Innovation Taskforce

Tascfhórsa Nuálaíochta

An 29 Meitheamh d’fhógair an Taoiseach,  An tUasal Brian Ó Comhain, T.D ceapadh an Tascfhórsa Nuálaíochta nua chun comhairle a chur ar an Rialtas  maidir leis an straitéis Éire a bheith mar Mhol Forbartha Nuálaíochta Idirnáisiúnta agus chun cabhrú le Geilleagar Stuama a chur i bhfeidhm.  Foilsíodh straitéis an Rialtais maidir le Geilleagar Stuama, Ag Cur le Geilleagar Stuama na hÉireann: Creat um Athnuachan Eacnamaíochta Inbhuanaithe i mí na Nollag 2008.

Agus comhaltaí an ghrúpa á gceapadh ag an Taoiseach dúirt sé “An Ceacht atá le foghlaim ó dhroch-chúluithe geilleagair domhanda san am a caitheadh ná go gcaithfidh tíortha an stoirm gheilleagrach a sheasamh agus caithfidh siad a n-geilleagar a athstruchtúrú chun díriú ar an gcéad bhabhta eile fáis geilleagrach. D’aithin ‘Ag Cur le Geilleagar Stuama na hÉireann’ réimse beart chun Éire a athrú isteach ina Oileán Nuálaíochta. Inniu, tá áthas orm ceapadh an Tascfhórsa Nuálaíochta a fhógairt a chabhróidh leis an Rialtas an fhís seo a bhaint amach.

Tá an Tascfhórsa ag scrúdú roghanna chun leibhéil nuálaíochta agus na rátaí tráchtálaíochta taighde agus forbartha a mhéadú ar bhonn náisiúnta, d’fhonn luas a chur le fás fhiontraíocht dhúchasach agus chun dian-infheistíocht dhíreach fhaisnéise nua a mhealladh. Tá an grúpa ag cuidiú le feidhmiú na straitéise Rialtais atá ann cheana: an Straitéis Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta (SSTI)agus Ag Cur le Geilleagar Stuama na hÉireann.  Léirítear é sin i dTéarmaí Tagartha an Ghrúpa.

Tá an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht  an Uasal Dermot McCarthy, Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh. Áirítear ar Chomhaltaí an Tascfhórsa ionadaithe ón earnáil príobháideach, Oideachas Tríú Leibhéal agus Ranna agus Gníomhaireachtaí an Rialtais ábhartha. Iarradh ar an Tascfhórsa tuairisc a chur faoi bhráid an Rialtais laistigh de shé mhí ón gcéad chruinniú, a tionóladh an 17 Iúil 2009.

Ceisteanna a Chuirtear go Minic maidir leis an Tascfhórsa

 

Téarmaí Tagartha:

 

I gcomhthéacs an Chreata um Athnuachan Eacnamaíochta Inbhuanaithe de chuid an Rialtais, Ag Cur le Geilleagar Stuama na hÉireann agus an Straitéis Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta, agus ag tarraingt ar cheachtanna ó shamhlacha idirnáisiúnta agus náisiúnta rathúla.

  • roghanna a scrúdú chun leibhéil nuálaíochta agus na rátaí tráchtálaíochta taighde agus forbartha a mhéadú ar bhonn náisiúnta, d’fhonn luas a chur le fás agus le scálú fhiontraíocht dhúchasach agus chun dian-infheistíocht dhíreach fhaisnéise nua a mhealladh;
  • moltaí a thabhairt chun cinn chun na naisc idir institiúidí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha a fheabhsú chun éiceachóras tráchtálaíoch agus nuálaíoch cuimsitheach a chinntiú;
  • aon sainbhearta beartais a aithint a bhféadfadh gá a bheith leo chun tacú leis an gcoincheap Éire a bheith mar Mhol Forbartha Nuálaíochta Idirnáisiúnta lena n-áirítear sna réimsí reachtaíochta, beartas oideachais, socruithe maoine intleachtúla, caipiteal fiontair agus beartas inimirce;

 

Grúpaí Oibre

Ó tharla go bhfuil Clár Oibre mór roimh an nGrúpa anois, fráma ama tuairiscithe réasúnta teoranta de 6 mí agus saineolas agus taithí shuntasach na gcomhaltaí, tá sé socraithe gurb é an bealach is fearr chun na Téarmaí Tagartha a chur chun cinn ná trí roinnt Grúpaí Oibre dírithe a bhunú, a bhreithneoidh gnéithe áirithe den Chlár Oibre. Beidh sé mar thasc ag na Grúpaí seo moltaí a fhorbairt a bhreithneofar ag cruinnithe  iomlánacha agus a ionchorprófar isteach i dTuarascáil deiridh.

Grúpa 1: dreasachtaí, maoin intleachtúil agus caipiteal fiontair: bearta a aithint chun nuálaíocht, tráchtálaíocht agus fiontraíocht a mhéadú lena n-áirítear athruithe le dreasachtaí, socruithe maoine intleachtúla agus straitéisí IP


Grúpa 2:Tráchtálaíocht, aistriú teicneolaíochta agus teicneolaíochtaí coinbhéirseacha  lena n-áirítear struchtúir institiúideacha a scrúdú do sheachadadh maoine R&D, conas tráchtálaíocht taighde a mhéadú, aistriú teicneolaíocha a mhéadú agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí coinbhéirseacha a chur chun cinn.

Grúpa 3: Oileán Nuálaíochta a bhaint amach – conas Éire a dhaingniú agus a chur chun cinn mar an t-oileán nuálaíochta lena n-áirítear fiontraithe, FDI, tosaithe idirnáisiúnta agus infheistíocht R&D ón earnáil phríobháideach.

Grúpa 4:Mol Forbartha Nuálaíochta Idirnáisiúnta (Baile Átha Cliath): ag tacú le forbairt Chomhaontas TCD/UCD lena n-áirítear bearta beartais tacaithe riachtanacha a aithint.