BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

An Taoiseach chun freastal ar an gComhairle Eorpach

 

Freastalóidh an Taoiseach Brian Ó Comhain T.D. Uasal, i dteannta an Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin T.D. Uasal, agus an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Dick Roche, T.D. Uasal, ar an gComhairle Eorpach sa mBruiséil amárach agus Dé hAoine.

Beidh sé seo ar an gcéad chruinniú den Chomhairle Eorpach ó vótáil muintir na hÉireann go cinnte i bhfabhar Chonradh Liospóin an 2 Deireadh Fómhair agus beidh sé ar an gcéad uair ag Brian Ó Comhain freastal ar an gComhairle Eorpach mar Thaoiseach gan seasamh na hÉireann i leith an Chonartha a bheith mar phríomhfhachtóir. Tháinig daingniú na hÉireann ar an gConradh i gcríoch Dé hAoine seo caite nuair a taisceadh an ionstraim daingnithe sa Róimh. Tá aird anois ar Phoblacht na Seice atá ar an t-aon Bhallstát nach bhfuil daingniú déanta aige go fóill. Breithneoidh an Chomhairle Eorpach iarratas ar lámhaltas ó hUachtarán Phoblach na Seice, Vaclav Klaus, maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Tá Cúirt Bhunreachtúla na Seice chun rialú ar leithligh ar an gConradh Dé Máirt an 3 Samhain.

Tapóidh an Taoiseach an deis an Chomhairle seo a úsáid chun mian na hÉireann a bheith ag croílár Pholasaí na hEorpa a athdhearbhú.

Pléifidh an Chomhairle athrú aeráide chomh maith, lena n-áirítear ullmhúchán do Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide i mí na Nollag. Leag an Taoiseach béim ar an tábhacht a bhaineann le comhaontú domhanda cóir agus éifeachtach a bhaint amach chun an domhan a chosaint in gcoinne téamh domhanda.

Breithneoidh an Chomhairle cúrsaí eacnamaíochta agus airgeadais i ndiaidh chruinnithe an G20 i Pittsburgh, chomh maith le hinimirce mídhleathach ó lasmuigh den AE.

CRÍOCH