Oifig Phríobháideach an Aire Stáit agus Príomh-Aoire

 

 Seo a leanas cuntas achoimre ar na dualgais leanúnacha in Oifig an Phríomh-Aoire:-

  • Riar na hOibre a chur ar fáil don Phríomh-Aoire
  • Sceideal Seachtainiúil na Dála a ullmhú
  • Clár Pleanála Sheisiún an Dála a ullmhú agus Féilire bliantúil na Dála a chur le chéile
  • Clár Reachtaíochta an Rialtais a ullmhú
  • Cáipéis Faisnéise an Taoisigh faoi chúrsaí Reachtaíochta a ullmhú
  • Comhad Seachtainiúil Phríomh-Aoire an Rialtais a ullmhú
  • Freastal san "bullpen" in éineacht leis an Taoiseach le linn Riar na hOibre
  • Socrú mar gheall ar fhaisnéis don Choiste Reachtaíochta agus cáipéisí faisnéise a ullmhú
  • Socrú mar gheall ar Thráthanna Cainte maidir le Gnó na Dála
  • Caidreamh leis na rannóga éagsúla maidir le Ceisteanna Parlaiminte
  • Caidreamh le Coistí de chuid an Oireachtais
  • Athchóiriú na Dála