BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Fógraíonn Príomh-Aoire an Rialtais Clár Reachtaíochta do Sheisiún an Fhómhair

 

D’fhógair Príomh-Aoine an Rialtais Pat Carey Clár Reachtaíochta leathan don seisiún parlaiminte atá le teacht. 

Ag labhairt dó i ndiaidh an fhógra, dúirt an Príomh-Aoire:

“Taispeánann na Billí atáimid a léiriú go bhfoilseofar iad sa seisiún amach romhainn an obair leanúnach  ar fud na Ranna Rialtais mar a leanaimid ag treorú na hÉireann i rith na tréimhse crua sa gheilleagar baile agus domhanda.

Ag tógáil ar ár n-aschur láidir de phríomhreachtaíocht sa seisiún Dála deireanach, tá súil agam go leanfar leis sin idir seo agus an Bhliain Nua.

Cabhróidh go leor de na Billí atá liostaithe d’fhoilsiú sa seisiún Dála agus Seanaid amach romhainn chun pobail agus saoránaigh a chosaint.

Cabhróidh príomhphíosaí reachtaíochta i réimsí ar nós Dlí agus Cirt agus Comhshaol leis an gcaighdeán saoil in Éirinn a fheabhsú.    Áirítear ar Phríomhbhillí i liosta an lae inniu:

An Bille um Áiseanna Saothair (Leasú)

An Bille um Núise Torann

An Bille um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Sampláil)

Beidh an seisiún Dála atá le teacht mar thréimhse thábhachtach ag Éirinn agus í ag filleadh ar fhás eacnamaíoch. Táim muiníneach go mbeidh tacaíocht na Dála agus Sheanad Éireann againn do na príomhphíosaí reachtaíochta seo.  Tá an liosta den reachtaíocht atá geallta mar snáithe eile maidir lenar n-aisghabháil eacnamaíoch  san fhadtéarma”.

CRÍOCH

16 Meán Fómhair, 2009