BaileNuacht

Fáilte curtha ag an Aire Murphy roimh Athbhreithniú ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí agus díospóireacht ghinearálta ar príobháideacht ar líne agus ar chearta digiteacha iarrtha aige

 

Chuir an tAire do Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint Sonraí, Dara Murphy T.D. fáilte ar maidin roimh phróiseas comhairliúcháin a sheol an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlí na hÉireann i ndáil le cibearchoireacht a mbíonn tionchar aici ar shábháilteacht phearsanta, ar phríobháideacht agus ar cháil an duine, lena n-áirítear cibearbhulaíocht.  

Tá an páipéar saincheisteanna arna fhoilsiú ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí tráthúil go leor.Mar gheall ar an mearfhorbairt atá tagtha ar an ngeilleagar digiteach agus ar na meáin shóisialta ach go háirithe, is tráthúil agus is cuí anois athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta cosanta atá i bhfeidhm faoi láthair agus féachaint ar cheart iad a threisiú.   

“Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh cosaint ar líne ag daoine, go háirithe ag daoine óga.Tá saincheisteanna tábhachtacha tugtha chun solais ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí agus is féidir iad a chur san áireamh i ndíospóireacht náisiúnta níos leithne ar phríobháideacht ar líne agus ar chearta digiteacha.”“Cuirim fáilte roimh an tionscnamh seo ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, ar cuid é den Cheathrú Clár Athchóirithe Dlí.Áitím ar gach páirtí leasmhar freagra a thabhairt roimh an spriocdháta d’aighneachtaí i mí Eanáir,” a dúirt an tAire Murphy.

CRÍOCH