Aire Stáit um Chosaint

 

Paul Kehoe

Is as Inis Córthaidh, Co. Loch Garman Paul Kehoe.  Atoghadh chun Dáil Éireann é sa bhliain 2016.  Tá sé ina ionadaí ar dháilcheantar Loch Garman ó 2002. Ceapadh é ina Aire Stáit le freagracht speisialta do Chosaint i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Cosanta an 06 Bealtaine.   Ba é Príomh-Aoire an Rialtais é ó Mhárta 2011 go Bealtaine 2016. 

Toghadh chun na Dála ar dtús é i mí Bealtaine 2002 agus ina Phríomh-Aoire d'Fhine Gall i mí Deireadh Fómhair 2004.

Bhí sé ina leas-urlabhraí ar ghnóthaí Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha ó Mheitheamh 2002 go dtí Deireadh Fómhair 2004. D'fhóin sé freisin ina Phríomh-Aoire Cúnta ag Fine Gael.

Bhí sé Oifigeach Óige le CLG Loch Garman chomh maith le bheith ina chathaoirleach ar Mhacra na Feirme (bhain sé Gradam Náisiúnta Ceannaireachta Macra amach) agus ina chathaoirleach ar Fhleadh Cheoil na hÉireann Inis Córthaidh.

Is ball é de chumann tacaíochta CLG Loch Garman agus d'Iontaobhas Oilithreachta Leanaí faoi Éalang na hÉireann.

Tá sé ina bhall d'Fhine Gael ó bhí sé óg agus bhí sé i mbun oifige i roinnt craobhacha, ina measc ina Chathaoirleach Dúiche agus ina Oifigeach Óige Contae.