BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

An Taoiseach ag labhairt ag an Seachtú Cruinniú Áise- Eoraip, Béising 24 Deireadh Fómhair 2008

 

Leanfaidh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain T.D, lena chuairt chun na Síne inniu, mar a mbeidh sé i láthair agus ag labhairt ag an Seachtú Cruinniú Áise-Eoraip.

Beidh Uachtarán Hu na Síne, Uachtarán na Fionlainne (ba san Fhionlainn a tionóladh ASEM 6) agus an tUachtarán Sarkozy thar ceann Uachtaránacht an AE i measc na gceann stáit eile a bheidh ag labhairt.

Seo é téama uileghabhálach ASEM7:  Fís agus Gníomh: I dTreo Réiteach Iomlán Dearfach (Vision and Action: Towards a Win-Win Solution). Is ar shaincheisteanna polaitíochta, eacnamaíochta agus sóisialta, mar aon le saincheisteanna cultúir, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe, a bheidh pléití na gceannairí ASEM dírithe ag an gcruinniú mullaigh.

Críoch.

Nóta d’eagarthóirí

Leis an ASEM – Cruinniú Áise-Eoraip, arna bhunú sa bhliain 1996 – tugtar creat neamhfhoirmiúil le chéile ó 40 tír, agus os a chionn, ón Eoraip agus ón Áise.Tosóidh clár foirmiúil an Chruinniú Mullaigh Dé hAoine an 24ú lá, mar a gcuirfidh Príomh-Aire na Síne, Wen Jiabo, fáilte roimh Chinn Rialtais ag Halla Mór an Phobail, Tiananmen Square, agus mar a gcuirfear in aithne iad don Uachtarán Hu Jintao.