BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Comhaontaíonn Aoirí Páirtí ar dhíospóireacht Réamhbhuiséid do 17 Samhain

 

Comhaontaíonn Aoirí Páirtí ar dhíospóireacht Réamhbhuiséid do 17 Samhain

D’fháiltigh Príomh-Aoire an Rialtais Pat Carey tráthnóna roimh chomhaontú ar dhíospóireacht Réamhbhuiséid a thionóil Dé Máirt seo chugainn.

Dúirt an tAoire “Ceadóidh an díospóireacht atá comhaontaithe againn tráthnóna d’Airí, d’Urlabhraithe Freasúra agus do Theachtaí Dála a gcuid tuairimí a roinnt ar na cinntí ar chóir a dhéanamh sa Bhuiséad atá le teacht.

Tá súil agam gur díospóireacht thomhaiste, aibí, agus thar rud ar bith eile, réalaíoch a bheidh anseo ar na roghanna eacnamaíocha atá oscailte don Rialtas.

Sa díospóireacht pholaitiúil go dtí seo, is í an tuairim ghinearálta i measc Pháirtí an Lucht Oibre agus Fhine Gael ná go gcaithfear ár dtiomantas laghdú €4 billiún in easnamh bhuiséad na tíre seo a chomhlíonadh.  

Tá an Rialtas ag súil le cloisteáil faoi chonas a mholann na Páirtithe Freasúra ar chóir an laghdú sin a bhaint amach. Cé go léiríonn fianaise ó ráitis le déanaí éadoilteanas ó thaobh a bheith sainiúil, tabharfar deis do chomhaltaí a gcuid moltaí a chur chun cinn i nDíospóireacht na Máirt seo chugainn.  

I dteannta an Léargas Réamhbhuiséid a foilseofar amárach, tá réimse tuarascálacha foilsithe anois ann ar féidir leis na Páirtithe Freasúra tarraingt orthu.  Cinnteoidh sé sin go bhfuil a gcuid moltaí réalaíoch i dtéarmaí an laghdú easnamh a theastaíonn i gceann ceithre seachtainí a bhaint amach.

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Pádraig Slyne - 087 2239341