BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Fógraíonn an Rialtas go bhfuil sé i gceist aige díospóireacht réamhbhuiséid a thionóil

 

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais Pat Carey tráthnóna go gcuirfear am go leataobh do gach taobh den Dáil chun cur le díospóireacht réamhbhuiséid an 17 Samhain tar éis fhoilsiú an Léargais RéamhBhuiséid ag an Aire.

Dúirt an tAire Carey, “Ar feitheamh chomhaontú leis na hAoirí Freasúra, molann an Rialtas go gcuirfí am go leataobh chun na roghanna eacnamaíochta atá ar fáil sa Bhuiséad a phlé”.

“I ndiaidh tuairimí le déanaí ó chomhaltaí Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre maidir leis an ngá atá ann an t-easnamh a ghearradh €4 billiún an bhliain seo chugainn, tá paraiméadair na díospóireachta soiléir.  Éistfidh an Rialtas le dearcaí agus anailís ó gach speictream polaitiúil ar chonas ar féidir le hÉirinn filleadh ar fhás agus ar chruthú post. “

“Ba chóir go gcuideoidh roinnt tuarascálacha an réimse iomlán roghanna eacnamaíochta atá ar fáil don Rialtas chun an Buiséad a cheapadh a sholáthar do Theachtaí. Áirítear sna tuarascálacha sin Tuarascáil OECD an lae inniu, Tuarascáil an Choimisiúin ar Chánachas agus an Tuarascáil ar Uimhreacha Seirbhíse Poiblí agus ar Chláir Chaiteachais.”

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Pádraig Slyne - 087 2239341