BaileEolas StairiúilComóradh Stáit

Saighdiúirí Éireannacha sa Chéad Chogadh Domhanda

 

Saighdiúirí na hÉireann i gCath an Somme


Thosaigh Cath an Somme, a bhfuilimid ag comóradh a chothrom lae nócha bliain ó shin, an 1 Iúil 1916 tar éis tuairgneáil airtléire ocht lá ar línte tosaigh na Gearmáine. In ainneoin go raibh 60,000 taismeach ann in aon lá amháin, ní dhearnadh aon dul chun cinn in aghaidh na Breataine agus mhair an cogadh go dtí an Samhain dar gcionn tráth ar athraigh an aimsir cúrsaí. Bhí os cionn milliún taismeach ar an iomlán sa Chath. Bhí 3,500 Éireannach ó gach ceann den oileán i measc na marbh. Chun tuiscint iomlán a fháil ar ar tharla ag an Somme, agus chun a cheart féin a thabhairt don tábhacht a bhí leis, caithfimid breathnú ar chomhthéacs iomlán an Chéad Chogadh Domhanda agus an tionchar a bhí aige ar Éirinn agus ar na daoine as Éirinn a ghlac páirt ann.

Saighdiúirí Éireannacha sa Chéad Chogadh Domhanda


Nuair a scaoil an Seirbiach Boisniach Gavrilo Princip na hurchair a mharaigh an oidhre ar Choróin na hOstaire, an tArd-Diúc Franz Ferdinand, agus a bhanchéile le linn a gcuairte ar Sarajevo i Meitheamh 1914, chuir sé tús le cúrsaí a mbeadh tionchar díreach acu ar Éireannaigh i ngach cearn d’Éirinn agus ar Éireannaigh a bhí ina gcónaí sa Bhreatain, san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe. Athraíodh stair na hÉireann go mór, as ar tháinig fórsaí a bhfuil tionchar fós acu ar pholaitíocht an lae inniu. Mar gheall ar níos mó eolais ar ghnéithe Éireannacha den Chogadh is féidir linn úsáid thairbheach a bhaint as na fórsaí sin chun go bhféadfadh daoine ón dá mhórthraidisiún nithe a bheith i gcoiteann acu.

Éire ag Tús an Chogaidh


Faoi 1914, ba dhealraitheach go raibh na hiarrachtaí polaitiúla chun féinrialtas de chineál éigin a thabhairt go hÉirinn ag baint torthaí cinnte amach le rith Bhille an Rialtais Dúchais ag Westminster. Thug an baol go mbeadh parlaimint i mBaile Átha Cliath ar an bhfreasúra Aontachtach Óglaigh Uladh a eagrú agus 24,600 raidhfil mar aon le 3 mhilliún piléar a allmhairiú ón nGearmáin an 24-25 Aibreán, 1914. Mar fhreagra air sin, chruthaigh na Náisiúnaithe Óglaigh na hÉireann agus thug siadsan airm ón nGearmáin isteach ag Binn Éadair, cé nach raibh ann ach 900 raidhfil agus 25,000 piléar. Bhíodh na hairm neamhoifigiúla sin ag freachnamh go hoscailte in eagar míleata ag iompar airm agus bhíodh a gcuid éide féin á chaitheamh ag go leor de na hóglaigh.

Tá traidisiún láidir míleata ag Éirinn. Fiú amháin roimh imeacht na ‘nGéanna Fiáine’ tar éis Chonradh Luimnigh, bhíodh saighdiúirí Éireannacha ag cleachtadh a gceirde thar lear. Bhí uiscedhath a léirigh “Saighdiúirí Éireannacha” ón mbliain 1521 i dtaispeántas le gairid de phriontaí de chuid Albrecht Durer. I rith an 19ú aois, bhí Arm na Breataine in Éirinn mar bhealach amach áisiúil d’fhir óga a raibh spéis acu sa saighdiúireacht. Bhí an tír roinnte ina n-abhantracha do reisimintí áitiúla a chuir ioncam rialta, éide tarraingeach agus an deis taisteal thar lear ar fáil. Chuaigh daoine eile i gcabhlach na Breataine. Bhain eisimircigh Éireannacha chun na Stát Aontaithe cáil amach ar an dá thaobh sa Chogadh Cathartha.

Tharraing na heagraíochtaí óglach nua agus Arm Cathartha na hÉireann go mór ar athlaochra airm le haghaidh saineolas eagraíochtúil agus traenáil.

Téann Éire chun cogaidh


Nuair a d’fhógair an Bhreatain Mhór cogadh an 4ú Lúnasa, 1914, bhí isteach agus amach le 20,000 Éireannach ag fónamh cheana féin i mBuan-Arm na Breataine agus bhí 30,000 eile i gcéadlíne an chúltaca. Ba 247,000 a bhí i líon iomlán an airm agus bhí 145,000 cúltacaire ann a bhí sa bhuanarm tráth. I gcodarsnacht le mórchumhachtaí Eorpacha eile, bhí Arm na Breataine ag brath ar shaighdiúirí saorálacha seachas ar Sheirbhís Náisiúnta. Chuir an Tiarna Kitchener, oifigeach a bhí ag fónamh agus a ndearnadh Rúnaí Cogaidh de an 5ú Lúnasa, in iúl don Chomh-Aireacht gur cogadh trí bliana a bheadh ann agus go mbeadh milliún fear ar a laghad de dhíth. Cruthaíodh tríocha rannán nua ar ar tugadh na hAirm Nua nó Arm Kitchener. Sannadh na hóglaigh chuig cathláin nua de na reisimintí coisithe a bhí cheana ann agus tugadh uimhreacha dóibh a bhí ag leanúint na n-uimhreacha a bhí cheana ann. [Cuireadh an focal “Seirbhís” leis an uimhir chathláin.] Is 1,000 fear a bhíodh sa chathlán coisithe de ghnáth. Tar éis caillteanais mhóra agus meath ar an líon óglach, tugadh coinscríobh isteach faoi dheireadh in Eanáir 1916. Níor cuireadh i bhfeidhm in Éirinn é.

Tugadh Cead Ríoga do Bhille an Rialtais Dúchais an 18ú Meán Fómhair 1914, ach cuireadh a fheidhmiú ar fionraí go ceann bliana amháin nó an t-achar a mhairfeadh an cogadh, tráth a ndéanfaí athbhreithniú air le súil agus toiliú ginearálta na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe a fháil. An 20ú Meán Fómhair, d’iarr ceannaire an Pháirtí Náisiúnaigh, Seán Mac Réamainn, an té a cheap go leor a bheadh ar an gcéad Phríomh-Aire i bParlaimint nua na hÉireann, ar Óglaigh na hÉireann liostáil. Bhí saighdiúirí Éireannacha i bhFórsa Sluaíochta na Breataine i mbun comhraic cheana i bhFlóndras. Bhí atmaisféar mothaitheach cruthaithe ag dul ar aghaidh na Gearmáine tríd an mBeilg, na luaidreáin faoi ghníomhartha uafáis agus dídeanaithe agus ó tharla gur beag nár tógadh Páras. Scoilt an eagraíocht, agus ghairm an dream a lean Mac Réamainn na hÓglaigh Náisiúnta orthu féin. Choinnigh thart ar 12,000 den 180,000 an teideal Óglaigh na hÉireann agus leag siad amach mar chuspóir dóibh féin neamhspleáchas iomlán a bhaint amach d’Éirinn, le forneart dá mba ghá. Caitheadh amhras arís ar bhaint amach an Rialtais Dúchais go síochánta mar gheall gur theip ar an Rialtas déileáil leis an gcarnadh arm i dTuaisceart Éireann agus mar gheall gur dhiúltaigh briogáid marcra sa Churrach go poiblí Acht an Rialtais Dúchais a chur i bhfeidhm dá n-iarrfaí sin orthu.

Liostáil thart ar 80,000 in Éirinn sa chéad 12 mhí den chogadh, ar tháinig os cionn a leath ó Chúige Uladh. Bhí an 10ú Rannán (Éireannach), a cruthaíodh i ndeireadh Lúnasa, 1914, sa Chéad Arm Nua de 100,000 saighdiúr, K1. Bhí trí bhriogáid ann. Bhí reisimintí le bunáiteanna i ngach ceann den cheithre chúige ag ceann díobh sin. Bhí an dara ceann lonnaithe i gCúige Uladh agus bhí an tríú ceann lonnaithe sna trí chúige eile. Bunaíodh an 16ú Rannán (Éireannach) den Dara Arm Nua i Meán Fómhair, 1914. B’as Cúige Uladh briogáid amháin. Údaraíodh an 36ú Rannán (Ulaidh) an 28ú Deireadh Fómhair 1914. Bhí sé bunaithe ar eagar agus ar chomhaltas Óglaigh Uladh, a raibh aonad airtléire a raibh a bhunáit i Londain curtha leis. Bhí fir ann ó gach ceann de naoi gcontae Uladh. Bhí Mac Réamainn ag iarraidh go mbeadh na reisimintí Éireannacha go léir eagraithe in aon aonad troda amháin.

Chuaigh Éireannaigh freisin le reisimintí Éireannacha ar nós Gardaí na hÉireann, an Londain (Éireannach), Cathláin Cois Tyne d’Fhiúsailéirí Northumberland agus an 1ú/8ú Reisimint Learphoill an Rí (Éireannach). Chuaigh go leor eile isteach i reisimintí Sasanacha, Albanacha agus Breatnacha, an Ríoga, Airtléire, an Cór Eitilte Ríoga, an Cór Liachta, Cór Seirbhíse an Airm agus an Cabhlach Ríoga. D’fhóin mná mar bhanaltraí sa Díorma Cabhrach Saorálach sa líne tosaigh. Liostáil eisimircigh in airm san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i gCeanada agus san Afraic Theas agus sna Stáit Aontaithe. 

Ní raibh bealach ar bith go bhféadfadh na daoine a chuaigh chun troda an saol athraithe a bheadh ann ag deireadh an Chogaidh a shamhlú. Bhí na cúiseanna a liostáil daoine chomh héagsúil leis na daoine féin. Chuaigh daoine ann mar gheall ar riachtanas eacnamaíoch. Bhí tuilleadh ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí stairiúla trína bheith ag fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna. Chreid Thomas Kettle, Iar-MP Náisiúnach do Thír Eoghain Thoir a d’fhóin in 8ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, agus a maraíodh tráth a raibh sé ina Leifteanant:

“Ag breathnú ar an tragóid seo san Eoraip leis an ngaois a thagann le deora agus fuil, is maith a d’fhéadfadh sí, go deimhin caithfidh sí, a bheith ina tús le dhá athmhuintearas atá ina aisling ag gach aon státaire, athmhuintearas Ulaidh Protastúnach le hÉirinn agus athmhuintearas na hÉireann leis an mBreatain Mhór.”

Eachtraí Tábhachtacha Éireannacha sa Chéad Chogadh Domhanda


Ó tharla go raibh an Chéad Chogadh Domhanda fágtha amach nach mór as an leagan de stair na hÉireann a múineadh don chéad chúpla glúin den stát nua neamhspleách Éireannach is beag ar eol dóibh a mhéid a bhí Éireannaigh páirteach sa troid féin. Rinneadh beag d’íobairt an phobail Náisiúnaigh trí dhíriú isteach i dTuaisceart Éireann ar ar tharla don 36ú Rannán (Uladh) ag Cath an Somme.

Seo a leanas cuid de na heachtraí a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo d’Éirinn agus atá mar bhunús don phlé ar an mbaint atá ag an gCéad Chogadh Domhanda le polaitíocht an lae inniu.

1914 Na Chéad Chathanna


Chuaigh Fórsa Sluaíochta na Breataine (BEF) go dtí an Fhrainc i Lúnasa 1914 agus rinne siad a mbealach chun dul ar aghaidh na Gearmáine tríd an mBeilg agus Tuaisceart na Fraince a stopadh. Ba iad na reisimintí Éireannacha sa BEF ná:

Coisithe:

1ú Gardaí na hÉireann 
2ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Clath
2ú Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan
1ú Fiúsailéirí Ríoga na hÉireann
2ú Fiúsailéirí Ríoga Inis Ceithleann
2ú Reisimint Ríoga na hÉireann
2ú Fiannóglaigh Chonnacht 
2ú Raidhfilí Ríoga na hÉireann
2ú Reisimint Laighean

Marcra:             

4ú Gardaí Dragúin Ríoga na hÉireann
Capaill Éireann an Deiscirt
8 ú Husáir Éireannacha Ríoga an Rí
5ú Lansaithe Ríoga na hÉireann
Capaill Éireann an Tuaiscirt

Bhí go leor fear Éireannach ag fónamh i reisimintí na Breataine agus bhí roinnt Sasanach, Albanach agus Breatnach i reisimintí na hÉireann ar cuireadh ann mar gheall go mba Chaitlicigh iad.

Ba é an Ceannaire E. Thomas de 4ú Gardaí Dragúin Ríoga na hÉireann a chaith an chéad urchar de chuid Arm na Breataine sa Chogadh díreach ó thuaidh de Mons an 22ú Lúnasa. An lá dar gcionn, d’fhéach an Lt Maurice Dease as an Muileann gCearr, a bhí ag fónamh leis na Fiúsailéirí Ríoga le dul chun cinn na Gearmáine isteach sa chathair a stopadh lena aonad meaisínghunnaí. Bhásaigh sé sa troid agus bronnadh an chéad Cros Victoria iarbháis den Chogadh air.

Throid na buansaighdiúirí dea-oilte roinnt cathanna ach b’éigean dóibh cúlú ó ionsaí na Gearmáine. Bhí a gcéad taismigh ag an 2ú Baile Átha Cliath in aice le Le Cateau agus chuir an 2ú Mumhain moill ar dhul chun cinn na Gearmáine ar feadh lae trí chomhrac costasach cúlgharda ag Etreux.

Tugadh príosúnaigh choghaidh na hÉireann faoi dheireadh go dtí campa ag Limburg áit ar thug Sior Ruairí Mac Easmainn cuairt orthu ina chuid iarrachtaí “Briogáid Éireannach” a chur le chéile nach mbeadh mar chuid d’fhórsaí na Gearmáine. Ghlac níos lú ná 60 den 2000 príosúnach Éireannach sa champa lena thairiscint.

Cuireadh stop le dul chun cinn na Gearmáine ar Pháras i gCath Marne. Lean Airm na gComhghuaillithe na Gearmánaigh go dtí go raibh an dá thaobh suite i dtrinsí ar aghaidh a chéile a bhí ag síneadh faoi dheireadh ar feadh 350 míle ó Mhuir nIocht go dtí an Eilvéis.

Bhí reisimintí na hÉireann scaipthe ar fud theascóg na Breataine agus chuir siad tús le tréimhsí malartacha laethanta sa líne tosaigh, laethanta sa chúltaca agus laethanta ar chúl ag ligean scíthe. Bhristí an gnáthamh sin leis na mórchathanna píosaí socraithe inar bhásaigh líon mór saighdiúirí Éireannacha.

Ghlac roinnt saighdiúirí Éireannacha páirt i Sos Cogaidh na Nollag sa bhliain 1914 nuair a cuireadh stop go tobann leis an marú ar feadh tréimhse ghearr.

1915


 GALLIPOLI

Leis an leamhsháinn a bhí ar an bhFronta Thiar lorgaíodh bealach eile chun an Ghearmáin a chloí. Chruthódh tógáil Constantinople, Istanbul sa lá atá inniu ann, nasc díreach leis an gcomhghuaillí Rúiseach agus d’fhéadfaí tabhairt faoi fheachtas rathúil ar an bhfronta thoir. Theip ar iarracht de chuid Chabhlach na Breataine seoladh suas an Dardanelles an 18 Márta agus cailleadh roinnt long. In ainneoin an fholáirimh roimh ré a thug sé sin do na Turcaigh, thug na Briotanaigh agus na Francaigh faoi ionradh talún an 25ú Aibreán. Chuaigh siad i dtír ag sé shuíomh ach choinnigh cosaint na dTurcach gar do na tránna iad. Rinneadh iarracht eile an 6ú Lúnasa ag Bá Suvla ach tháinig sin ina stad chomh maith. Caitheadh an feachtas i dtraipéisí agus tarraingíodh an chuid deiridh de na trúpaí siar in Eanáir 1916. B’éigean do Churchill, a mhol an feachtas, éirí as an gComh-Aireacht. Chaill sé a shuíochán ina dhiaidh sin i dTeach na dTeachtaí agus bhí air fanacht go dtí gur thosaigh an Dara Cogadh Domhanda le go mbeadh cumhacht arís aige.

Bhí na 1ú Cathláin d’Fhiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, na Mumhan agus Inis Ceithleann páirteach sa teacht i dtír an 25ú Aibreán ag Rinn Helles, arbh áit cosanta iontach a bhí ann le Fosláir Gunna curtha ar fhánaí géara. Níor éirigh leis an tuairgneáil chabhlaigh cosaintí na dTurcach a chur ó mhaith. Bhí Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath agus Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan ar an gcéad dream le teacht i dtír ón S.S. River Clyde agus den chéad 200 fear a d’fhág an long, maraíodh 149 agus goineadh 30 láithreach. Bhí 25 oifigeach agus 987 ó chéimeanna eile i mBaile Átha Claith, níor bhain ach oifigeach amháin agus 374 ó chéimeanna eile an cósta amach. Bhí 637 taismeach ann sa chéad 36 uair an chloig.

Shocraigh na Comhghuaillithe ionsaí eile ar fad a dhéanamh in aghaidh na dTurcach agus roghnaigh siad Bá Suvla, 25 míle ó thuaidh de Rinn Helles. Ba é an chéad aonad saorálach Éireannach a chuaigh chun catha ná an 10ú Rannán (Éireannach) ina raibh cathláin seirbhíse nua na reisimintí Éireannacha. Mar thoradh ar neamhéifeacht riaracháin, cuireadh airtléire an Rannáin chuig an bhFrainc rud a d’fhág na fir ag an láthair gan léarscáileanna ná orduithe. Níor throid an Rannán mar aonad. Bhí ganntan mór uisce ann agus ídíodh an lón cogaidh ar na saighdiúirí agus ní raibh fágtha le déanamh acu ach clocha a chaitheamh leis an namhaid. Maraíodh 3,411 ar a laghad a bhí ag fónamh le cathláin Éireannacha, nó chuaigh siad ar iarraidh. Bhí 569 díobh sin ó 1ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath.

ST JULIAN, Flóndras, Bealtaine, 1915

Gar do St. Julien, i rith an dara cath ag Ypres, beagnach ndearnadh díothú iomlán ar 2ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath díreach mí amháin tar éis Teacht i dTír Helles. An 24ú Bealtaine, 1915, thart ar 2.45am, chuir na Gearmánaigh tús le hionsaí gás nimhe. Bhí 666 fear sa Chathlán. Faoi 9.30 pm, ní raibh ach oifigeach amháin agus 20 de chéimeanna eile fágtha.

SALONIKA, Deireadh Fómhair, 1915

An 29 Meán Fómhair, 1915, sheol an 10ú Rannán (Éireannach), a raibh 2,454 duine ann, ó Gallipoli ag tabhairt a n-aghaidh ar Salonika chun troid ar fhronta na Bulgáire. An 3ú Deireadh Fómhair, bhí Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath agus na Mumhan ag an líne tosaigh agus ordaíodh dóibh an sráidbhaile Jenikoj, atá sa Mhacadóin sa lá atá inniu ann, a thógáil. San ionsaí sin, chaill siad 385 fear, idir dhaoine a maraíodh, a goineadh nó a chuaigh ar iarraidh. Tá cros Cheilteach eibhir ansin anois chun comóradh a dhéanamh ar an 10ú Rannán (Éireannach). Tá crosa den chineál céanna ag Wytscaete i bhFlóndras agus i Guillemont sa Fhrainc.

1916


HULLUCH, Aibreán, 1916

Tháinig an 16ú Rannán (Éireannach) chun na Fraince i Mí na Nollag 1915 agus sannadh chuig teascóg Loos iad. Bhí na saighdiúirí i gcogaíocht trinse agus maraíodh cuid acu le linn na tréimhse 9 lá a chaith siad ag an líne tosaigh. Bhí siad sna trinsí ag Hulluch nuair a rinne na Gearmánaigh ionsaí gáis an 27ú Aibreán, 1916. Den 1980 taismeach, maraíodh 570 agus bhásaigh go leor de na daoine a goineadh níos deireanaí ó ghalair riospráide. Bhí fógraí curtha suas ag an Gearmánaigh trasna ó thrinsí na nÉireannach ag tabhairt scéala dóibh faoi Éirí Amach na Cásca a bheith tosaithe i mBaile Átha Cliath. D’fhan an Rannán ag Loos go dtí an Lúnasa nuair a d’aistrigh sé go dtí ceantar an Somme. Bhí 6,000 taismeach sa Rannán (maraíodh 1,496).

AN T-ÉIRÍ AMACH I MBAILE ÁTHA CLIATH, Aibreán, 1916

De réir mar a bhí líon na dtaismeach ag méadú agus gan mórán dóchais de bhua luath, lean Óglaigh na hÉireann orthu ag traenáil agus ag ullmhú chun seasamh in aghaidh aon iarrachta ar iad a dhí-armáil. B’oscailt súl ar fhíoriarmhairtí an chogaidh a bhí sna liostaí fada de dhaoine a bhí maraithe nó gonta chomh maith leis an méadú ar an dóchúlacht go dtabharfaí coinscríobh isteach.

Nuair a thosaigh an tÉirí Amach an 24ú Aibreán, bhí thart ar 5,000 saighdiúir imlonnaithe i limistéar Bhaile Átha Cliath. Seoladh 1000 breise láithreach ó Bhéal Feirste agus cuireadh na mílte eile anall ó Shasana. Ghlac 4ú, 5ú agus 10ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath páirt sa troid faoi mar a rinne roinnt oifigeach agus saighdiúirí a bhí ar saoire i mBaile Átha Cliath ag an am.

Glactar leis go coitianta gur throid Óglaigh na hÉireann go calma agus go fiúntach. Dúirt an Príomh-Aire Asquith i dTeach na dTeachtaí gur throid siad go calma agus nach ndeachaigh siad i muinín an fheillbhirt. Leis an méid daoine a cuireadh chun báis ina dhiaidh baineadh an tacaíocht Náisiúnach ón bPáirtí Parlaiminteach ach tugadh do Shinn Féin í.

AN SOMME, Iúil –Samhain, 1916

In iarracht an tsáinn a bhain leis an gcogaíocht trinse a bhriseadh agus chun an brú a bhaint de Verdun, chuir na Briotanaigh agus na Francaigh tús le mór-ionsaí an 1 Iúil. Bhí suímh na nGearmánach trasna ón 14 míle de theascóg na Breataine á dtuairgneáil le 1.7 milliún sliogán ón 24 Meitheamh. Ní rabhthas ag súil le haon fhrithghníomh nuair a d’fhág 100,0000 saighdiúir a dtrinsí agus nuair a chuaigh siad isteach i latrach an áir ag 7.30 am. Faoi sholas an lae, chuaigh siad chun cinn ag siúl go réidh i línte díreacha le 100 slat idir gach tonn lingthe. Scaoileadh roiseadh gunnalámhaigh leo agus bhí 60,000 taismeach ann an lá sin, agus maraíodh beagnach 20,000 díobh.

Sannadh sprioc ar an 36ú Rannán (Ulaidh) ina raibh buncar ollmhór coincréite a raibh trúpaí Gearmánacha ar dídean ann, Dúnchla Schwaben. Bhí an Rannán sin ar cheann de bheagán ar éirigh leo a sprioc a bhaint amach, ach ní raibh na saighdiúirí in ann an sprioc sin a choinneáil ó tharla nár éirigh leis na rannáin eile. Bhí 5,500 duine de chaillteanas orthu agus maraíodh beagnach 2,000 díobh sin. Ghoill sé ar beagnach gach pobal i gCúige Uladh. Bronnadh ceithre Chros Victoria ar an Rannán.

Bhí cathláin Éireannacha eile a bhí ag fónamh i rannáin eile páirteach san ionsaí an 1ú Iúil. Chuaigh 1ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, athlaochra Gallipoli, i mbun gnímh i dteascóg a bhí in aice leis an 36ú. Bhain 147 taismeach díobh (maraíodh 22) agus chuaigh 64 ar iarraidh. Bhí 2ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath sa dara tonn den ionsaí, ag dul chun cogaidh le 23 oifigeach agus 480 de chéimeanna eile: rinneadh taismeach de 14 oifigeach agus 311 de chéimeanna eile. Throid 1ú Raidhfilí Ríoga na hÉireann agus an 1ú, 2ú, 3ú agus 4ú Cathláin Éireannacha Cois Tyne d’Fhiúsailéirí Northumberland an lá sin.

Mhair Cath an Somme ar feadh an tSamhraidh agus is beag dul chun cinn a rinneadh. Thóg an 16ú Rannán (Éireannach) Guillemont an 2ú Meán Fómhair agus Ginchy an 9ú Meán Fómhair. Maraíodh an Lt Tom Kettle agus bhuaigh an Lt John Holland de na Laigheanaigh Cros Victoria. Tharla 4,314 taismeach sa Rannán (maraíodh 1167).

Tháinig deireadh leis an gCath i mí na Samhna nuair a chabhraigh 10ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, a bhí ar ceangal leis an 63ú Rannán Cabhlaigh, le Beaumont Hamel a thógáil, ceann de na spriocanna don chéad lá. Bhí 50% ina dtaismigh

1917


IOMAIRE MESSINES, Meitheamh, 1917

Chuaigh an 16ú Rannán (Éireannach) agus an 36ú Rannán (Ulaidh) chun cogaidh le chéile chun an sráidbhaile Beilgech Wytschaete a thógáil in ionsaí dea-phleanáilte ar Iomaire Messines. Fuair an Ginearál Plumer samhail de réir scála den iomaire déanta ionas go mbeadh a raibh rompu le feiceáil ag na trúpaí. Chuir sé mianaigh á dtochailt le haghaidh pléascán faoi chosaint na Gearmáine. Thuairgneáil thart ar 3 mhilliún sliogán Messines ar feadh os cionn seachtaine. Mhaolaigh an baráiste nuair a mhaidhmigh Plumer 9,500 tonna pléascáin faoi na Gearmánagih i 19 mianach. Bhásaigh Liam Mac Réamainn, M.P., deartháir le Seán, ceannaire an Pháirtí Éireannaigh, de bharr na gcréachtaí a fuair sé san ionsaí sin.

PASSCHENDAELE, AN TRÍÚ CATH IN YPRES, Iúil, 1917

Aistríodh an 16ú Rannán (Éireannach) agus an 36ú Rannán (Ulaidh) go dtí 5ú Arm an Ghinearáil Gough i mí Iúil 1917. An 31 Iúil, ghlac an 36ú Rannán (Ulaidh) páirt san ionsaí tosaigh ar shuímh dhaingne Gearmánacha soir ó Ypres. Is ar éigean Dé má d’fhéadfaí ionsaí ar bith a dhéanamh mar gheall ar an mbáisteach throm, a mhair ar feadh míosa. Mar sin féin, ghluais an dá rannán Éireannacha chun cinn ag Langemarck an 16ú Lúnasa. Cailleadh 65% de na haonaid tosaigh roimh an ionsaí mar gheall ar thuairgneáil throm ó na Gearmánaigh. Bhí 3,585 taismeach sa 36ú (Ulaidh) agus 4,231 taismeach sa 16ú (Éireannach). Maraíodh an tAthair Willie Doyle, MC, séiplíneach don 8ú Baile Átha Cliath.

Bhí an 16ú Rannán (Éireannach) i gcomhrac in aice le Arras agus an 36ú Rannán (Ulaidh) in aice le Cambrai i mí na Samhna. Chuaigh an 10ú Rannán (Éireannach) chun na hÉigipte i Meán Fómhair.

1918


AN SOMME 1918 – NA 100 LÁ DEIRIDH

Thosaigh ionsaí na Gearmáine a raibh súil le fada leis an 21ú Márta agus d’éirigh leis línte na Breataine a chur siar beagnach chomh fada le Amiens. Bhí an 16ú agus 36ú Rannán faoi lán-bhuille an ionsaí sin agus scriosadh iad mar aonaid troda. Bhí 6,435 taismeach sa 16ú agus 6,109 taismeach sa 36ú. Maraíodh an trian.

Cuireadh cathláin an 10ú Rannán agus an 16ú Rannán le chéile agus scaipeadh chuig rannáin eile ar an bhFronta Thiar iad. Mar shampla, chuaigh an 1ú Baile Átha Cliath go dtí an 19ú Rannán agus cuireadh an 2ú agus an 7ú leis an 31ú Rannán. Is san ainm amháin a d’fhan Ulaidh ar an 36ú Rannán mar gur daoine a coinscríobhadh as Sasana na daoine nua a cuireadh ann. Bhí na cathláin Éireannacha páirteach sa dul chun cinn a ruaig na Gearmánaigh siar thar an bhfearann go léir a bhí gnóthaithe acu sna ceithre bliana den chogadh. Bhí an 2ú Baile Átha Claith i gcath in aice le Le Cateau an 16ú Deireadh Fómhair, agus rinneadh taismigh de 44% in imeacht dhá lá. Ba é seo an áit a ndeachaigh siad chun comhraic den chéad uair i Lúnasa 1914. Chríochnaigh an Chéad Chogadh Domhanda laistigh de mhí.

TAR ÉIS AN CHOGAIDH

Nuair a d’fhill na saighdiúirí ar Éirinn, bhí an saol polaitiúil athraithe. Sa toghchán i mí na Nollag 1918 tacaíodh go láidir le Sinn Féin, seachas sna limistéir thraidisiúnta Aontachtacha. Cuireadh na híobairtí a rinneadh sa chogadh de leataobh i gcúigí an deiscirt agus bhí an caillteanas a tharla ag an Somme mar chuid den oidhreacht sa limistéar nua Tuaisceart Éireann.

Chuaigh roinnt daoine a bhí ina saighdiúirí leis an IRA, ar dhuine díobh sin bhí Eiméid Daltún a bhí ag fónamh le Tom Kettle. Dúirt sé nach raibh deacracht ar bith aige troid d’Éirinn leis an mBreatain agus nach raibh aon deacracht aige ach oiread troid d’Éirinn in aghaidh na Breataine. Chuaigh iarshaighdiúirí eile le harm nua na hÉireann.

An 12ú Meitheamh, 1922, díscaoileadh na reisimintí a bhí earcaithe in Éirinn a bhí anois neamhspleách. Ba iad sin:

Reisimint Ríoga na hÉireann

Fiannóglaigh Chonnacht

Reisimint Laighean Phrionsa na Breataine Bige

Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan

Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath

 

Ghlac an Rí na Bratacha agus cuireadh i dtaisce i gCaisleán Windsor iad, áit a bhfuil siad fós.

STAITISTICÍ

Nílear ar aon intinn faoin líon iomlán saighdiúirí Éireannacha a d’fhóin in Arm agus i gCabhlach na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Deir an tOllamh Keith Jeffery gur 210,000 é. Is cosúil go n-aontaítear gur maraíodh 35,000 ar a laghad, cé gur 49,400 an figiúr atá tugtha sa Chuimhneachán Náisiúnta Cogaidh.

Liostáil thar ar 140,000 in Éirinn i rith an chogaidh. Is cuid suntais an méadú a tharlaigh i 1918.

TréimhseEarcaigh
Lún 1914 –Feabh 191550,107
Feabh 1915- Lún 191525,235
Lún 1915 –Feabh 191619,801
Feabh 1916- Lún 1916 9,323
Lún 1916 –Feabh 1917 8,178
Feabh 1917- Lún 19175,607
Lún 1917 –Feabh 19186,550
Feabh 1918- Lún 19185,812
Lún 1918 –Samh 1918 [3 Mhí]9,843

Bhí an líon earcach Éireannach sa chéad bhliain níos mó ná an líon iomlán don chuid eile de thrí bhliana an Chogaidh. De réir mar a chuaigh an Cogaidh chun cinn, ba daoine a coinscríobhadh sa Ríocht Aontaithe a cuireadh in áit chaillteanais na hÉireann. Mar shampla, ba 23% a bhí sa chéatadán de shaighdiúirí nárbh Éireannaigh iad a bhí i 1ú Raidhfilí Ríoga na hÉireann, a bhí lonnaithe in Aontraim agus an Dún, sa bhliain 1916. Bliain ina dhiaidh sin ba 52% a bhí ann.

Mar a luadh níos túisce, d’fhóin saighdiúirí Éireannacha i bhfórsaí eile.

Limistéir earcaíochta do na Reisimintí Éireannacha Coisithe agus Marcra 1914

Ainm na Reisiminte:Limistéar Earcaíochta:Iosta:
Reisimint Ríoga na hÉireann (18ú Coisithe)Tiobraid Árann, Loch Garman, Port Láirge, Cill ChainnighCluain Meala
Fiúsailéirí Ríoga na MumhanCorcaigh, Ciarraí, Luimneach, An ClárTrá Lí
Fiannóglaigh ChonnachtGaillimh, Sligeach, Maigh Eo, Ros Comáin, LiatroimAn Rinn Mhór
Fiúsailéirí Inis CeithleannAn Ómaigh, Fear Manach, Dún na nGall, Doire 
Raidhfilí Ríoga na hÉireannBéal Feirste, An Dún, Aontroim, Tír EoghainBéal Feirste
Fiúsailéirí Ríoga na hÉireannMuineachán, Ard Mhacha, An CabhánArd Mhacha
Reisimint LaigheanUíbh Failí, An Mhí, Lú, LaoisBiorra
Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha CliathBaile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, CeatharlachNás
Gardaí na hÉireannAr fud na hÉireannBeairic Chelsea London
24ú, 25ú, 26ú, 27ú Cathlán Éireannach Cois Tyne d’Fhiúsailéirí NorthumberlandNewcastleCampa Alnwick
Raidhfilí Éireannacha LondanLondain, ChelseaBeairic Dhiúc York
Reisimint Learphoill an RíLearphollBeairic Seaforth

Éireannach in ainm den chuid is mó

The 4ú Gardaí Dragúin (Ríoga na hÉireann)
5ú Lansaithe (Ríoga na hÉireann)
6ú Dragúin (Inis Ceithleann)
8ú Husáir (Éireannach Ríoga an Rí)

  
Capaill Éireann an DeiscirtDeisceart na hÉireannCluain Meala
Capaill Éireann an TuaiscirtBéal Feirste, An Dún, Aontroim, Tír Eoghain, An Cabhán, Doire, Dún na nGall, Ard Mhacha, Muineachán Béal Feirste