BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

An Taoiseach agus Uachtarán na Seice i gcuideachta a chéile

 

Casfaidh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, T.D. le hUachtarán Phoblacht na Seice, an tUasal Václav Klaus, inniu, Dé Luain, agus an tUachtarán ar Cuairt Stáit trí lá chun na hÉireann. Meastar go bpléifidh an Taoiseach agus an tUachtarán Klaus na tosaíochtaí i ndáil le hUachtaránacht na Seice ar an gComhairle Eorpach ina dhiaidh seo, an ghéarchéim airgeadais domhanda, Conradh Liospóin agus caidrimh dhéthaobhacha idir Éire agus Poblacht na Seice.

Nóta d’Eagarthóirí

Tá an tUachtarán Klaus ar cuairt anseo tar éis don Uachtarán Mhic Giolla Íosa cuairt Stáit a thabhairt ar Phoblacht na Seice sa bhliain 1999.

Níos luaithe i mbliana a deimhníodh cuairt Stáit an Uachtaráin chun na hÉireann.

Glacfaidh Poblacht na Seice Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí chuici féin an 1 Eanáir 2009.

ean Council on 1 January 2009.