HomeNewsArchived Speeches and Press Releases

Óráid an Taoisigh, an tUasal Brian Ó Comhain, T.D., ag oscailt Oifigiúil Ionad Pobail an Tearmainn

 

A chairde,

Tá lúcháir orm a bheith anseo tráthnóna chun An Craoibhín a oscailt go hoifigiúil. Cuireann sé gliondar orm an oiread seo de mhuintir na háite a fheiceáil agus iad cruinnithe anseo le ceiliúradh a dhéanamh ar thoradh na n-iarrachtaí móra uilig a rinneadh le blianta beaga anuas, leis an togra seo a thabhairt chun saoil.

It is a great pleasure to be with you all today to open An Craoibhín - this impressive new Community Centre here in Terman.

An Craoibhín is a very apt title for the Centre. It speaks of a commitment to branching out and supporting new facilities for local people.

Centres like this are very important for the many social, cultural, educational and economic benefits they bring to the community. An Craoibhín has excellent childcare facilities, a fully equipped gym and sauna, a computer room for schools and businesses, a hall and an astro turf pitch for games. This is a very comprehensive approach to meeting the community's needs.

My congratulations go to Noreen Trearty and all on the Termon Development Committee who spearheaded the project. Also to Boyle Construction, to White, Young & Greene Surveyors and to Michael Friel and Associates Architects for planning, designing and completing the project to such a high standard and within a tight timeframe.

Ach is sampla breá é seo freisin den phobal agus den earnáil phoiblí ag comhoibriú lena chéile. Is comhfhiontar atá san áis bhreá phobail seo - comhfhiontar idir an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an tÚdarás, an IFI, An Roinn Dlí agus Cirt agus muintir Thearmainn féin.

Tógadh an t-ionad seo ar chostas iomlán thart ar €2.6 milliún agus tá lúcháir ormsa go raibh sé ar chumas an Stáit cuidiú leis an togra trí dheontais níos mó ná €500,000 ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, €1.04 milliún ón Roinn Dlí agus Cirt, €450,000 ó Údarás na Gaeltachta, chomh maith le €158,000 ó Chiste Idirnáisiúnta na hÉireann. Tá fhios agam freisin go bhfuair an áis churám leanaí €60,700 ó Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige chun costais tosaigh a chlúdach.

Ach, is ón bpobal féin - pobal uasal Ghaeltacht a tháinig splanc an togra iontach seo. Chuir muintir an cheantair an síol agus is cinnte go mbeidh fómhar saibhir á bhaint acu, agus go mbainfidh na glúnta atá le teacht tairbhe mhór as an ionad freisin.
B'éigean don phobal aitiúil airgead mór dá gcuid féin a chur isteach sa togra seo. Agus, tá an-chreidiúint agus buíochas tuillte ag gach duine - iad siúd a chruinnigh airgead agus iad siúd a thug airgead le croí mhór mhaith.

Tá mé cinnte go gcuirfidh an t-ionad seo borradh faoin nGaeilge arís sa cheantar. Tá áthas or go raibh eagrais Gaeltachta ar nós Údarás na Gaeltachta agus an Roinn ábalta cuidiú leis an togra seo.

Ar ndóigh, fuair tograí eile sa cheantar cuidiú on Roinn chomh maith. Mar shampla, an Cumann Lúthchleas Gael trasna an bhóthair uainn, agus bhain an ceantar seo tairbhe as Scéimeanna eile na Roinne, ar nós an Scéim Athnuacháin Bháile agus na Scéimeanna Cultúrtha éagsúla.

Tá mé cinnte go nglacfaidh an pobal leis an fhreagracht atá orthu an t-ionad seo a chothabháil. Ar aon nós, tréaslaim libh as ucht bhur ndílseachta don togra agus as ucht bhur gcuid oibre - níl fágtha agam le déanamh ach an An Craoibhín a oscailt go hoifigiúil.

Rath Dé ar gach duine a bhainfheas úsáid as.

CRÍOCH.