Beathaisnéis an Taoisigh

Beathaisnéis an Taoisigh,
an tUasal Brian Ó Comhain, T.D.
| Seoladh Gnó: | Roinn an Taoisigh, Tithe an Rialtais, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. |
| Teileafón: | 353 1 6194000. |
| Rugadh é: | Eanáir 1960. |
| Stádas Pósta: | Pósta le Mary Molloy agus tá beirt iníonacha acu. |
| Oideachas: | Scoil Náisiúnta Chlóirthigh; Ardscoil Naomh Chiaráin, Clóirtheach; An Coláiste Cistéirseach, Ros Cré; An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Dlí Chumann Corpraithe na hÉireann. |
| Slí Bheatha: | Taoiseach (Príomh-Aire). Bhí sé ina dhlíodóir. |
Gairmréim Pholaitíochta:
Ceapadh Brian Ó Comhain ina Thánaiste agus athcheapadh é ina Aire Airgeadais an 14 Meitheamh, 2007. Ceapadh ina Aire Airgeadais don chéad uair é i Meán Fómhair na bliana 2004. D'fhóin sé mar Aire Gnóthaí Eachtracha ó mhí Eanáir 2000 go mí Mheán Fómhair 2004; mar Aire Sláinte agus Leanaí ó mhí an Mheithimh 1997 go mí Eanáir 2000; mar Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ó mhí Eanáir 1993 go mí na Nollag 1004; mar Aire Saothair ó mhí Feabhra 1992 go mí Eanáir 1993. Toghadh chun na Dála don chéad uair é i bhfothoghchán reáchtáladh mar gheall ar bhás a athar, Bernard ó Comhain. Ba é sin an chéad uair a raibh sé san iomaíocht i dtoghchán d'oifig phoiblí.
Bhí sé ina urlabhraí ar bhinse tosaigh an pháirtí i gcúrsaí Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta ó mhí na Nollag 1994 go Márta 1997 agus i gcúrsaí Sláinte ó Mhárta 1997 go Meitheamh 1997.