BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

An Tascfhórsa um Dhrugaí á mholadh ag an Taoiseach i ngeall ar an méid atá bainte amach acu

 

Thréaslaigh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, leis an gComh-Thascfhórsa um Dhrugaí, tráthnóna, i ngeall ar an urghabháil ollmhór drugaí amach ón gcósta inniu.Dúirt an Taoiseach gur mhaith leis tréaslú leo siúd go léir a bhí rannpháirteach san urghabháil, go raibh ard-mholadh tuillte acu as obair a bheith curtha i gcrích go proifisiúnta agus as a ndílseacht don dualgas a bhí orthu.  Ní hamháin, a dúirt sé, gur fiú na céadta milliún euro urghabháil ollmhór drugaí dá leithéid, ach gurb fhiú smaoineamh freisin ar na daoine sin go léir a mbeadh a saol loite ag drugaí agus ar an gcrá croí a bheadh á fhulaingt dá dheasca murach gur thángthas ar na drugaí sin. Tá an Rialtas ar a chroí díchill ag iarraidh deireadh a chur leis an gcéasadh a bhaineann le handúil i ndrugaí agus leis an gcoiriúlacht a leanann gáinneáil ar dhrugaí i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre.  Cé gur mhór an éacht an méid atá déanta againn inniu, ar sé, nílimid críochnaithe fós agus ní mór dúinn a bheith ag faire amach i gcónaí.

Críoch

6 Samhain 2008