BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Ceapachán Uachtarán na hArd-Chúirte

 


Tar éis an chruinnithe inniu an 6 Deireadh Fómhair, 2009 is mian leis an Rialtas a chinneadh a fhógairt go bhfuil sé chun aimniúchán a thabhairt don mBreitheamh Nicholas Kearns do cheapachán ag an Uachtarán don fholúntas atá le teacht mar Uachtarán na hArd-Chúirte.

Eascraíonn an folúntas an 27 Deireadh Fómhair, 2009 nuair a théann Uachtarán na hArd-Chúirte reatha, an Breitheamh Justice Richard Johnson, ar scor.

Tógfaidh an Rialtas na céimeanna riachtanacha chun comhairle fhoirmiúil maidir leis an gceapachán a chur ar Uachtarán Mhic Giolla Íosa de réir nósanna imeachta Bunreachtúla.

Sonraí Beathaisnéise don mBreitheamh Kearns

Rugadh é i 1946:

Oideachas

Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Óstaí na Rí


Gairmeadh chuig an mBarra Lasmuigh é (1968)


Gairmeadh chuig an mBarra Laistigh é (1982)


Ceapadh mar Bhreitheamh na hArd-Chúirte é (1998)


Ceapadh mar Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí é (2004)

Críoch

8 Deireadh Fómhair, 2009