Comhairliúchán Poiblí - Ráiteas faoi Bheartas an Rialtais maidir le Rialachas Geilleagair
Beidh fáilte ag Roinn an Taoisigh roimh aighneachtaí a chuireann páirtithe leasmhara faoi bhráid i ndáil leis an bpáipéar comhairliúcháin "Ráiteas an Rialtais faoi Rialachas Geilleagair". Is ar an rialachas maidir le cúrsaí geilleagair atá an bhéim sa pháipéar comhairliúcháin seo. Is é atá i gceist le rialachas geilleagair againn na hearnála buntábhachta a thagann faoi réir rialachais geilleagair cheana féin nó a bhfuil i gceist go dtiocfadh go ríghairid.
Beidh aighneachtaí a bhaineann le hábhar tábhachtach mar lón eolais maidir le Ráiteas faoi Bheartas an Rialtais maidir le Rialachas Geilleagair a dhréachtú.
Ba cheart aighneachtaí a chur faoi bhráid ionas go dtagann siad roimh an 5.00 i.n. Dé hAoine, an 17 Bealtaine 2013 ag:
Rialachas Geilleagair,
Roinn an Taoisigh,
Tithe an Rialtais,
Sráid Mhuirfean Uachtarach,
Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: economicregulation@taoiseach.gov.ie
Tugtar chun aire go bhféadfadh gach aighneacht agus tuairim a chuirtear faoi bhráid Roinn an Taoisigh chun na críche seo a theacht faoi réir na nAchtanna um Saoráil Faisnéise 1997 go dtí 2003 agus go bhféadfadh go bhfoilseofaí ar láithreán gréasáin na Roinne iad.