BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Tréaslaíonn an Taoiseach leis an Uachtarán Tofa Obama

 

Sheol an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain, TD, teachtaireacht chomhghairdis chuig Barack Obama ag tréaslú leis, agus é anois ar an 44ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt an Taoiseach gur mhaith leis comhghairdeas a dhéanamh leis an Uachtarán Tofa Obama thar ceann an Rialtais agus thar ceann mhuintir na hÉireann.

Tugann scéal pearsanta Bharack Obama – mar aon lena chumas cainte agus lena bhua chun na polaitíochta – dóchas agus misneach do lucht tacaíochta Mheiriceá ar fud an domhain.

Dúirt an Taoiseach go rabhthas ag súil go gcuirfidh an tUachtarán Tofa leis an gcairdeas láidir atá idir Meiriceá agus an AE agus idir Meiriceá agus tíortha eile mórthimpeall na cruinne.

Dúirt sé go rabhthas ag súil freisin le dul i gcomhar leis an Uachtarán Toghaí maidir le saincheisteanna lena mbaineann leas frithpháirteach, agus cur leis an gcairdeas buan atá idir an dá thír, cairdeas a bhfuil ardmheas air.

Ghuigh sé gach rath freisin ar Leas-Uachtarán Toghaí Biden, fear atá bródúil go maith gur de bhunús na hÉireann iad a dhaoine muinteartha i Pennsylvania agus i Delaware.

Dúirt sé go raibh súil ghéar á coimeád ag an uile dhuine ar an bhfeachtas stairiúil seo.  Ba mhór an éacht é don daonlathas thar aon ní eile agus, mar gheall air sin, agus mar gheall ar an méid atá déanta aige ar son na Stát Aontaithe, tá an-chreidiúint ag dul don Seanadóir John McCain, fear eile a bhí ina chara dílis, riamh, ag muintir na hÉireann.

Dúirt an Taoiseach nach raibh aon amhras ná gur ócáid stairiúil í seo gur toghadh Uachtarán Afracach-Meiriceánach den chéad uair riamh.

Dúirt sé gur cuireadh na daoine sin a rinne a seacht ndícheall ar mhaithe le cearta sibhialta i Meiriceá feadh na mblianta i gcuimhne dúinn inniu, chomh maith leo siúd go léir a dhéanann gach iarracht ceartas agus síocháin a bhaint amach ar fud an domhain inniu.

Dúirt sé freisin gur lá mór dóchais dúinn an lá inniu, go háirithe agus dúshláin mhóra romhainn go léir ar fud an domhain.

Thug an Taoiseach cuireadh foirmiúil don Uachtarán Tofa Obama teacht go hÉirinn agus cuairt a thabhairt ar bhaile dúchais a shinsear i gContae Uíbh Fhailí.

CRÍOCH

5 Samhain 2008