BaileNuachtAithisc an Taoisigh

Ráiteas an Taoisigh Leo Varadkar T.D. Dé hAoine an 08 Nollaig 2017, Ionad Preasa an Rialtais.

 

A dhaoine uaisle.

 

Is lá tábhachtach é an lá inniu do gach duine ar oileán na hÉireann, dá gcomharsana i Sasana, agus dár gcomhbhaill ar fad san Aontas Eorpach.

 

I ndiaidh idirbheartaíochtaí fada agus diana, tá socrú sásúil déanta ar na saincheisteanna a bhaineann le hÉirinn i gCéim 1.

 

Mar is eol daoibh, bhí saincheisteanna na hÉireann ar cheann de thrí phríomhréimse a raibh plé le déanamh orthu sna cainteanna seo, sula bhféadfadh an tAE agus an RA dul ar aghaidh chuig saincheisteanna Chéim 2 mar trádáil agus caidreamh nua polaitíochta agus eacnamaíoch idir an RA agus an tAE.

 

Is iad an dá shaincheist eile, ar den tábhacht freisin iad don AE agus d’Éirinn, ná Cearta Saoránach agus Socrú Airgeadais.

 

Tá an méid a rabhamar ag dréim leis a bhaint amach i gCéim 1 de na hidirbheartaíochtaí seo, bainte amach againn.   Tá na dearbhuithe a theastaigh uainn ón Ríocht Aontaithe faighte againn agus an tAontas Eorpach ag tacú leo.

 

Táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta anois ar shaincheisteanna na hÉireann.   Tá na paraidméadair leagtha síos agus is dea-pharaiméadair iad.   Anois, is féidir linn bogadh ar aghaidh agus na mionsonraí maidir lena bhfuil aontaithe a oibriú amach agus chun labhairt ar an gcéim idirthréimhseach, ar shaorthrádáil agus an caidreamh nua idir an tAE agus an RA.

 

Níl sé thart fós ach tá an chéad chéim tugtha chun críche.  Agus beimid go hiomlán rannpháirteach agus airdeallach le linn chéim a dó, nuair a dhéanfar conarthaí nua idir an tAE agus an RA a dhréachtú agus a dhaingniú agus a gcur i bhfeidhm.

 

Cad atá bainte amach mar sin?

 

  1. Cosaint ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ar fad.

 

  1. Beidh sé fós de cheart ag gach duine a bheirtear i dTuaisceart Éireann saoránacht na hÉireann a bheith acu agus dá bhrí sin saoránacht AE.  Dá bhrí sin, beidh sé de cheart ag páiste ar bith a bheirtear i mBéal Feirste nó i nDoire inniu dul i mbun staidéir i bPáras, maoin a cheannach sa Spáinn, obair i mBeirlín nó in aon áit eile san Aontas Eorpach.   Ní bheidh le déanamh acu ach leas a bhaint as a gceart ar shaoránacht Éireannach agus an AE.

 

 

  1. Beidh saorghluaiseacht fós idir an Bhreatain agus Éire faoin gComhlimistéar Taistil.

 

  1. Beidh an tsaoirse fós ag saoránaigh na hÉireann agus na Breataine dul chun cónaithe, ag obair, ag staidéar, teacht ar thithíocht, ar chúram sláinte, pinsin agus leasa thíortha a chéile amhail is gur saoránaigh i dtíortha a chéile iad.

 

  1. Tá sé geallta ag an Ríocht Aontaithe, ar ‘riachtanas uileghabhálach’, teorainn chrua a sheachaint ina gcaithfidh aon socrú amach anseo a bheith ag teacht leis sin.   Ní bheidh aon infrastruchtúr fisiciúil ná seiceálacha ná rialú bainteacha i gceist.

 

Tá trí rogha leagtha amach maidir lena bhféadfaí seo a bhaint amach.   Is é an rogha is fearr linne go mbeadh comhaontú cuimsitheach agus domhain idir an tAE agus an RA a ligfidh dúinn leanúint ag trádáil mar atáimid anois. Ní gá go mbeadh sin indéanta, áfach.  Mar sin tá socrú cúlstop déanta faoina mb’fhéidir go bhféadfadh Tuaisceart Éireann agus b’fhéidir an Ríocht Aontaithe ar fad leanúint go hiomlán le rialacha an Mhargaidh Inmheánaigh agus an Aontais Custaim, rialacha atá ábhartha má táthar chun teorainn a sheachaint, comhoibriú thuaidh-theas agus geilleagar uile-oileáin.

 

  1. Tá deimhniú eile tugtha do mhuintir agus do ghnólachtaí Thuaisceart Éireann go gcinnteoidh rialtas an Ríochta Aontaithe go mbeidh teacht neamhshrianta ag lucht gnó i dTuaisceart Éireann ar an Ríocht Aontaithe ar fad agus nach dtiocfaidh aon bhacanna nua chun cinn idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór mura n-aontaíonn Feidhmeannas Thuaisceart Éireann lena leithéid. Ní fhuaróidh cúrsaí idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór.

 

 

  1. Beidh maoiniú faoi chláir PEACE agus INTERREG, atá ríluachmhar do phobail ar an teorainn, ar fáil go dtí an bhliain 2021 agus féachfaimid go fabhrach leanúint leis sin ina dhiaidh sin.  

 

  1. Tá geallta ag an Ríocht Aontaithe a chinntiú nach mbeidh aon mhaolú ar chearta daonna, ar chosaintí ná ar chomhdheiseanna mar atá leagtha amach i nDlí na hEorpa. 

 

  1. Agus ar deireadh go mbeidh gné ar leith faoi Éirinn i gcéim a dó de na hidirbheartaíochtaí seo.   

 

Tá súil agam Feidhmeannas Thuaisceart Éireann a fheiceáil i bhfeidhm gan mhoill chomh maith leis an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.

 

Beidh guth tábhachtach ag na hinstitiúidí is muid ag gluaiseacht ar aghaidh le chéile chuig Céim 2 de chainteanna an Bhreatimeachta.

 

Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt, ar maidin, don imní atá ar an bpobal aontachtach i dTuaisceart Éireann. 

 

Ba mhaith liom a chur ina luí oraibh nach bhfuil aon uisce faoi thalamh ann.

 

Níl aon bhealach go ndéanfaimis teacht i dtír ar an mBreatimeacht mar bhealach le dul i dtreo Éire Aontaithe gan toiliú.

 

Ní theastaíonn uainn teorainn a fheiceáil i Muir Éireann ach an oiread le teorainn idir an tIúr agus Dún Dealgan ná Leitir Ceanainn agus Doire.

 

Is athmhuintearas seachas teorainneacha atáimid a iarraidh. 

 

Is mian linn go leanfadh saorthaisteal agus saorthrádáil mar atá anois is a bhí le 20 bliain.

 

Is mian linn go mbeadh athchairdeas agus meas ann.

 

An lóchrann a bhí againn agus an t-aon uaillmhian a bhí againn lena linn seo ar fad – a chinntiú go leanfaí d’fhorálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta a chur i bhfeidhm ina n-iomláine i ndiaidh an Bhreatimeachta agus gur féidir le daoine leanúint leis an saol agus lena gcuid oibre mar ba ghnáth roimhe sin.

 

Aithnítear, ach go háirithe, sa chomhaontú forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta maidir le stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann agus prionsabal an toilithe.

 

Is é an prionsabal seo an bhunchloch do na caidrimh nua atá cothaithe againn ar an oileán seo ó 1998 agus ar a leanfar á neartú sin amach anseo.

 

 

Maidir le náisiúnaithe i dTuaisceart Éireann, is mian liom a dhearbhú go ndearnadh bhur leasanna a chosaint le linn na n-idirbheartaíochtaí seo.

 

Déanfar bhur gceart ó rugadh sibh, mar shaoránaigh de chuid na hÉireann agus dá bhrí sin mar shaoránaigh de chuid an AE, a chosaint.  Ní bheidh aon teorainn chrua ar an oileán.  Ní fhágfaidh aon rialtas de chuid na hÉireann ar deireadh go brách arís sibh.

 

Beidh na cearta seo ar fáil do gach duine i dTuaisceart Éireann, ar ndóigh, a roghnaíonn a cheart nó a ceart mar shaoránach de chuid na hÉireann a chleachtadh, beag beann ar a gcreideamh ná a ndearcadh polaitíochta.

 

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le mo chomhghleacaithe sa Rialtas, oifigigh i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála agus go háirithe an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an tAire Gnóthaí Eorpacha as an obair mhór agus a dtiomantas.

 

Bhí an Rialtas aontaithe agus diongbháilte ina gcuid oibre.

 

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin le ceannairí an fhreasúra agus a bpáirtithe don tacaíocht an-phraiticiúil a thugadar, don Rialtas agus sa bhaint  a bhí acu le comhpháirtithe ar fud na hEorpa.  

 

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do lucht idirbheartaíochta an AE faoi stiúir Michel Barnier chomh maith leis an Uachtarán Juncker, an tUachtarán Tusk agus Cinn Stáit agus Rialtais.

 

Bhí an tacaíocht agus an dlúthpháirtíocht ríluachmhar.   Ba mhór é a leath.

 

Ba léiriú é ar luachanna an Aontais Eorpaigh agus mar atá tíortha beaga níos fearr as ina n-aontas mór amháin.

 

Cuireann sé deireadh le haon amhras a bheadh ann maidir lenár dtodhchaí san Aontas Eorpach, i lár comhbhaile Eorpach a chuidíomar lena bhunú.  

 

Ar deireadh, maidir lenár gcomharsana sa Bhreatain, an Príomh-Aire agus a comhghleacaithe, glacaim buíochas libh faoina raibh ag déanamh imní dúinn a bhreithniú go cúramach, bhur ndea-thoil agus a macántacht. 

 

Tuigim cé go bhfuil saincheisteanna na hÉireann ar bhur gclár oibre go bhfuil siad freisin i measc na ndúshlán atá le sárú ag bhur dtír agus na daoine mar gheall ar an mBreatimeacht.

 

Bhí meas i gcónaí ag Éirinn ar an gcinneadh daonlathach a ghlac sibh imeacht as an Aontas Eorpach.

 

Agus roinneamar libh an leas atá agaibh – i síocháin, saorthrádáil, saorghluaiseacht agus rath do gach duine ar na hoileáin seo.

 

Geallaim daoibh go leanfaidh an cairdeas agus dea-thoil Rialtas an hÉireann agus mhuintir na hÉireann sna míonna agus blianta atá romhainn.