BaileNuachtAithisc an Taoisigh

The Taoiseach emphasises Stability, Aitheasc an Taoisigh Enda Kenny TD chuig Parlaimint na hEorpa, Dé Céadaoin 16 Eanáir, 2013

 

A Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa, a Uachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh, a cheannairí Oirirce na ngrúpaí polaitiúla, a bhaill de Pharlaimint na hEorpa. Is mór an onóir dom mar Thaoiseach a bheith i láthair i bParlaimint na hEorpa inniu le tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann a chur i láthair.

Is é seo Seachtú hUachtaránacht na hÉireann, a thosaigh cothrom 40 bliain tar éis dúinn dul isteach sa Chomhphobal Eorpach, mar a bhíodh air.

Is maith an cinneadh a rinne muintir na hÉireann - sa 40 bliain is fada agus is maith a thaisteal muid, agus níor fhéach muid ar ais. Ach is fada atá ár n-oileán Atlantach ag 'croílár' na hEorpa.

Sa séú agus sa seachtú haois d’fhág ár manaigh, Colm Bán agus Cillian ina measc, Éire ina mbáid bheaga le solas na foghlama a thabhairt chuig meon na hEorpa.

Sa lá atá inniu ann coinníonn Éire an creideamh sin inár mór-roinn, in Aontas na bpobal.

Coinníonn muid an creideamh i ngeall ar smaoineamh ar leith na hEorpa againn. An smaoineamh a deir, in ainneoin ár ndifríochtaí náisiúnta, gur fearr agus gur doimhne a bhíonn cónaí orainn riamh is choíche mar phobal i bhfoscadh a chéile, agus ní i scáth a chéile.

Ní mór dúinn obair go dian agus le chéile chun ár nAontas a athnuachan agus a athneartú. 

Is i spiorad sin na gníomhaíochta – spiorad na hathnuachana - a ghlacann Éire leis an seachtú hUachtaránacht seo, le honóir agus le beagán bróid.

Éire agus an Eoraip

Sa 40 bliain sin, díreach mar a chlaochlaigh ár nAontas, chlaochlaigh ár mballraíocht san AE Éire. 

Sa bhliain 1973 is go dtí an Bhreatain go príomha a théadh ár n-onnmhairí, táirgí  talmhaíochta den chuid is mó a bhíodh iontu.

Inniu bíonn cuideachtaí Éireannacha ag onnmhairiú earraí agus seirbhísí ardteicneolaíochta ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Táimid ag óstáil chomh maith os cionn 1,000 cuideachta eachtrach, atá ríthábhachtach dár gcumas téarnaimh agus chun ár ngeilleagar a neartú.

Ba i Samhain 2010 a chuaigh Éire isteach i gclár tacaíochta AE-CAI.

Tá ár bpobal bródúil fós ag obair faoi mheáchan fhiachas na mbanc. Is iomaí teaghlach atá ag fulaingt faoi phian na déine.  Ach d’iompair muintir na hÉireann an meáchan, agus an phian, le misneach iontach, le foighne agus le dínit chiúin.

Agus is é an scéal sin, na cáilíochtaí sin agus gnéithe is doimhne agus is barántúla in Éirinn, amhail meas, fís, dílseacht, atrua, a thugaim liom anseo inniu. Agus i ngeall ar ár ndaoine, agus ar a gcáilíochtaí, tá áthas orm a rá go bhfuil Éire ag glacadh céimeanna ar bhóthar an téarnaimh.

D’urramaigh muid ár dtiomantais uile don AE-CAI  trí ocht n-anailís Triúrachta. 

Thosaigh ár ngeilleagar ag fás arís anuraidh, mhéadaigh ár n-onnmhairí go leibhéil curiarrachta. Tá caiteachas an rialtais á thabhairt faoi smacht againn.

Tá muinín nua in Éirinn á léiriú ag infheisteoirí idirnáisiúnta. Tá sé sin le feiceáil sna rátaí níos ísle ar bhannaí rialtas na hÉireann. Léiríonn na díolacháin bannaí le déanaí go bhfuil an mhuinín sa mhargadh a mhaolaigh tráth ag filleadh anois.

Mar náisiún táimid tiomanta an Clár AE-CAI a fhágáil roimh dheireadh na bliana seo.

Is iomaí dúshlán atá romhainn agus tá ár ngeilleagar fós leochaileach, ach creidim go daingean gur féidir gurb í 2013 an bhliain ina bhfágfaidh Éire a Clár, le  ceannaireacht a thaispeáint san Eoraip.

Ach ní mór don Eoraip freisin í féin a shocrú tar éis na tréimhse géarchéime seo, agus filleadh ar an gcobhsaíocht. Sin é an fáth gur faoi Chobhsaíocht, Poist agus Fás a bheidh Uachtaránacht na hÉireann ar fad.

Bealach na hÉireann

Inár nUachtaránachtaí roimhe seo dhírigh muid ar na torthaí. Anois, déanfaidh muid amhlaidh arís. Beidh muid ag obair go dlúth libhse, feisirí tofa phobal na hEorpa anseo sa Pharlaimint, a gcuireann a tábhacht agus a tionchar méadaithe i gcroílár ghnó an Aontais sibh. 

D’oibrigh muid go dian san ullmhúchán don Uachtaránacht. Tá muid tar éis athinfheistiú inár gcaidrimh Eorpacha. Agus toisc go ndearna muid sin, níor mhó riamh  doimhneacht ár gcaidreamh nó leithead ár dtuisceana ná anois.

Tá muid ag tabhairt na gcaidreamh sin chuig ár ndaoine. Ní mór dár saoránaigh bheith ar an eolas agus a fheiceáil go bhfuil muid ag obair lena muinín agus a n-iontaoibh a chur ar ais, ní hamháin sna parlaimintí náisiúnta, ach freisin agus go criticiúil, i mbunsmaoineamh daonlathach an Aontais Eorpaigh féin. Is tábhachtach go dtuigfeadh  agus go mothódh daoine go bhfuil an mhuinín sin ag filleadh.

Tá an Eoraip casta

Cinnte, bíonn an 'Eoraip' ina coincheap deacair. Ba mhaith le roinnt daoine mura mbeadh an Eoraip chomh casta, chomh hinstitiúideach. Ach, mar dhuine atá paiseanta faoin Eoraip,  tá mé cinnte dearfa de gur féidir lenár bpobal Eorpach  spreagadh agus tinfeadh araon a fháil óna ndéanann muid dáiríre san Eoraip agus go deimhin sna nithe uile is féidir a bhaint amach.

Ar fud ár n-Aontais go léir, is gá poist dár ndaoine.

Féachann siad orainne – ar an 'Eoraip' - le ​​haghaidh tacaíochta. Ón Atlantach chuig an Úrail tá ár muintir ag iarraidh slándála agus is gá dóibh sin. Tabharfaidh an tslándáil sin deis dóibh maireachtáil ar bhealach níos fearr, níos sábháilte, níos saibhre.

Tá ár nAontas uathúil sa mhéid atá ag éirí leis freagra a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Spreagann sé daoine eile ina gcumas an rud céanna a dhéanamh. Is é ár gcumas obair le chéile agus ár dtiomantas le torthaí a bhaint amach na nithe is tábhachtaí dár saoránaigh.

I mBliain seo an tSaoránaigh, ní mór dúinn a bheith réidh chun "Cén fáth?" na hEorpa a mhíniú.

Agus is ea, aontaím leo siúd a deir nach mbíonn ár bhfreagraí sách soiléir uaireanta.

Ach an méid atá déanta againn go maith le chéile, tá sé ar fheabhas. Ó raic an chogaidh chruthaigh muid Aontas síochánta, aontaithe, daonlathach, Aontas pobal,  agus rinne muid é sin ar fad laistigh d’orlach ‘ón bhféidearthacht ..... nach mbeadh aon Eoraip ar chor ar bith ann.'

Síocháin

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Eoraip anuraidh, rud a d’aithin a bhfuil  bainte amach.

Is eol d’Éirinn ar a bealach féin pian agus fulaingt an fhoréigin.

Bhí sé d’ádh orainn freisin go bhfaca muid an méid atá comhphlé agus tuiscint idir phobail in ann a chruthú: athmhuintearas stairiúil an dá phobal agus comhaontú na síochána ar ár n-oileán.

Le roinnt seachtainí anuas chonaic muid iarrachtaí ag roinnt daoine le bagairt ar an tsíocháin, síocháin a bhí chomh deacair sin le baint amach. Ach bígí cinnte nach n-éireoidh le grúpaí mioscaise, atá beag neamhionadaíoch agus scaipthe, Tuaisceart Éireann agus a chuid pobal a thabhairt ar ais go dtí an áit dhorcha sin.

Inniu tugaim ómós don AE as an tacaíocht fhada dhaingean do phróiseas na síochána thar na blianta. Molaim go háirithe an Pharlaimint seo as bhur gcreideamh i gcách a bhí ag iarraidh síochána, agus a d'oibrigh ar a son, ar ár n-oileán.

Neartaíonn an tacaíocht sin ár rún daingean lena chinntiú gur féidir le muintir Thuaisceart Éireann bheith ag tnúth le deireadh a chur leis an mbagairt sin ar an gcobhsaíocht shíochánta atá chomh luachmhar sin dóibh.

Cobhsaíocht, Fás agus Poist

A Uachtaráin, mar is eol dúinn, agus mar a fheiceann muid, tá an ghéarchéim eacnamaíoch reatha ag cur isteach go mór ar ár muintir.

I roinnt tíortha, Éire ina measc, is déine fós an tionchar sin.

Is í dífhostaíocht an gortú is doimhne. Agus lá gan obair rompu, go háirithe dár  ndaoine óga, creimtear a muinín, agus rud is measa ná sin, creimtear a ndóchas.

Níl aon fhigiúr dífhostaíochta inghlactha. Mar sin féin, ní féidir linn agus ní dhéanfaimid, mar dhaonlathaigh, a ligean do ghlúin fás anois le creideamh gur theip ar a gceannairí polaitiúla seans réasúnta sa saol a thabhairt dóibh. Toisc gurb iadsan todhchaí an daonlathais, ár dtodhchaí-ne, todhchaí na hEorpa.

A Uachtaráin, cén rud is tábhachtaí dár ndaoine óga agus iad ag fágáil na scoile agus na hollscoile? Seans ar obair. An dínit post a fháil. Sin é an dúshlán dár nglúin.

Níl aon réiteach simplí ar an bhfadhb seo, ach is dúshlán é nach mór dúinn dul in ngleic leis láithreach. Tabharfaimid tosaíocht don Phacáiste Fostaíochta don Aos Óg,  lena n-áirítear an Ráthaíocht Óige.

Comhlánú an Mhargaidh Aonair, baic ar ghnó a dhíothú, deiseanna trádála a mhéadú agus iomaíochas a fheabhsú, tá siadsan go léir ríthábhachtach leis an timpeallacht do phoist a fheabhsú.

Sa chéad chéim eile de théarnamh na hEorpa ní mór cumas iomlán an Mhargaidh Aonair a shaoradh. Beidh muid uaillmhianach chun dul chun cinn maidir leis an Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla, ar an Treoir um Oibrithe a phostáil agus ar inaistritheacht pinsean. 

Sa phacáiste um Sholáthar Poiblí tá acmhainn againn cur go mór leis an margadh le haghaidh ár bhfiontar beag agus meánmhéide.

Ní mór dúinn machnamh freisin ar an mbealach a maireann muid anois, a bhuí leis an teicneolaíocht, i Margadh Aonair Digiteach. Mar sin, beidh muid ag iarraidh dul chun cinn a fheiceáil ar r-shínithe, leathanbhanda ardluais, comhchearta bainistíochta, agus cosaint sonraí, agus tabharfaimid tosaíocht dóibh.

CAI

Ní mór bonn seasmhach d’obair dhúshlánach an Aontais . Ní mór dúinn maoiniú  ilbhliantúil imleor a chinntiú. Tosaíocht is ea an CAI a phléigh mé leis an Uachtarán Schulz agus le Comhdháil na nUachtarán.

Rinne an Chomhairle Eorpach dul chun cinn suntasach leis na difríochtaí an-mhór idir na Ballstáit a laghdú. Ach is gá níos mó oibre agus idirbheartaíochta, agus sin go luath.

Deanfaidh mé mo dhícheall agus mé ag obair leis an Uachtarán Van Rompuy le comhaontú ar an CAI a fháil ag an gComhairle Eorpach. Mar Uachtaránacht, pléifidh  muid é seo libhse sa Pharlaimint. Is comhpháirtithe ríthábhachtacha sibh air seo. Ní féidir linn é seo a dhéanamh gan sibhse.  Conradh Liospóin a thug an t-údarás sin. 

Creidim go bhfuil comhaontú luath go mór chun leasa na hEorpa, agus chun ár leasa féin.

Ina dhiaidh sin, beidh muid ag obair leis an bParlaimint le raon ionstraimí a chur chun cinn ionas go mbeidh bonn seasmhach ann do chláir an Aontais faoi dheireadh 2013.

Ní mór díriú gan mhoill ar obair thábhachtach ar athchóiriú an CBT agus an CFP, Fís 2020 agus ar chistí struchtúracha. Tá an méid sin amuigh ag ár saoránaigh orainn.

Is gá roghanna deacra, dúinn go léir, d'amanna deacra.  Comhaontú cothrom, fiú más neamhfhoirfe é, cuirfidh sé ar ár gcumas bogadh ar aghaidh.

Cobhsaíocht: rialachas eacnamaíoch agus baincéireacht

Tá cobhsaíocht ag teastáil, thar aon rud eile san earnáil airgeadais agus i réimse an rialachais eacnamaíoch. Ní mór don Pharlaimint agus don Chomhairle aontú ar an dá-pacáiste go han-luath.

Fíorchéim chun tosaigh sa chaoi a rialaíonn muid ár ngeilleagair is ea Próiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Ach tharraing sibh aird ar na heasnaimh atá ann maidir le  cuntasacht daonlathach an chórais; tá muid réidh chun ár gcion a dhéanamh dá leithéid de phlé sna míonna atá romhainn.

I mí an Mheithimh chinn Cinn Stáit agus Rialtais limistéar an Euro an nasc tocsaineach idir baincéireacht agus fiachas ceannasach a bhriseadh, chomh maith le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht chlár coigeartaithe na hÉireann. Tá rún daingean againn go gcuirfear na cinntí sin chun feidhme. Beidh muid ag obair le hAontas Baincéireachta fíor a bhaint amach . Ní mór é seo a bheith i measc bharrthosaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear an Sásra Aonair Maoirseachta agus eilimintí eile an Aontais Bhaincéireachta a ghlacadh gan mhoill. 

Táimid ag tnúth le comhaontú leis an bParlaimint ar CRD IV freisin, áit a bhfuil dul chun cinn maith déanta againn.

Beartas Eachtrach

A Uachtaráin, is lú an domhan anois ná riamh, rud a chiallaíonn gur tábhachtaí ná riamh ról na hEorpa agus freagracht na hEorpa.

Tá tiomantas mhuintir na hÉireann do chearta an duine agus cúnamh idirnáisiúnta eiseamláireach. Ag aon chlinic allamuigh, aon iosta bia i gcodanna dearmadta  den domhan, cloisfidh tú guth an Éireannaigh – gheobhaidh tú dearcadh an Éireannaigh.

Bainfidh muid úsáid as an Uachtaránacht le cur chuige an Aontais don troid i gcoinne na bochtaineachta domhanda agus an ocrais a neartú. 

Oibreoidh muid go dlúth chun tacú le hiarrachtaí an Ardionadaí / Leas-Uachtaráin Ashton le ról an Aontais Eorpaigh a láidriú chun síocháin a thabhairt chuig réigiúin thrioblóideacha, mar shampla an tSiria, an Iaráin, Mailí agus an tSomáil.

Trádáil

Feiceann muid fíoracmhainn chun trádáil na hEorpa a mhéadú le comhpháirtithe straitéiseacha. Tá dóchas ard againn le hoscailt na caibidlíochta um Chomhaontú Saorthrádála  leis na Stáit Aontaithe. Creideann muid gur mithid é sin a dhéanamh. I measc na n-idirbheartaíochtaí tábhachtacha a mbeidh muid ag obair chun iad a chur chun cinn sa tréimhse romhainn tá leis an tSeapáin, an India, Ceanada agus tíortha réigiúin ASEAN.

Níl aon seachmall orainn go mbeidh sé sin éasca: tagann go leor saincheisteanna íogaire chun cinn. Ach toisc gurb eol dúinn na buntáistí a bhaineann leis an méid atá  gaibhnithe againn féin inár Margadh Aonair, ní mór dúinn féachaint le breith ar  na buntáistí an trádáil le himreoirí domhanda eile a mhéadú. Is ollmhór an duais atá le buachan againn i scála na bpost a chruthófar má éiríonn linn.

Méadú

A Uachtaráin, ar cheann de na laethanta is tábhachtaí i stair fhada, bhródúil an AE tá an 1 Bealtaine, 2004, nuair a d’fháiltigh Uachtaránacht na hÉireann roimh dheich mBallstát nua san Aontas Eorpach.

Tabharfaidh an Uachtaránacht tosaíocht freisin do bheartas inchreidte um méadú.

Tá muid ag tnúth le fáiltiú roimh mhuintir na Cróite mar bhaill an 1 Iúil.

I gcás na dtíortha sin atá in idirbheartaíochtaí, gach ceann acu ag céim dhifriúil, beidh muid ag obair chun an próiseas leis an Íoslainn, an Tuirc agus Montainéagró a chur chun cinn. B’fhéidir go mbeadh cinntí tábhachtacha inghlactha freisin maidir le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, an tSeirbia, an Albáin, agus sa Chosaiv i rith théarma na hÉireann. 

A Uachtaráin, cuireann géarchéim na bpost agus gheilleagar na hEorpa as dúinn chomh mór sin go bhfuil baol ann go gcaillfidh muid radharc ar a bhfuil againn, ar a bhfuil bainte amach againn.

Tá an Eoraip i gcónaí i measc na n-áiteanna is fearr le bheith beo ann, ní hamháin ó thaobh na heacnamaíochta, ach ó thaobh an chultúir agus cúrsaí sóisialta. Thar aon ní eile toisc go bhfuil síocháin againn, síocháin luachmhar, síocháin a bhfuil muid tiomanta di toisc gur chruthaigh muid le chéile í. Ní haon ionadh go bhfuil an oiread sin tíortha ag dréim le bheith linn, le bheith mar chuid de theaghlach na hEorpa.

Creidim gur sa bhliain 2012 a chonaic muid, b'fhéidir, an chuid ba mheasa den  ghéarchéim gheilleagrach – thug muid aghaidh ar an eagla mach mairfeadh an euro féin, chuir muid deireadh leis an eagla sin go cinnte agus tá muid ag bogadh anois isteach ar na dúshláin a bhaineann le téarnamh na hEorpa.

Tá a fhios agam nach mór an sólás é sin dár gcuid saoránach, dár dteaghlaigh a bhfuil postanna caillte acu, nach gá dóibh léamh faoin nGéarchéim – toisc gurb inti a mhaireann siad gach lá.

Neartaíonn siadsan agus a gcuid taithí ár dtoil. Agus is ar a son siúd a bhrúnn muid ar aghaidh níos diongbháilte fós le gníomhartha chun cobhsaíocht, poist nua, fás nua a thabhairt don Aontas, agus dóchas agus muinín a chur ar ais i saol na ndaoine.

A Uachtaráin, ní pailliún de chineál éigin i gcéin é ár nAontas Eorpach. Teaghlach is  ea ár nAontas – é spleodrach, imníoch, coipthe, áthasach ar uairibh, ach i gcónaí atruach, i gcónaí dílis.

Mar sin, is lenár dteaghlach Eorpach a bhainfidh Uachtaránacht na hÉireann. 

Inniu agus sna sé mhí atá romhainn, ar son na hÉireann, déanfaidh muid ár ndeargdhícheall  le réiteach a fháil ar chuid de dhúshláin na hEorpa.

Creidim nach féidir linn níos lú ná sin a dhéanamh. Mar sin é mórchúram ár nglúine,  an dúshlán deiridh polaitiúil dóibh siúd dá dtugtar freagracht dhaonlathach na ceannaireachta.

Beartaímis le chéile nach teip atá in ndán dúinn sa chúram sin.

A CHRÍOCH SIN