BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Casann an Taoiseach le Príomh-Aire na Síne

 

Casfaidh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, T.D, le Príomh-Aire Phoblacht na Síne, Wen Jiabao, inniu, Déardaoin, chun an caidreamh trádála agus déthaobhach tábhachtach atá idir Éire agus an tSín a phlé, caidreamh atá ag méadú i gcónaí.

Beidh an Taoiseach i láthair, freisin, ag bricfeasta gnó, arna eagrú ag Fiontraíocht Éireann agus ar a mbeidh os cionn 600 aoi ag freastal, agus beidh sé rannpháirteach in imeachtaí cur chun cinn arna n-eagrú ag Tourism Ireland agus ag an mBord Bia.

Beidh sé i láthair, chomh maith céanna, ag imeacht iomráiteach de chuid an IDA maidir le hearnáil seirbhísí airgeadais na hÉireann agus beidh sé i láthair agus meabhráin thuisceana idir Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann agus China Bank Regulatory Commission agus China Securities Regulatory Commission á síniú, mar aon le meabhráin thuisceana idir IDAIreland agus an China Development Bank.

Tabharfaidh an Taoiseach an phríomhaitheasc, ansin, ag Ollscoil Gnóthaí Eachtracha na Síne, i mBéising, ollscoil mór le rá.

Tiocfaidh na gnéithe trádála agus déthaobhacha de chuairt an Taoisigh chun na Síne chun críche tráthnóna Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair, agus ina dhiaidh sin freastalóidh an Taoiseach ar an Seachtú Cruinniú Mullaigh Áise-Eoraip (ASEM) a thosóidh amárach, Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair.

Críoch