HomeNewsArchived Speeches and Press Releases

Brón ar an Taoiseach faoi bhás Nollaig Uí Ghadhra

 

Dúirt an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain inniu go raibh brón air a chloisteáil gur bhásaigh Nollaig Ó Gadhra. B'Éireannach bródúil a bhí ann, fear a sheas ceart don chultúr agus staraí mór le rá a rinne go leor chun ár dtuiscint ar Éirinn nua-aimseartha a fhorbairt. Bhí an-ghrá aige don Ghaeilge agus gean aige ar ár n-oidhreacht náisiúnta.

Údar, iriseoir, léachtóir agus craoltóir dearscnaitheach ab ea Nollaig. Bhí sé ar dhuine de na tráchtairí ba mhó cáil agus meas maidir le gnóthaí poiblí. Poblachtach a bhí ann agus chreid sé go mór go bhfuil ár dteanga, ar nós ár stair, ar cheann de na gnéithe lárnacha dár bhféiniúlacht náisiúnta. Chaith sé a shaol ag cur na Gaeilge, ár dteanga dhúchais, chun cinn. Bhí baint aige le fada le Conradh na Gaeilge agus bhí sé ina Uachtarán ar an eagraíocht sin.
Ba é, gan amhras, an scríbhneoir ba bhisiúla i nGaeilge agus tá go leor leabhar dá chuid foilsithe i raon leathan ábhar.

Fear bríomhar, tiomanta agus fear smaointe ab ea Nollaig Ó Gadhra. Chuir sé go mór leis an gcultúr Gaelach agus aireoidh a theaghlach, a chairde agus go leor eile uathu é.

15 Lúnasa 2008
Críoch