Beathaisnéis an Aire Stáit McEntee

 

Aire Stáit Helen McEntee

An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha

Toghadh Helen McEntee T.D. ina Teachta Dála i bhfothoghchán i mí an Mhárta 2013, agus atoghadh í san Olltoghchán i mí Feabhra 2016. Cheap an Taoiseach Enda Kenny í ina hAire um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta sa Roinn Sláinte i mí na Bealtaine 2016 mar chuid den Rialtas Comhpháirtíochta nua. I mí an Mheithimh 2017, mar chuid den atheagar Rialtais a rinne an Taoiseach nuacheaptha, Leo Varadkar T.D., tugadh ardú céime don Aire McEntee nuair a ceapadh í ina hAire Stáit um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh.

D'fhóin sí roimhe sin ar an gCoiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid, agus bhí sí ina ball den Choiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht freisin.