Chuir an Taoiseach Enda Kenny fáilte roimh Phríomh-Idirbheartaí an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Brexit, Michael Barnier, chuig Tithe an Rialtais inniu.
Beidh an tUasal Barnier, a chuaigh i mbun oifige ar an 1 Deireadh Fómhair, i gceannas idirbheartaíocht theicniúil an AE leis an Ríocht Aontaithe, faoi stiúir pholaitíochta Cheanna Stáit nó cheanna Rialtais an AE ag an gComhairle Eorpach, nuair a bheidh Airteagal 50 curtha i bhfeidhm ag Rialtas na Breataine.
Tá a chuairt ar Bhaile Átha Cliath ar cheann de shraith cuairteanna ar phríomchathracha an AE sula gcuirtear tús le hidirbheartaíocht fhoirmiúil an bhliain seo chugainn.
Agus é ag caint tar éis an chruinnithe, dúirt an Taoiseach:
"Bhí ríméad orm bualadh le Michel Barnier i mBaile Átha Cliath inniu - tá aithne mhaith againne air anseo in Éirinn; tuigeann sé an ceangal láidir staire, polaitíochta agus eacnamaíochta atá idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, agus tuigeann sé a thiomanta atáimid do bhallraíocht san AE.
Le linn dúinn cúrsaí a phlé, thapaigh mé an deis béim a chur ar na tosaíochtaí atá ag Éirinn maidir le Brexit, agus ar an iliomad ceisteanna casta a bhaineann le Tuaisceart Éireann, an Comhlimistéar Taistil agus a dhoimhne atá ár gcaidreamh lena chéile ar bhonn eacnamaíochta agus trádála.
Beidh ról fíorthábhachtach ag Michel agus ag an gCoimisiún Eorpach san idirbheartaíocht chasta a gcuirfear tús léi san earrach seo chugainn. Mar sin, sheas sé dúinn a chuid tuairimí faoin bpróiseas agus faoin gcaoi a bhféadfaí dul i mbun idirbheartaíochta a chloisteáil.
Beimid ag obair go dlúth le foireann an Choimisiúin sna míonna amach romhainn agus muid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a ghabhann le Brexit."
Bhí cruinnithe i rith an lae ag an Uasal Barnier leis an Tánaiste Frances Fitzgerald, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Charlie Flanagan, agus an tAire Gnóthaí Eorpacha, Dara Murphy.