An Coimisiún Eorpach sásta iarratas ar chás Microsoft a bhreithniú - Murphy
Ag cruinniú a bhí ag an Aire Gnóthaí Eorpacha agus Cosanta Sonraí, Dara Murphy T.D. leis an gCoimisiún Eorpach inniu, pléadh iarratas a rinneadh chuig an gCoimisiún Eorpach barúlacha a thíolacadh i gcás cúirte sna Stáit Aontaithe. D’fhéadfadh impleachtaí móra a bheith aige seo ar an bplé a bhíonn ag córas dlí an Aontais Eorpaigh agus ag córas dlí na Stát Aontaithe lena chéile. Scríobh an tAire Murphy chuig an gCoimisiún inné ag iarraidh air cuntas “amicus curiae” a chur ar aghaidh chuig an gcás cúirte i Meiriceá a bhaineann le Microsoft agus a éistfear i mí na Nollag.
Seo mar a labhair an tAire Murphy i ndiaidh an chruinnithe sa Bhruiséil:
“Ag an gcruinniú leis an gCoimisiún Eorpach, dúirt mé go raibh córas tacaíochta dlí i bhfeidhm cheana ag an AE agus SAM chun plé le hiarratais ar aistriú sonraí ó dhlínse amháin go dlínse eile i gcás imscrúdúcháin choiriúla. Cinntítear leis an gComhaontú seo go dtugtar aird ar chearta digiteacha úsáideoirí agus go mbíonn cosaint acu agus ag an am céanna gur féidir le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí sna SA agus san AE fianaise a lorg nuair a bhítear ag fiosrú coireanna tromchúiseacha.
Is cosúil sa chás seo, má éilítear rochtain dhíreach ar shonraí atá coinnithe san AE trí chóras dlí na SA, go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh do na sásraí dlí atá i bhfeidhm cheana. Leag mé béim leis an gCoimisiún go mbaineann an t-ábhar seo leis an AE ina iomláine. Táim sásta go mbreithneoidh an Coimisiún an t-iarratas.