Rialacháin maidir le hAthúsáid Eolais Seirbhíse Poiblí 2005 (IR 279 de 2005)

 

Bíonn na rialacháin maidir le hAthúsáid Eolais Seirbhíse Poiblí á gcomhlíonadh ag Roinn an Taoisigh agus spreagaimid athúsáid an eolais a chuirimid ar fáil. Tá na rialacháin le fáil ag www.psi.gov.ie.

Tá an t-eolas go léir atá ar ár láithreán gréasáin faoi réir chóipcheart Roinn an Taoisigh mura dtugtar a mhalairt le fios. Féadfaidh tú an t-eolas atá ar an láithreán gréasáin seo a athúsáid in aon fhormáid saor in aisce.

Féadfar eolas agus doiciméid a fhaightear ón láithreán gréasáin seo a athsholáthar agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais PSI is deireanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie.