigh de 15 lá oibre ón lá a fhaightear é nó, nuair nach féidir é sin a dhéanamh, tugtar freagra eatramhach faoin gcás a mhíníonn an staid ag a bhfuil an cás agus a thugann le fios cén uair a n-eiseofar freagra substainteach
Ríomhphost:- Tugtar freagra ar gach ríomhphost a dteastaíonn freagra uaidh taobh istigh de lá oibre amháin ón lá a fhaightear é
- Tugtar freagra iomlán ar gach ríomhphost den chineál seo taobh istigh de 15 lá oibre ón lá a fhaightear é nó, nuair nach féidir é sin a dhéanamh, freagra eatramhach a mhíníonn an scéal agus a thugann le fios cén uair a n-eiseofar freagra substainteach
- Bainfidh gach comhalta foirne úsáid as freagraí uathoibríocha agus iad as láthair ón oifig
- Guthán:
- Freagrófar 90% de ghlaonna a chuirtear ar lasc-chlár na Roinne taobh istigh de 15 soicind
- Cuirfear gach duine a ghlaonn ar aghaidh chuig an gcomhalta foirne/rannóg cheart
- Cuirfidh gach comhalta foirne é/í féin in aithne don té atá ag glaoch nuair a fhreagraíonn siad an guthán
- Freagróidh comhaltaí foirne ar gach teachtaireacht ghlórphoist taobh istigh de lá oibre amháin
- Cuirfear teachtaireachtaí cuí glórphoist atá cothrom le dáta ar fáil chun infhaighteacht na gcomhaltaí foirne a chur in iúl
- Cruinnithe:
- Tugtar réamhfhógra seachtaine ar a laghad maidir le cruinnithe (ach amháin nuair a aontaíonn gach rannpháirtí a mhalairt)
- Dáiltear páipéir le haghaidh cruinnithe ar a laghad trí lá oibre roimh ré (ach amháin nuair a aontaíonn rannpháirtithe ar a mhalairt)
- Leibhéil shásamh na gcustaiméirí maidir le heagrú agus reáchtáil na gcruinnithe
- Leibhéil shásamh na gcustaiméirí maidir leis na háiseanna a chuirtear ar fáil
- Cuairteoirí chuig an Roinn:
- Leibhéil shásamh na gcustaiméirí maidir leis na háiseanna agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil
- Bailítear cuairteoirí ón bhfáiltiú taobh istigh de chúig nóiméad ón am a mbítear ag súil leo
- Déantar feabhsúcháin ar fhoirgnimh chun an tslí a éascú do daoine atá faoi mhíchumas
- Déanamh de réir chaighdeáin Shláinte agus Shábháilteachta
- Na Meáin Chumarsáide:
- Foilsítear príomhóráidí beartas agus preasráitis ar an láithreán ghréasáin taobh istigh de lá oibre amháin
- Leibhéil shásamh na gcustaiméirí maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil
- An Ghaeilge:
- Cuirtear Scéim na dTeangacha Oifigiúla ar bun faoi dháta a aontaítear leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
- Cuirtear an scéim i bhfeidhm taobh istigh de thréimhse ama aontaithe
- Leibhéil shásamh na gcustaiméirí maidir le seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge
- Láithreáin Ghréasáin agus Foilseacháin:
- Láithreáin ghréasáin inúsáidte atá cothrom le dáta, fíoraithe ag luacháileachtrach
- Gach foilseachán le fáil ar an láithreán ghréasáin ag an am céanna le gach meán eile
- Láithreán ghréasáin atá faoi réir WAI (leibhéal 1 agus 2)
- Cuairteanna ar Fhoirgnimh Rialtais:
- Leibhéil shásamh na gcustaiméirí i dtaobh na dturas a chuirtear ar fáil
- Comhionannas agus Éagsúlacht:
- Glactar céimeanna chun feasacht chomhaltaí foirne ar chúrsaí comhionannais agus éagsúlachta a fheabhsú
- Gan aon ghearán in éadan na Roinne ar bhonn comhionannais/éagsúlachta
- Soláthraithe:
- Gach soláthar déanta de réir nósanna imeachta soiléire tairisceana (faoi réir Threoirlínte an Choiste um Chonarthaí Rialtais)
- Íoslaghdaítear íocaíochtaí déanacha (i gcomhréir le líon iomlán na n-íocaíochtaí a dhéantar)
Conas a dhéanfaimid ár bhfeidhmiú a thomhas:
Bainfimid úsáid as réimse uirlisí tomhais/meastóireachta, idir chineálach agus cainníochtúil, chun ár bhfeidhmiú a thomhas, lena n-áirítear:
- Aischothú agus moltaí ón ár gcustaiméirí ar bhonn leanúnach;
- Ag dul i gcomhairle lenár gcustaiméirí trí shuirbhéanna, agallaimh chuimsitheacha, fócas ghrúpaí, srl., tagarmharcáil maidir lenár bhfeidhmithe le hais torthaí a baineadh amach san am a chuaigh thart;
- Úsáid a bhaint as córais fhaisnéise bhainistíochta inmheánaí (m.sh. córais loirg chomhfhreagrais, ringmaster, srl.)
- Iniúchta Míchumais, déanamh de réir chaighdeáin Shláinte agus Shábháilteachta, meastóireacht eachtrach ar láithreáin líonra,srl.;
- Úsáid a bhaint as teicnicí cosúil le siopadóireacht rúndiamhair.
Oiliúint:
Déanfaimid infheistíocht in oiliúint do chomhaltaí foirne i dtaobh seirbhísí do chustaiméirí, go háirithe dóibh siúd a bhíonn i dteagmháil go rialta leis an bpobal.
Comhaid Ceangailte:
Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin
Adobe Website